Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62022CN0686

    Cás C-686/22: Iarraidh ar réamhrialú ó Verwaltungsgericht Düsseldorf (an Ghearmáin) a taisceadh an 8 Samhain 2022 – M.S. agus S.S. v Stadt Krefeld

    IO C 24, 23.1.2023, p. 31–31 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    23.1.2023   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 24/31


    Iarraidh ar réamhrialú ó Verwaltungsgericht Düsseldorf (an Ghearmáin) a taisceadh an 8 Samhain 2022 – M.S. agus S.S. v Stadt Krefeld

    (Cás C-686/22)

    (2023/C 24/41)

    Teanga an cháis: an Ghearmáinis

    An chúirt a rinne an tarchur

    Verwaltungsgericht Düsseldorf

    Páirtithe sna príomhimeachtaí

    Iarratasóir: M.S., S.S.

    Cosantóir: Stadt Krefeld

    Na ceisteanna a tharchuirtear

    1.

    An gcuirtear bac le hAirteagal 20 CFAE ar riail lena bhforáiltear, i gcás náisiúntacht (gan phribhléid) tríú tír a fháil go saorálach, go gcaillfí, trí fheidhmiú dlí, náisiúntacht an Bhallstáit agus, dá bhrí sin, saoránacht an Aontais, sa chás nach ndéantar scrúdú aonair ar iarmhairtí an chaillteanais sin ach i gcás ina raibh iarratas déanta ag an eachtrannach lena mbaineann cheana féin go ndeonófaí cead dó a náisiúntacht a choimeád agus gur tugadh cinneadh dearfach ar an iarratas sin sula bhfuair sé an náisiúntacht eachtrach?

    2.

    I gcás go dtabharfar freagra diúltach ar Cheist 1: An gcaithfear Airteagal 20 CFAE a léiriú sa chaoi, sna himeachtaí maidir le cead chun an náisiúntacht a choimeád, nach féidir aon choinníoll a leagan síos arbh é an toradh air ná nach mbeadh measúnú ann ar chás ar leith an duine lena mbaineann ná a theaghlaigh i dtaobh iarmhairtí chaillteanas shaoránacht an Aontais nó go gcuirfí an measúnú sin as ionad?


    Top