EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62022CN0558

Cás C-558/22: Iarraidh ar réamhrialú ón Consiglio di Stato (an Iodáil) a taisceadh an 19 Lúnasa 2022 — Autorità di Regolazione per Energia Reti e Ambiente (ARERA) v Fallimento Esperia SpA, Gestore dei Servizi energetici SpA — GSE

IO C 441, 21.11.2022, p. 9–10 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

21.11.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 441/9


Iarraidh ar réamhrialú ón Consiglio di Stato (an Iodáil) a taisceadh an 19 Lúnasa 2022 — Autorità di Regolazione per Energia Reti e Ambiente (ARERA) v Fallimento Esperia SpA, Gestore dei Servizi energetici SpA — GSE

(Cás C-558/22)

(2022/C 441/13)

Teanga an cháis: an Iodáilis

An chúirt a rinne an tarchur

Consiglio di Stato

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: Autorità di Regolazione per Energia Reti e Ambiente (ARERA)

Cosantóir: Fallimento Esperia SpA, Gestore dei Servizi Energetici SpA – GSE

Na ceisteanna a tharchuirtear

An gcuirtear cosc:

le hAirteagal 18 CFAE, a mhéid go dtoirmeasctar aon idirdhealú de bhíthin náisiúntachta laistigh de raon feidhme na gConarthaí leis;

le hAirteagail 28 agus 30 CFAE, a mhéid lena bhforáiltear do dhleachtanna custaim ar allmhairí agus do bhearta comhéifeachta a dhíothú;

le hAirteagal 110 CFAE a mhéid go dtoirmeasctar cánacha ar allmhairí de bhreis ar na cánacha sin a fhorchuirtear go díreach nó go hindíreach ar tháirgí intíre comhchosúla leis;

le hAirteagal 34 CFAE, a mhéid go dtoirmeasctar bearta a ghlacadh a mbeadh an éifeacht chéanna acu le srianta cainníochtúla ar allmhairí leis;

Airteagal 107 agus Airteagal 108 CFAE, a mhéid lena dtoirmeasctar cur i bhfeidhm birt Státchabhrach nár tugadh fógra ina leith don Choimisiún agus nach bhfuil ag luí leis an margadh inmheánach;

Treoir 2009/28/CE (1), a mhéid lena bhféachtar le trádáil i leictreachas glas laistigh den Chomhphobal a chur chun cinn agus le hacmhainneacht táirgeachta na mBallstát aonair a chur chun cinn freisin,

ar dhlí náisiúnta amhail an dlí thuasluaite lena bhforchuirtear muirear airgid ar allmhaireoirí leictreachais ghlais nach bhfuil infheidhme maidir le táirgeoirí intíre an táirge chéanna?


(1)  Treoir 2009/28/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí inathnuaite a chur chun cinn agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear ina dhiaidh sin Treoir 2001/77/CE agus Treoir 2003/30/CE (IO 2009 L 140, lch. 16)


Top