This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 62022CN0609
Case C-609/22: Request for a preliminary ruling from the Verwaltungsgerichtshof (Austria) lodged on 22 September 2022 — FN
Cás C-609/22: Iarraidh ar réamhrialú ón Verwaltungsgerichtshof (an Ostair) a taisceadh an 22 Meán Fómhair 2022 – FN
Cás C-609/22: Iarraidh ar réamhrialú ón Verwaltungsgerichtshof (an Ostair) a taisceadh an 22 Meán Fómhair 2022 – FN
IO C 15, 16.1.2023, p. 24–25
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
16.1.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 15/24 |
Iarraidh ar réamhrialú ón Verwaltungsgerichtshof (an Ostair) a taisceadh an 22 Meán Fómhair 2022 – FN
(Cás C-609/22)
(2023/C 15/26)
Teanga an cháis: an Ghearmáinis
An chúirt a rinne an tarchur
Verwaltungsgerichtshof
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Achomharcóir ar phointe dlí: FN
Údarás is freagróir: Bundesamt für Fremdenwesen und Asyl (BFA)
Na ceisteanna a tharchuirtear
1. |
An gcaithfear a mheas go bhfuil carnadh beart arna nglacadh, arna dtacú nó arna gcur suas leo i Stát ag gníomhaí rialtais de facto agus arb é atá iontu go háirithe, maidir le mná,
i gcomhréir le hAirteagal 9(1)(b) de Threoir 2011/95/AE (1) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2011 maidir le caighdeáin i dtaca le cáiliú náisiúnach tríú tír nó daoine gan stát mar thairbhithe de chosaint idirnáisiúnta, ar mhaithe le stádas aonfhoirmeach do dhídeanaithe nó do dhaoine atá incháilithe le haghaidh cosanta coimhdí, agus inneachar na cosanta a thugtar (athmhúnlú), dian go leor chun go ndéanfaidh siad difear do bhean ar an gcaoi a leagtar síos in Airteagal 9(1)(a) den Treoir sin? |
2. |
An leor, chun stádas tearmainn a dheonú, go ndéanann na bearta sin sa tír thionscnaimh difear do bhean ar bhonn a hinscne amháin, nó an bhfuil sé riachtanach measúnú a dhéanamh ar a cás aonair d’fhonn a chinneadh an ndéanann na bearta sin – atá le cur san áireamh ina n-iomláine – difear de réir bhrí Airteagal 9(1)(b) de Threoir 2011/95/AE? |