EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62022CN0319

Cás C-319/22: Iarraidh ar réamhrialú ón Landgericht Köln (an Ghearmáin) a taisceadh an 11 Bealtaine 2022 – Gesamtverband Autoteile-Handel eV v Scania CV AB

IO C 340, 5.9.2022, p. 15–16 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

5.9.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 340/15


Iarraidh ar réamhrialú ón Landgericht Köln (an Ghearmáin) a taisceadh an 11 Bealtaine 2022 – Gesamtverband Autoteile-Handel eV v Scania CV AB

(Cás C-319/22)

(2022/C 340/19)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Landgericht Köln

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: Gesamtverband Autoteile-Handel eV

Cosantóir: Scania CV AB

Na ceisteanna a tharchuirtear:

I.

An cumhdaítear leis an gceanglas sa dara habairt d’Airteagal 61(1) de Rialachán (AE) 2018/858 (1) “Cuirfear an fhaisnéis i láthair ar bhealach so-inrochtana i bhfoirm tacair sonraí a bheidh inléite ag meaisín agus a bheidh inphróiseáilte go leictreonach”,

an fhaisnéis ar fad faoi dheisiú agus faoi chothabháil de réir bhrí phointe 48 d’Airteagal 3 den Rialachán sin, an gcuirtear teorainn ar an gceanglas ag “faisnéis faoi pháirteanna spártha” (“[p]áirteanna […] na feithicle […] is féidir a athsholáthar le páirteanna spártha”) de bhun phointe 6.1 d’Iarscríbhinn X a ghabhann leis an Rialachán sin?

II.

Ar cheart an dara habairt d’Airteagal 61(1) de Rialachán (AE) 2018/858, lena gceanglaítear go gcuirfí faisnéis i láthair

“ar bhealach so-inrochtana i bhfoirm tacair sonraí a bheidh inléite ag meaisín agus a bheidh inphróiseáilte go leictreonach”,

agus an dara fomhír d’Airteagal 61(2), lena bhforáiltear, d'oibreoirí neamhspleácha seachas do dheisitheoirí,

“[go d]tabharfar an fhaisnéis, freisin, i bhformáid a bheidh inléite ag meaisín, formáid a fhéadfar a phróiseáil go leictreonach le huirlisí agus le bogearraí teicneolaíochta faisnéise atá ar fáil go coitianta agus lenar ligfear d'oibreoirí neamhspleácha an cúram a bhaineann lena gcuid gnó i slabhra soláthair an mhargaidh iardhíola a chur i gcrích”,

a léiriú sa chaoi gurb é is brí léi ná go gcomhlíonann an monaróir feithicle a oibleagáidí maidir leis an méid sin

1.

trí rochtain ar an bhfaisnéis a chur ar fáil leis an idirlíon trí mheán iarratais meaisín rialaithe trí comhéadan bunachair sonraí, lena gcuirtear an fhéidearthacht na torthaí a íoslódáil ar fáil, nó an leor nach gcumasaíonn an monaróir feithicle ach cuardach láimhe ag úsáideoir daonna ar scáileán ar shuíomh gréasáin agus go gcuirtear teorainn ar thorthaí ar iarratais ag an inneachair atá le feiceáil ar na leathnaigh a thaispeántar ar scáileán?

agus

2.

tríd an bhféidearthacht a chur ar fáil go mbeifí in ann an fhaisnéis ar fad sa bhunachar sonraí atá nasctha le huimhreacha aitheantais feithicle (UAFanna/VINanna) an mhonaróra a chuardach ar bhonn na VINanna sin, atá le cur ar fáil aige ar liosta ar leith, agus, go neamhspleách ar an bhféidearthacht sin,

chomh maith leis sin, ar bhonn saintréithe eile aitheantais feithicle, i gcomhréir leis an tríú fomhír de phointe 6.1 d’Iarscríbhinn X a ghabhann leis an rialachán sin

agus chomh maith leis sin, ar bhonn na dtéarmaí eile a úsáideann an monaróir feithicle do chatagóirí (ar nós catagóirí comhpháirteanna, páirteanna spártha, treoracha faoi dheisiú agus faoi chothabháil agus léaráidí teicniúla) agus iontrálacha eile ar an mbunachar sonraí de réir aon teaglama

ar leor go gcuireann an monaróir an cuardach ar fáil mar iarratas aonair amháin atá bunaithe ar VIN feithicle áirithe amháin, gan liosta chun dáta de VINanna a chuid feithicle ar fad a sholáthar?

agus

3.

na tacair sonraí sin a chur ar fáil i gcomhaid i bhformáid lena mbeartaítear go bhféadfaí próiseáil (a thuilleadh) a dhéanamh ar na tacair sonraí iontu, agus cur síos an tacair sonraí lena mbaineann a bheith sainithe (i gcás téacsanna agus táblaí), an leor gan ach an fhéidearthacht i leith gabháil scáileáin a easpórtáil in aon fhormáid ghnásúil, amhail comhad PDF, chun na críche sin?

III.

An oibleagáid dlí, de réir bhrí Airteagal 6(1)(c) de RGCS é Airteagal 61(1) de Rialachán (AE) 2018/858 ar mhonaróirí feithicle, lena dtugtar bonn cirt do scaoileadh VINanna nó faisnéise atá nasctha le VINanna le hoibreoirí neamhspleácha ar rialaitheoirí eile iad de réir bhrí phointe 7 d’Airteagal 4 de RGCS?


(1)  Rialachán (AE) 2018/858 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le ceadú mótarfheithiclí agus a leantóirí, agus córas, comhpháirteanna agus aonad teicniúil ar leithligh atá ceaptha le haghaidh feithiclí den sórt sin, agus faireachas margaidh orthu, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 715/2007 agus (CE) Uimh. 595/2009 agus lena n-aisghairtear Treoir 2007/46/CE (IO L 151, 14.6.2018, lch. 1)


Top