This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 62022TA0117
Case T-117/22: Judgment of the General Court of 21 February 2024 — Grodno Azot and Khimvolokno Plant v Council (Common foreign and security policy — Restrictive measures adopted in view of the situation in Belarus — Freezing of funds — Lists of persons, entities and bodies subject to the freezing of funds and economic resources — Inclusion and maintenance of the applicant’s name on the lists — Concept of ‘support for the regime’ — State-owned enterprise — Error of assessment)
Cás T-117/22: Breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 21 Feabhra 2024 – Grodno Azot agus Khimvolokno Plant v an Chomhairle (An comhbheartas eachtrach agus slándála – Bearta sriantacha arna nglacadh i bhfianaise na staide sa Bhealarúis – Reo na gcístí – Liostaí de na daoine, na heintitis agus na comhlachtaí atá arna gcumhdach ag reo na gcistí agus na n-acmhainní eacnamaíocha – Áireamh agus coinneáil ainm an iarratasóra ar na liostaí – An coincheap ‘tacaíocht don réimeas’ – Gnóthas atá faoi úinéireacht Stáit – Earráid mheasúnaithe)
Cás T-117/22: Breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 21 Feabhra 2024 – Grodno Azot agus Khimvolokno Plant v an Chomhairle (An comhbheartas eachtrach agus slándála – Bearta sriantacha arna nglacadh i bhfianaise na staide sa Bhealarúis – Reo na gcístí – Liostaí de na daoine, na heintitis agus na comhlachtaí atá arna gcumhdach ag reo na gcistí agus na n-acmhainní eacnamaíocha – Áireamh agus coinneáil ainm an iarratasóra ar na liostaí – An coincheap ‘tacaíocht don réimeas’ – Gnóthas atá faoi úinéireacht Stáit – Earráid mheasúnaithe)
IO C, C/2024/2428, 8.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/2428/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
C/2024/2428 |
8.4.2024 |
Breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 21 Feabhra 2024 – Grodno Azot agus Khimvolokno Plant v an Chomhairle
(Cás T-117/22) (1)
(An comhbheartas eachtrach agus slándála - Bearta sriantacha arna nglacadh i bhfianaise na staide sa Bhealarúis - Reo na gcístí - Liostaí de na daoine, na heintitis agus na comhlachtaí atá arna gcumhdach ag reo na gcistí agus na n-acmhainní eacnamaíocha - Áireamh agus coinneáil ainm an iarratasóra ar na liostaí - An coincheap ‘tacaíocht don réimeas’ - Gnóthas atá faoi úinéireacht Stáit - Earráid mheasúnaithe)
(C/2024/2428)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóirí: Grodno Azot AAT (Grodno, an Bhealarúis), Khimvolokno Plant (Grodno) (ionadaithe: N. Tuominen agus L. Engelen, Dlíodóirí)
Cosantóir: Comhairle an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: A. Boggio-Tomasaz agus A. Antoniadis, Gníomhairí)
Ábhar
Trína chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfí ar neamhní, ar an gcéad dul síos, Cinneadh Cur Chun Feidhme (CBES) 2021/2125 ón gComhairle an 2 Nollaig 2021 lena gcuirtear chun feidhme Cinneadh 2012/642/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhealarúis (IO 2021 L 430 I, lch. 16), agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2124 ón gComhairle an 2 Nollaig 2021 lena gcuirtear chun feidhme Airteagal 8a(1) de Rialachán (CE) Uimh. 765/2006 a bhaineann le bearta sriantacha gcoinne na Bealarúise (IO 2021 L 430 I, lch. 1), agus, ar an dara dul síos, Cinneadh (CBES) 2023/421 ón gComhairle an 24 Feabhra 2023, lena leasaítear Cinneadh 2012/642/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhealarúis agus rannpháirtíocht na Bealarúise san fhogha arna thabhairt ag an Rúis faoin Úcráin (IO 2023 L 61, lch. 41), agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/419 ón gComhairle an 24 Feabhra 2023 lena gcuirtear chun feidhme Airteagal 8a de Rialachán (CE) Uimh. 765/2006 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhealarúis agus rannpháirtíocht na Bealarúise san fhogha arna thabhairt ag an Rúis faoin Úcráin (IO 2023 L 61, lch. 20), a mhéid a bhaineann na gníomhartha sin leis.
An chuid oibríochtúil
1) |
Diúltaítear don chaingean; |
2) |
Ordaítear do Grodno Azot AAT agus Khimvolokno Plant na costais a íoc, lena n-áirítear na costais sin a bhaineann leis na himeachtaí le haghaidh bearta eatramhacha. |
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/2428/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)