This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 62022TN0534
Case T-534/22: Action brought on 30 August 2022 — Belarusian Potash Company v Council
Cás T-534/22: Caingean arna tabhairt an 30 Lúnasa 2022 – Belarusian Potash Company v an Chomhairle
Cás T-534/22: Caingean arna tabhairt an 30 Lúnasa 2022 – Belarusian Potash Company v an Chomhairle
IO C 389, 10.10.2022, p. 23–24
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
10.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 389/23 |
Caingean arna tabhairt an 30 Lúnasa 2022 – Belarusian Potash Company v an Chomhairle
(Cás T-534/22)
(2022/C 389/26)
Teanga an cháis: An Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: Belarusian Potash Company AAT (Mionsc, an Bhealarúis) (ionadaí: V. Ostrovskis, Dlíodóir)
Cosantóir: Comhairle an Aontais Eorpaigh
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
— |
Cinneadh Cur Chun Feidhme (CBES) 2022/881 ón gComhairle an 3 Meitheamh 2022 lena gcuirtear chun feidhme Cinneadh 2012/642/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhealarúis agus rannpháirtíocht na Bealarúise san fhogha arna thabhairt ag an Rúis faoin Úcráin (1) a chur ar neamhní, a mhéid a bhaineann sé leis an iarratasóir; |
— |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/876 ón gComhairle an 3 Meitheamh 2022 lena gcuirtear chun feidhme Airteagal 8a(1) de Rialachán (CE) Uimh. 765/2006 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhealarúis agus rannpháirtíocht na Bealarúise san fhogha arna thabhairt ag an Rúis faoin Úcráin (2) a chur ar neamhní, a mhéid a bhaineann sé leis an iarratasóir (le chéile, “na hAchtanna a chonspóidtear”); agus |
— |
a ordú don Chomhairle costais agus caiteachais iomlána na n-imeachtaí a íoc, lena n-áirítear iad siúd a thabhaigh an t-iarratasóir maidir lena chosaint. |
Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí
Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir ceithre shaincheist dlí.
1. |
An chéad saincheist dlí lena líomhnaítear go sáraítear prionsabal na dlíthiúlachta leis na hAchtanna a chonspóidtear.
|
2. |
An dara saincheist dlí lena líomhnaítear sárú ar an gceart chun cosaint bhreithiúnach éifeachtach a fháil agus an oibleagáid cúiseanna a lua. |
3. |
An tríú saincheist dlí lena líomhnaítear earráid fhollasach measúnaithe.
|
4. |
An ceathrú saincheist dlí lena líomhnaítear sárú ar phrionsabal na comhréireachta. |