Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62022CN0567

    Cás C-567/22 P: Achomharc arna thabhairt an 25 Lúnasa 2022 ag Vasile Dumitrescu, Guido Schwarz i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (an tOchtú Dlísheomra) a tugadh an 15 Meitheamh 2022 i gCás T-531/16, Dumitrescu agus Schwarz v an Coimisiún

    IO C 441, 21.11.2022, p. 12–13 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    21.11.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 441/12


    Achomharc arna thabhairt an 25 Lúnasa 2022 ag Vasile Dumitrescu, Guido Schwarz i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (an tOchtú Dlísheomra) a tugadh an 15 Meitheamh 2022 i gCás T-531/16, Dumitrescu agus Schwarz v an Coimisiún

    (Cás C-567/22 P)

    (2022/C 441/17)

    Teanga an cháis: an Fhraincis

    Páirtithe

    Achomharcóirí: Vasile Dumitrescu, Guido Schwarz (ionadaithe: L. Levi, J.-N. Louis, avocats)

    Páirtithe eile sna himeachtaí: an Coimisiún Eorpach, Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh

    An t-ordú atá á lorg

    Iarrann na hachomharcóirí ar an gCúirt Bhreithiúnais:

    breithiúnas Chúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh an 15 Meitheamh 2022 i gCás T-531/16, Dumitrescu agus Schwarz v an Coimisiún a chur ar neamhní;

    an cás seo a bhreithniú í féin agus a chinneadh go raibh bunús maith le caingean an achomharcóra ar an gcéad chéim;

    a ordú don chosantóir na costais go léir a bhaineann leis an gcéad chéim agus leis an achomharc a íoc.

    Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

    Mar thaca leis an achomharc, maíonn na hachomharcóirí trí shaincheist dlí:

    An chéad saincheist dlí lena n-éilítear go ndearnadh sárú ar Airteagal 45 CFAE, gur sháraigh an Chúirt Ghinearálta a hoibleagáid cúiseanna a lua, earráid maidir le haicmiú dlíthiúil agus saobhadh an chomhaid;

    An dara saincheist dlí lena n-éilítear go ndearnadh sárú ar chuspóir Airteagal 8 d’Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh, go ndearnadh sárú ar an bprionsabal ginearálta maidir leis an gceart atá ag oifigeach naisc phearsanta a choinneáil leis an áit ina bhfuil a phríomhleasanna suite, go ndearnadh sárú ar Airteagail 7 agus 8 den Chairt um Chearta Bunúsacha agus go ndearnadh an comhad a saobhadh;

    An triú saincheist dlí lena n-éilítear go ndearnadh sárú ar phrionsabal na córa comhionainne.


    Top