Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62022CN0689

    Cás C-689/22: Iarraidh ar réamhrialú ón Tribunale di Oristano (an Iodáil) arna taisceadh an 9 Samhain 2022 — S. G. v Unione di comununi Alta Marmilla

    IO C 35, 30.1.2023, p. 35–36 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    30.1.2023   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 35/35


    Iarraidh ar réamhrialú ón Tribunale di Oristano (an Iodáil) arna taisceadh an 9 Samhain 2022 — S. G. v Unione di comununi Alta Marmilla

    (Cás C-689/22)

    (2023/C 35/42)

    Teanga an cháis: an Iodáilis

    An chúirt a rinne an tarchur

    Tribunale di Oristano

    Páirtithe sna príomhimeachtaí

    Iarratasóir: S. G.

    Cosantóir: Unione di Comuni Alta Marmilla

    An cheist a tharchuirtear

    An gá Airteagal 31(2) den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh agus Airteagal 7(2) de Threoir 2003/88/CE, a mheastar ar leithligh, a léiriú (1) sa chiall go gcuirtear cosc ar fhorálacha nó ar chleachtais náisiúnta, bunaithe ar chomhlíonadh srianta airgeadais phoiblí, faoinar féidir sochair airgeadais a bhronnadh ar na húdaráis phoiblí, lena n-áirítear foireann bhainistíochta, in ionad saoire a fabhraíodh agus nár tógadh iad tráth foirceanta an chaidrimh?


    (1)  Treoir 2003/88/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Samhain 2003 maidir le gnéithe áirithe d’eagrú ama oibre (IO 2003 L 299, lch. 9).


    Top