EUR-Lex Access to European Union law
This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 62022TB0528
Case T-528/22 R: Order of the President of the General Court of 11 November 2022 — Belaruskali v Council (Interim relief — Common foreign and security policy — Restrictive measures in view of the situation in Belarus and the involvement of Belarus in the Russian aggression against Ukraine — Application for suspension of operation of a measure — No urgency)
Cás T-528/22 R: Ordú Uachtarán na Cúirte Ginearálta an 11 Samhain 2022 – Belaruskali v an Chomhairle (Bearta eatramhacha – An comhbheartas eachtrach agus slándála – Bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhealarúis agus rannpháirtíocht na Bealarúise in ionsaí na Rúise i gcoinne na hÚcráine – Iarratas ar oibriú ordaithe a fhionraí – Easpa práinne)
Cás T-528/22 R: Ordú Uachtarán na Cúirte Ginearálta an 11 Samhain 2022 – Belaruskali v an Chomhairle (Bearta eatramhacha – An comhbheartas eachtrach agus slándála – Bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhealarúis agus rannpháirtíocht na Bealarúise in ionsaí na Rúise i gcoinne na hÚcráine – Iarratas ar oibriú ordaithe a fhionraí – Easpa práinne)
IO C 24, 23.1.2023, p. 41–42
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
23.1.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 24/41 |
Ordú Uachtarán na Cúirte Ginearálta an 11 Samhain 2022 – Belaruskali v an Chomhairle
(Cás T-528/22 R)
(Bearta eatramhacha - An comhbheartas eachtrach agus slándála - Bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhealarúis agus rannpháirtíocht na Bealarúise in ionsaí na Rúise i gcoinne na hÚcráine - Iarratas ar oibriú ordaithe a fhionraí - Easpa práinne)
(2023/C 24/57)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: Belaruskali AAT (Soligorsk, an Bhealarúis) (ionadaí: V. Ostrovskis, Dlíodóir)
Cosantóir: Comhairle an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: J. Rurarz, B. Driessen agus A. Boggio-Tomasaz, Gníomhairí)
Ábhar
Lena iarratas atá bunaithe ar Airteagail 278 agus 279 CFAE, iarrann an t-iarratasóir, go gcuirfí ar fionraí Cinneadh Cur Chun Feidhme (CBES) 2022/881 ón gComhairle an 3 Meitheamh 2022 lena gcuirtear chun feidhme Cinneadh 2012/642/CBES maidir le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhealarúis agus rannpháirtíocht na Bealarúise in ionsaí na Rúise i gcoinne na hÚcráine (IO 2022 L 153, lch. 77), a mhéid a bhaineann an cinneadh sin leis an iarratasóir, agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/876 ón gComhairle an 3 Meitheamh 2022 lena gcuirtear chun feidhme Airteagal 8(1)(a) de Rialachán (CE) Uimh. 765/2006 maidir le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhealarúis agus rannpháirtíocht na Bealarúise in ionsaí na Rúise i gcoinne na hÚcráine (IO 2022 L 153, lch. 1) a mhéid a bhaineann an rialachán sin leis an iarratasóir.
An chuid oibríochtúil
1) |
Diúltaítear don iarratas ar bhearta eatramhacha. |
2) |
Forchoimeádtar na costais. |