This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 62022TB0111
Case T-111/22: Order of the General Court of 14 December 2022 — Baert v Commission (Civil service — Retirement pension — Pension rights acquired before entry into the service of the European Union — Transfer to the EU scheme — Crediting of additional years of pensionable service — Action for annulment — Request for repayment of transferred capital which has not given rise to a crediting of additional years — Time limit for complaints — Unjust enrichment — Manifest inadmissibility)
Cás T-111/22: Ordú na Cúirte Ginearálta an 14 Nollaig 2022 – Baert v an Coimisiún (Seirbhís shibhialta – Pinsean scoir – Cearta pinsin a fuarthas roimh dhul isteach i seirbhís an Aontais Eorpaigh – Aistriú chuig scéim AE – Blianta breise de sheirbhís inphinsin a chreidiúnú – Caingean le haghaidh neamhniú – Iarratas ar aisíocaíocht an chaipitil aistrithe nach bhfuil blianta breise sochair tagtha chun cinn dá bharr – Teorainn ama chun gearán a dhéanamh – Saibhriú éagórach – Do-ghlacthacht fhollasach)
Cás T-111/22: Ordú na Cúirte Ginearálta an 14 Nollaig 2022 – Baert v an Coimisiún (Seirbhís shibhialta – Pinsean scoir – Cearta pinsin a fuarthas roimh dhul isteach i seirbhís an Aontais Eorpaigh – Aistriú chuig scéim AE – Blianta breise de sheirbhís inphinsin a chreidiúnú – Caingean le haghaidh neamhniú – Iarratas ar aisíocaíocht an chaipitil aistrithe nach bhfuil blianta breise sochair tagtha chun cinn dá bharr – Teorainn ama chun gearán a dhéanamh – Saibhriú éagórach – Do-ghlacthacht fhollasach)
IO C 63, 20.2.2023, p. 51–52
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
20.2.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 63/51 |
Ordú na Cúirte Ginearálta an 14 Nollaig 2022 – Baert v an Coimisiún
(Cás T-111/22) (1)
(Seirbhís shibhialta - Pinsean scoir - Cearta pinsin a fuarthas roimh dhul isteach i seirbhís an Aontais Eorpaigh - Aistriú chuig scéim AE - Blianta breise de sheirbhís inphinsin a chreidiúnú - Caingean le haghaidh neamhniú - Iarratas ar aisíocaíocht an chaipitil aistrithe nach bhfuil blianta breise sochair tagtha chun cinn dá bharr - Teorainn ama chun gearán a dhéanamh - Saibhriú éagórach - Do-ghlacthacht fhollasach)
(2023/C 63/67)
Teanga an cháis: an Fhraincis
Páirtithe
Iarratasóir: Rhonny Baert (Deinze, an Bheilg) (ionadaithe: D. Grisay agus A. Ansay, Dlíodóirí)
Cosantóir: an Coimisiún Eorpach (ionadaithe: B. Mongin, M. Brauhoff agus L. Radu Bouyon, Gníomhairí)
Idiragraithe chun tacú leis na cosantóirí: Parlaimint na hEorpa (ionadaithe: J. Van Pottelberge agus M. Windisch, Gníomhairí), Comhairle an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: M. Bauer agus I. Demoulin, Gníomhairí)
Ábhar
Trína chaingean de bhun Airteagal 270 CFAE, iarann an t-iarratasóir, go bunúsach, go príomha, ar an gcéad dul síos, an cinneadh intuigthe líomhnaithe ón gCoimisiún Eorpach an 28 Feabhra 2022 ag diúltú dá ghearán a mhéid is go mbaineann sé le neamhniú fhógra an 21 Nollaig 2016 maidir le cinneadh a cheart pinsin scoir a chur ar neamhní agus, ar an dara dul síos, a chás a tharchur chuig údarás ceapacháin an Choimisiúin chun an méid a bheidh le haisíoc leis a chinneadh agus, mar mhalairt air sin, a ordú don Choimisiún suim EUR 31 066,80 a íoc, ar fhoras an tsaibhrithe éagóraigh lena mbaineann.
An chuid oibríochtúil
1. |
Diúltaítear don chaingean as í a bheith do-ghlactha go follasach. |
2. |
Ordaítear don Uasal Rhonny Baert a chostais féin agus costais an Choimisiúin Eorpaigh a íoc. |
3. |
Íocfaidh Parlaimint na hEorpa agus Comhairle an Aontais Eorpaigh a gcostas féin. |