This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 62022CN0606
Case C-606/22: Request for a preliminary ruling from the Naczelny Sąd Administracyjny (Poland) lodged on 20 September 2022 — Dyrektor Izby Administracji Skarbowej w Bydgoszczy v B. sp. j.
Cás C-606/22: Iarraidh ar réamhrialú ón Naczelny Sąd Administracyjny (an Pholainn) a taisceadh an 20 Meán Fómhair 2022 – Dyrektor Izby Administracji Skarbowej w Bydgoszczy v B. sp. j.
Cás C-606/22: Iarraidh ar réamhrialú ón Naczelny Sąd Administracyjny (an Pholainn) a taisceadh an 20 Meán Fómhair 2022 – Dyrektor Izby Administracji Skarbowej w Bydgoszczy v B. sp. j.
IO C 7, 9.1.2023, p. 14–14
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
9.1.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 7/14 |
Iarraidh ar réamhrialú ón Naczelny Sąd Administracyjny (an Pholainn) a taisceadh an 20 Meán Fómhair 2022 – Dyrektor Izby Administracji Skarbowej w Bydgoszczy v B. sp. j.
(Cás C-606/22)
(2023/C 7/17)
Teanga an cháis: an Pholainnis
An chúirt a rinne an tarchur
Naczelny Sąd Administracyjny
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: Dyrektor Izby Administracji Skarbowej w Bydgoszczy
Cosantóir: B. sp. j.
An cheist a tharchuirtear:
An é an léiriú atá le déanamh ar Airteagail 1(2) agus 73 de Threoir 2006/112/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha (1) agus ar phrionsabail na neodrachta, na comhréireachta agus na córa comhionainne ná go gcuirtear cosc leo ar chleachtas ag údaráis náisiúnta cánach a mhéid nach gceadaítear leis an gcleachtas sin coigeartú ar an mbonn cánach CBL agus ar an gcáin aischuir CBL, ar an bhforas nach bhfuil bunús náisiúnta dlí leis agus ar fhoras an saibhrithe éagóraigh, i gcás inar cláraíodh le scipéad airgid na díolacháin earraí agus seirbhísí do thomhaltóirí ar ráta boilscithe CBL agus inar cruthaíodh na díolacháin sin le hadmhálacha scipéid airgid seachas le sonraisc CBL, gan an praghas (luach comhlán an díolacháin) a athrú mar thoradh ar an gcoigeartú sin?
(1) IO 2006 L 347, lch. 1, arna leasú.