Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62022TN0135

    Cás T-135/22: Caingean arna tabhairt an 11 Márta 2022 – Deckers Outdoor v EUIPO – Chunxian (TULEUGG)

    IO C 198, 16.5.2022, p. 51–51 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
    IO C 198, 16.5.2022, p. 35–36 (GA)

    16.5.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 198/35


    Caingean arna tabhairt an 11 Márta 2022 – Deckers Outdoor v EUIPO – Chunxian (TULEUGG)

    (Cás T-135/22)

    (2022/C 198/75)

    Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Béarla

    Páirtithe

    Iarratasóir: Deckers Outdoor Corp. (Goleta, California, Stáit Aontaithe Mheiriceá) (ionadaithe: A. Improda agus C. Brega, Dlíodóirí)

    Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)

    Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Guo Chunxian (Mengzhou, an tSín)

    Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO

    Iarratasóir an trádmhairc faoi cheist: Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc

    Trádmharc atá faoi cheist: Iarratas ar fhocalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh TULEUGG – Iarratas ar chlárú Uimh. 18 156 704

    Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí freasúra

    Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gCúigiú Bord Achomhairc de EUIPO an 17 Nollaig 2021 i gCás R 412/2021-5

    An t-ordú atá á lorg

    Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

    an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní agus ar ceal;

    agus mar thoradh ar sin, diúltú don iarratas ar chlárú Uimh. 18 156 704 don trádmharc TULEUGG;

    a ordú do EUIPO agus/nó don Uasal Chunxian na costais dlí a bhaineann leis na himeachtaí reatha, chomh maith leis na cinn sin a bhaineann le himeachtaí roimhe seo os comhair an Rannáin Freasúra agus an Cúigiú Bord Achomhairc a íoc.

    Saincheisteanna dlí arna maíomh

    Sárú ar Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;

    Sárú ar Airteagal 8(5) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.


    Top