Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62022TA0621

Cás T-621/22: Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 13 Nollaig 2023 – SB v SEGS (Seirbhís shibhialta – Foireann SEGS – Earcaíocht – Fógra folúntais – Beart uainíochta – Iarratas a dhiúltú – Airteagal 98(1) de na Rialacháin Foirne – Airteagal 2(e) de na Coinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile – Earráid fhollasach measúnaithe – Ionchas dlisteanach – Cóir chomhionann – Mí-úsáid chumhachta – Dliteanas – Damáistí ábhartha agus neamhábhartha)

IO C, C/2024/1415, 19.2.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/1415/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/1415/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2024/1415

19.2.2024

Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 13 Nollaig 2023 – SB v SEGS

(Cás T-621/22) (1)

(Seirbhís shibhialta - Foireann SEGS - Earcaíocht - Fógra folúntais - Beart uainíochta - Iarratas a dhiúltú - Airteagal 98(1) de na Rialacháin Foirne - Airteagal 2(e) de na Coinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile - Earráid fhollasach measúnaithe - Ionchas dlisteanach - Cóir chomhionann - Mí-úsáid chumhachta - Dliteanas - Damáistí ábhartha agus neamhábhartha)

(C/2024/1415)

Teanga an cháis: an Fhraincis

Páirtithe

Iarratasóir: SB (ionadaithe: L. Burguin, T. Bontinck agus A. Guillerme, Dlíodóírí)

Cosantóir: An tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí (ionadaithe: S. Falek, A. Ireland agus R. Coesme, i gcáil Gníomhairí)

Ábhar

Lena chaingean faoi Airteagal 270 CFAE, iarrann an t-iarratasóir cúiteamh as na damáistí ábhartha agus neamhábhartha ar bhain dó mar gheall, ar an gcéad dul síos, ar chinntí an 10 Samhain 2021 ó údarás na Seirbhíse Eorpaí Gníomhaíochta Seachtraí (SEGS) a bhfuil sé de chumhacht aige conarthaí fostaíochta a thabhairt i gcrích (‘ÚCCFTC’), ar cinntí iad lenar diúltaíodh dá iarratas ar na poist mar [faoi rún], rud ar daingníodh agus a forlíonadh le litir ó ÚCCFTC an 1 Feabhra 2022 agus, ar an dara dul síos, ar mhí-iompar líomhainte SEGS i ndáil leis na cinntí sin.

An chuid oibríochtúil

1.

Diúltaítear don chaingean.

2.

Ordaítear do SB na costais a íoc.


(1)   IO C 441, 21.11.2022.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/1415/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)


Top