EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62022CN0597

Cás C-597/22 P: Achomharc arna thabhairt an 16 Meán Fómhair 2022 ag an gCoimisiún Eorpach i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (an Dara Dlísheomra) a tugadh an 6 Iúil 2022 i gCás T-408/21, HB v an Coimisiún Eorpach

IO C 24, 23.1.2023, p. 20–21 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

23.1.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 24/20


Achomharc arna thabhairt an 16 Meán Fómhair 2022 ag an gCoimisiún Eorpach i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (an Dara Dlísheomra) a tugadh an 6 Iúil 2022 i gCás T-408/21, HB v an Coimisiún Eorpach

(Cás C-597/22 P)

(2023/C 24/29)

Teanga an cháis: an Fhraincis

Páirtithe

Achomharcóir: An Coimisiún Eorpach (ionadaithe: J. Baquero Cruz, J. Estrada de Solà agus B. Araujo Arce, Gníomhairí)

Páirtí eile sna himeachtaí: HB (ionadaí: L. Levi, Dlíodóir)

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-achomharcóir ar an gCúirt Bhreithiúnais:

breithiúnas Chúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh an 6 Iúil 2022 a chur ar neamhní i gCás T-408/21, HB v an Coimisiún, a mhéid a chuireann sí Cinntí C(2021) 3339 final ón gCoimisiún an 5 Bealtaine 2021 agus C(2021) 3340 final ón gCoimisiún an 5 Bealtaine 2021 ar neamhní;

an cás a tharchur ar ais chuig an gCúirt Ghinearálta chun rialú a thabhairt ar tuillteanais na caingne le haghaidh neamhniú;

a ordú do HB na costais a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Chun tacú lena achomharc, tá an Coimisiún ag brath ar shaincheist amháin le haghaidh neamhniú lena n-éilítear earráid dlí.

De réir an Choimisiúin, chinn an Chúirt Ghinearálta go hearráideach gur de chineál conarthach iad Cinntí C(2019) 7318 final agus C(2019) 7319.

Dá bhrí sin, folaíonn aicmiú mícheart chineál conarthach an dá éileamh sin, i gcomhréir le cásdlí ADR (C-584/17), neamhniú éagórach na gCinntí C(2021) 3339 final ón gCoimisiún an 5 Bealtaine 2021 agus C(2021) 3340 final ón gCoimisiún an 5 Bealtaine 2021 , atá ina n-ábhar don achomharc seo.


Top