This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 62022CN0143
Case C-143/22: Request for a preliminary ruling from the Conseil d’État (France) lodged on 1 March 2022 — Association Avocats pour la défense des droits des étrangers (ADDE) and Others v Ministre de l’Intérieur
Cás C-143/22: Iarraidh ar réamhrialú ón Conseil d’État (an Fhrainc) a taisceadh an 1 Márta 2022 – Association Avocats pour la défense des droits des étrangers (ADDE) agus páirtithe eile v Ministre de l’Intérieur
Cás C-143/22: Iarraidh ar réamhrialú ón Conseil d’État (an Fhrainc) a taisceadh an 1 Márta 2022 – Association Avocats pour la défense des droits des étrangers (ADDE) agus páirtithe eile v Ministre de l’Intérieur
IO C 207, 23.5.2022, p. 18–19
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
IO C 207, 23.5.2022, p. 17–18
(GA)
23.5.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 207/17 |
Iarraidh ar réamhrialú ón Conseil d’État (an Fhrainc) a taisceadh an 1 Márta 2022 – Association Avocats pour la défense des droits des étrangers (ADDE) agus páirtithe eile v Ministre de l’Intérieur
(Cás C-143/22)
(2022/C 207/26)
Teanga an cháis: an Fhraincis
An chúirt a rinne an tarchur
Conseil d’État
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóirí: Association Avocats pour la défense des droits des étrangers (ADDE), Association nationale d'assistance aux frontières pour les étrangers (ANAFE), Association de recherche, de communication et d’action pour l’accès aux traitements (ARCAT), Comité inter-mouvements auprès des évacués (CIMADE), Fédération des associations de solidarité avec tou-te-s les immigré-e-s (FASTI), Groupe d'information et de soutien des immigré.e.s (GISTI), Ligue des droits de l'homme (LDH), Le paria, Syndicat des avocats de France (SAF), SOS – Hépatites Fédération
Cosantóir: Ministre de l’Intérieur
An cheist a tharchuirtear:
I gcás rialú teorann a athbhunú go sealadach ag teorainneacha inmheánacha, faoi na coinníollacha dá bhforáiltear i gCaibidil II de Theideal III de Rialachán (AE) 2016/399 (1), an féidir cead isteach a dhiúltú do náisiúnach eachtrach a thagann go díreach ó chríoch Stáit is páirtí sa choinbhinsiún arna shíniú in Schengen an 19 Meitheamh 1990, agus seiceálacha ag an teorainn sin á ndéanamh, ar bhonn Airteagal 14 den Rialachán sin, gan Treoir 2008/115/CE (2) a bheith infheidhme?
(1) Rialachán (AE) 2016/399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le Cód an Aontais maidir leis na rialacha lena rialaítear gluaiseacht daoine thar theorainneacha (Cód Teorainneacha Schengen) (IO 2016, L 77, lch. 1).
(2) Treoir 2008/115/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le caighdeáin choiteanna agus nósanna imeachta coiteanna sna Ballstáit i ndáil le náisiúnaigh tríú tíortha atá ag fanacht go neamhdhleathach a fhilleadh, (IO 2008, L 348, lch. 98).