This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 62022TN0591
Case T-591/22: Action brought on 23 September 2022 — Polaroid IP v EUIPO — Klimeck (Representation of a square in a rectangle)
Cás T-591/22: Caingean arna tabhairt an 23 Meán Fómhair 2022 – Polaroid IP v EUIPO – Klimeck (Léiriú ar chearnóg i ndronuilleog)
Cás T-591/22: Caingean arna tabhairt an 23 Meán Fómhair 2022 – Polaroid IP v EUIPO – Klimeck (Léiriú ar chearnóg i ndronuilleog)
IO C 441, 21.11.2022, p. 22–23
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
21.11.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 441/22 |
Caingean arna tabhairt an 23 Meán Fómhair 2022 – Polaroid IP v EUIPO – Klimeck (Léiriú ar chearnóg i ndronuilleog)
(Cás T-591/22)
(2022/C 441/30)
Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: Polaroid IP BV (Amstardam, an Ísiltír) (ionadaí: G. Vos, Dlíodóir)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)
Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Thomas Klimeck (Kevelaer, an Ghearmáin)
Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO
Dílseánach an trádmhairc atá faoi cheist: Iarratasóir os comhair na Cúirte Ginearálta
Trádmharc atá faoi cheist: Marc fíortha (Léiriú ar chearnóg i ndronuilleog) de chuid an Aontais Eorpaigh – Trádmharc Uimh. 16 217 267 den Aontas Eorpach
Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí cúlghairme
An cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gCeathrú Bord Achomhairc de EUIPO an 30 Meitheamh 2022 i gCás R 1646/2021-4
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
— |
an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní; |
— |
an cás a tharchur chuig an Rannán Cúlghairme; |
— |
a ordú do EUIPO costais an iarratais seo a íoc agus a ordú do Klimeck costais na n-imeachtaí os comhair an Rannáin Cúlghairme agus an Bhoird Achomhairc a íoc. |
Saincheisteanna dlí
— |
Sárú ar Airteagal 7(1)(b) de Rialachán (AE) Uimh. 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. |