This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 62022TN0307
Case T-307/22: Action brought on 24 May 2022 — A2B Connect and Others v Council
Cás T-307/22: Caingean arna tabhairt an 24 Bealtaine 2022 – A2B Connect agus páirtithe eile v an Chomhairle
Cás T-307/22: Caingean arna tabhairt an 24 Bealtaine 2022 – A2B Connect agus páirtithe eile v an Chomhairle
IO C 276, 18.7.2022, p. 17–17
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
18.7.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 276/17 |
Caingean arna tabhairt an 24 Bealtaine 2022 – A2B Connect agus páirtithe eile v an Chomhairle
(Cás T-307/22)
(2022/C 276/24)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóirí: A2B Connect BV (Purmerend, an Ísiltír), BIT BV (Ede, an Ísiltír), Freedom Internet BV (Amstardam, an Ísiltír) (ionadaí: L. Oranje, Dlíodóir)
Cosantóir: Comhairle an Aontais Eorpaigh
An t-ordú atá á lorg
Iarrann na hiarratasóirí ar an gCúirt Ghinearálta:
— |
Rialachán (AE) 2022/350 ón gComhairle an 1 Márta 2022 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine (1) agus Cinneadh (CBES) 2022/351 ón gComhairle an 1 Márta 2022 lena leasaítear Cinneadh 2014/512/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine (2) a chur ar neamhní de bhun Airteagal 263 CFAE; agus |
— |
a ordú don chosantóir na costais a íoc. |
Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí
Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir trí shaincheist dlí.
1. |
An chéad saincheist dlí, lena n-éilítear nach dtugtar le hAirteagal 29 CAE ná le hAirteagal 215 CFAE bunús dleathach don chinneadh a chonspóidtear ná don rialachán a chonspóidtear, faoi seach, agus/nó gur ghníomhaigh an cosantóir lasmuigh dá inniúlacht mar atá cumhdaithe sna Conarthaí, go háirithe Teideal V CAE. |
2. |
An dara saincheist dlí, lena n-éilítear go sáraítear leis an rialacháin a chonspóidtear agus an cinneadh a chonspóidtear Airteagal 11 agus Airteagal 52 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. |
3. |
An tríú saincheist dlí, lena n-éilítear go sáraítear leis an rialacháin a chonspóidtear agus an cinneadh a chonspóidtear Airteagal 41 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh agus gurb ionann iad agus sárú ar rialacha dlí a bhaineann le cur i bhfeidhm na gConarthaí, go háirithe prionsabail ghinearálta an dea-riaracháin. |