EUR-Lex Access to European Union law
This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 62022TN0763
Case T-763/22: Action brought on 7 December 2022 — Kesaev v Council
Cás T-763/22: Caingean arna tabhairt an 7 Nollaig 2022 – Kesaev v an Chomhairle
Cás T-763/22: Caingean arna tabhairt an 7 Nollaig 2022 – Kesaev v an Chomhairle
IO C 35, 30.1.2023, p. 78–79
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
30.1.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 35/78 |
Caingean arna tabhairt an 7 Nollaig 2022 – Kesaev v an Chomhairle
(Cás T-763/22)
(2023/C 35/98)
Teanga an cháis: an Ollainnis
Páirtithe
Iarratasóir: Igor Albertovich Kesaev (Usovo, an Rúis) (ionadaithe: R. Moeyersons agus A. De Jonge, Dlíodóirí)
Cosantóir: Comhairle an Aontais Eorpaigh
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
— |
Cinneadh (CBES) 2022/1530 (1) ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2022 lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin, arna chur chun feidhme ag Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1529 (2) ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2022 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin, a chur ar neamhní, a mhéid a bhaineann leis an iarratasóir; síneadh na smachtbhannaí aonair i leith an iarratasóra a chur ar ceal agus an t-iarratasóir a bhaint den liosta in Iarscríbhinn 1 de Rialachán Uimh. 269/2014 (3); |
— |
a ordú don Chomhairle na costais a íoc. |
Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí
Tá an chaingean bunaithe ar na forais a leanas:
1. |
An chéad saincheist dlí: Tá na cúiseanna chun an t-iarratasóir a chur ar an liosta smachtbhannaí mícheart de réir na bhfíoras nó ní bhaineann siad le hábhar.
|
2. |
An dara saincheist dlí: Níor éisteadh an t-iarratasóir agus níor cuireadh ar an eolas i gceart é – sárú ar an gceart chun triail chóir a fháil. |
3. |
An tríú saincheist dlí: Sáraítear an Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh tríd an t-iarratasóir a chur ar an liosta smachtbhannaí – Sárú ar Airteagail 6, 8, 16 agus 17, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 52, den Chairt. |
4. |
An ceathrú saincheist dlí: Tá an téarmaíocht atá in úsáid i gCinneadh (CBES) Uimh. 2022/329 (4) chomh doiléir sin go ndéantar an Cinneadh a chur i bhfeidhm go treallach – Sárú ar phrionsabal na deimhneachta dlíthiúla. |
5. |
An cúigiú saincheist dlí: Tá na smachtbhannaí bunaithe ar idirdhealú. Ní fhorchuirtear smachtbhannaí ar dhaoine i gcásanna inchomparáide agus ní fhorchuirtear smachtbhannaí ar an iarratasóir ach toisc (1) gur duine saibhir é, (2) atá neodrach ó thaobh na polaitíochta de agus (3) gur fear gnó Rúiseach é. |
6. |
An séú saincheist dlí: Ní mór a ordú don Chomhairle na costais a íoc, ar aon chaoi, ós rud é go raibh an t-iarratasóir den tuairim go raibh air na himeachtaí seo a thionscnamh toisc nach bhfuil an Chomhairle tar éis tabhairt faoina iarraidh ar athbhreithniú. |
(3) Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 ón gComhairle an 17 Márta 2014 maidir le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO 2014 L 78, lch. 6).
(4) Cinneadh (CBES) 2022/329 ón gComhairle an 25 Feabhra 2022 lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO 2022 L 50, lch. 1).