Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62022CN0566

    Cás C-566/22: Iarraidh ar réamhrialú ó Nejvyšší soud (Poblacht na Seice) a taisceadh an 26 Lúnasa 2022 – Inkreal s. r. o. v Dúha reality s. r. o.

    IO C 432, 14.11.2022, p. 12–12 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    14.11.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 432/12


    Iarraidh ar réamhrialú ó Nejvyšší soud (Poblacht na Seice) a taisceadh an 26 Lúnasa 2022 – Inkreal s. r. o. v Dúha reality s. r. o.

    (Cás C-566/22)

    (2022/C 432/14)

    Teanga an cháis: an tSeicis

    An chúirt a rinne an tarchur

    Nejvyšší soud

    Páirtithe sna príomhimeachtaí

    Iarratasóir: Inkreal s. r. o.

    Cosantóir: Dúha reality s. r. o.

    An cheist a tharchuirtear:

    Ó thaobh gné idirnáisiúnta de a bheith ann, atá riachtanach le haghaidh chur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 1215/2012 (1) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2012 maidir le dlínse agus le haithint agus forghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta agus tráchtála, an bhfuil cur i bhfeidhm an rialacháin sin bunaithe go hiomlán ar an bhfíric go n-aontaíonn dhá pháirtí, a bhfuil a suíomh acu sa Bhallstát céanna ar dhlínse, chúirteanna de chuid Ballstáit eile de AE?


    (1)  IO 2012 L 351, lch. 1.


    Top