Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62022TN0087

    Cás T-87/22: Caingean arna tabhairt an 17 Feabhra 2022 – Hahn Rechtsanwälte v an Coimisiún

    IO C 165, 19.4.2022, p. 38–39 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
    IO C 165, 19.4.2022, p. 32–33 (GA)

    19.4.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 165/32


    Caingean arna tabhairt an 17 Feabhra 2022 – Hahn Rechtsanwälte v an Coimisiún

    (Cás T-87/22)

    (2022/C 165/46)

    Teanga an cháis: an Ghearmáinis

    Páirtithe

    Iarratasóir: Hahn Rechtsanwälte PartG mbB (Bremen, an Ghearmáin) (ionadaí: K. Künstner, Dlíodóir)

    Cosantóir: An Coimisiún Eorpach

    An t-ordú atá á lorg

    Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

    Cinneadh an Choimisiúin Eorpaigh C(202l) 9326 final an 7 Nollaig 2021 a neamhniú;

    A ordú don Choimisiún Eorpach costais na n-imeachtaí a íoc.

    Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

    Bunaítear an t-iarratas ar thrí shaincheist dlí:

    1.

    An chéad saincheist: Cúis ar bith ann leis an diúltú faoi Airteagal 4(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 (1)

    Níor léirigh an Coimisiún aon leasanna tráchtála, de réir bhrí Airteagal 4(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001, ar fiú iad a chosaint i ndáil leis na páirtithe in imeachtaí cairtéil AT.40178 – Astaíochtaí ó ghluaisteáin agus níor thug sé faoi scrúdú ar bhonn cás ar chás.

    Ní féidir leis an gCoimisiún brath ar an gcosaint maidir le himscrúduithe toisc go mbaineann sé le himscrúdú maidir le cairtéal a bhfuil clabhsúr curtha leis agus a raibh cinneadh críochnaitheach leis agus níor thug an Coimisiún faoi scrúdú ar bhonn cás ar chás ach an oiread.

    Braitheann an Coimisiún ar an toimhde ghinearálta maidir le neamhnochtadh, cé nach gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar síos leis an gcéad agus/nó an tríú fleasc d’Airteagal 4(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 agus cuirtear, mar thoradh air sin, an gaol idir riail agus eisceacht maidir leis an gceart rochtana bunoscionn, ar bhealach mídhleathach.

    2.

    An dara saincheist: Leas sáraitheach poiblí i nochtadh de réir bhrí Airteagal 4(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001

    Is go héagórach nár ghlac an Coimisiún leis go raibh leas sáraitheach poiblí de réir bhrí Airteagal 4(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ann.

    Is léir go raibh sárú ar leas an phobail sa chás seo, ós rud é gur bhain na comhaontuithe frithiomaíocha leis na feistí sáraithe i ngluaisteáin paisinéirí agus go raibh drochthionchar ag astaíochtaí ocsaíde nítrigine iomarcacha ar an tsláinte phoiblí, ar an gcomhshaol agus ar an aeráid.

    De réir chinntí na Gníomhaireachta Eorpaí Comhshaoil (EEA), gach bliain sa Ghearmáin amháin cailltear tuairim is 12 800 duine mar thoradh ar aerthruailliú ó NO2.

    3.

    An tríú saincheist: Scrúdú sonrach ar bith ann maidir le rochtain pháirteach faoi Airteagal 4(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001

    Ní dhearna an Coimisiún scrúdú sonrach a dóthain cé acu an cóir, mar mhalairt, rochtain pháirteach a thabhairt ar an gcomhad i gcomhréir le hAirteagal 4(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001.

    Ní raibh aon scrúdú ann i dtaobh an bhféadtar beart is lú srian maidir leis an gceart rochtana a ghlacadh i leith an iarratasóra.


    (1)  Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2001 maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid de chuid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin (IO 2001 L 145, lch. 43).


    Top