This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 62022TN0191
Case T-191/22: Action brought on 12 April 2022 — Société générale v ECB
Cás T-191/22: Caingean arna tabhairt an 12 Aibreán 2022 – Société générale v BCE
Cás T-191/22: Caingean arna tabhairt an 12 Aibreán 2022 – Société générale v BCE
IO C 213, 30.5.2022, p. 47–48
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
IO C 213, 30.5.2022, p. 45–46
(GA)
30.5.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 213/45 |
Caingean arna tabhairt an 12 Aibreán 2022 – Société générale v BCE
(Cás T-191/22)
(2022/C 213/66)
Teanga an cháis: an Fhraincis
Páirtithe
Iarratasóir: Société générale (Páras, an Fhrainc) (ionadaithe: A. Gosset-Grainville, M. Trabucchi agus M. Dalon, Dlíodóirí)
Cosantóir: An Banc Ceannais Eorpach
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
— |
Mír 1.6 agus míreanna 3.6.1 go 3.6.8 de Chinneadh BCE Uimh. ECB-SSM-2022-FRSOG-7 (mar aon leis na hiarscríbhinní) an 2 Feabhra 2022 a chur ar neamhní a mhéid a bhforordaítear iontu bearta a bheidh le glacadh maidir le gealltanais íocaíochta neamh-inchúlghairthe a bhaineann le scéimeanna ráthaíochta taiscí nó cistí réitigh; |
— |
a ordú don chosantóir na costais go léir a íoc; |
— |
beart eagrúcháin nós imeachta a ghlacadh, de bhun Airteagail 88 agus 89 de na Rialacha Nós Imeachta, arb aidhm dó go gcuirfidh BCE na cinntí in iúl a bhaineann leis na gealltanais íocaíochta neamh-inchúlghairthe arna nglacadh i ndáil le hinstitiúidí baincéireachta eile le haghaidh 2021, go háirithe na cinn sin a bhaineann le hinstitiúidí baincéireachta eile na Fraince. |
Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí.
Mar thaca leis an gcaingean, tá an t-iarratasóir ag brath ar cheithre shaincheist dlí atá comhionann nó cosúil leo siúd a ardaíodh i gCás T-186/22 BNP Paribas v BCE.