This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 62022TA0402
Case T-402/22: Judgment of the General Court of 23 October 2024 – DZ Hyp v SRB (Contributions ex ante 2022) (Economic and monetary union – Banking union – Single Resolution Mechanism for credit institutions and certain investment firms (SRM) – Single Resolution Fund (SRF) – Decision of the SRB on the calculation of the ex ante contributions for the 2022 contribution period – Article 70(2) of Regulation (EU) No 806/2014 – Error of law – Limitation of the temporal effects of the judgment)
Cás T-402/22: Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 23 Deireadh Fómhair 2024 – DZ Hyp v BRA (Ranníocaíochtaí ex ante 2022) (Aontas eacnamaíoch agus airgeadaíochta – Aontas Baincéireachta – Sásra Réitigh Aonair le haghaidh institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta áirithe (SRA) – Ciste Réitigh Aonair (CRA) – Cinneadh BRA maidir le ríomh na ranníocaíochtaí le haghaidh 2022 – Airteagal 70(2) de Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 – Earráid dlí – Éifeachtaí an bhreithiúnais a theorannú ó thaobh ama de)
Cás T-402/22: Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 23 Deireadh Fómhair 2024 – DZ Hyp v BRA (Ranníocaíochtaí ex ante 2022) (Aontas eacnamaíoch agus airgeadaíochta – Aontas Baincéireachta – Sásra Réitigh Aonair le haghaidh institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta áirithe (SRA) – Ciste Réitigh Aonair (CRA) – Cinneadh BRA maidir le ríomh na ranníocaíochtaí le haghaidh 2022 – Airteagal 70(2) de Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 – Earráid dlí – Éifeachtaí an bhreithiúnais a theorannú ó thaobh ama de)
IO C, C/2024/7320, 16.12.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/7320/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2024/7320 |
16.12.2024 |
Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 23 Deireadh Fómhair 2024 – DZ Hyp v BRA (Ranníocaíochtaí ex ante 2022)
(Cás T-402/22) (1)
(Aontas eacnamaíoch agus airgeadaíochta - Aontas Baincéireachta - Sásra Réitigh Aonair le haghaidh institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta áirithe (SRA) - Ciste Réitigh Aonair (CRA) - Cinneadh BRA maidir le ríomh na ranníocaíochtaí le haghaidh 2022 - Airteagal 70(2) de Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 - Earráid dlí - Éifeachtaí an bhreithiúnais a theorannú ó thaobh ama de)
(C/2024/7320)
Teanga an cháis: an Ghearmáinis
Páirtithe
Iarratasóir: DZ Hyp AG (Hamburg, an Ghearmáin) (ionadaithe: H. Berger, M. Weber agus D. Schoo, Dlíodóirí)
Cosantóir: An Bord Réitigh Aonair (BRA) (ionadaithe: K.-P. Wojcik, J. Kerlin, T. Wittenberg agus D. Ceran, Gníomhairí, le cúnamh ó H.-G. Kamann agus P. Gey, Dlíodóirí)
Idiragraithe, mar thaca leis an gcosantóir: Parlaimint na hEorpa (ionadaithe: J. Etienne, M. Menegatti agus G. Bartram, Gníomhairí), Comhairle an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: J. Haunold, J. Bauerschmidt agus A. Westerhof Löfflerová, Gníomhairí)
Ábhar
Lena chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfí Cinneadh SRB/ES/2022/18 ón mBord Réitigh Aonair (BRA) an 11 Aibreán 2022 maidir le ríomh na ranníocaíochtaí ex ante 2022 leis an gCiste Réitigh Aonair (CRA) ar neamhní, a mhéid a bhaineann sé leis.
An chuid oibríochtúil
|
1) |
Cuirtear Cinneadh SRB/ES/2022/18 ón mBord Réitigh Aonair (BRA) an 11 Aibreán 2022 maidir le ríomh ranníocaíochtaí ex ante 2022 leis an gCiste Réitigh Aonair (CRA) ar neamhní a mhéid a bhaineann sé le DZ Hyp AG. |
|
2) |
Déantar na héifeachtaí a eascraíonn ó Chinneadh SRB/ES/2022/18 a chothabháil, a mhéid a bhaineann siad le DZ Hyp AG, go dtí go nglacfaidh an BRA na bearta is gá chun an breithiúnas seo a chur chun feidhme, agus laistigh de thréimhse réasúnach ama nach féidir a bheith níos faide ná sé mhí ón dáta a thiocfaidh an breithiúnas seo chun bheith críochnaitheach. |
|
3) |
Ordaítear do BRA a chostais féin agus na costais arna dtabhú ag DZ Hyp AG a íoc. |
|
4) |
Ordaítear do Pharlaimint na hEorpa agus do Chomhairle an Aontais Eorpaigh a gcostais féin a íoc. |
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/7320/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)