Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62022CN0133

    Cás C-133/22: Iarraidh ar réamhrialú ón Bundesgerichtshof (an Ghearmáin) a taisceadh an 28 Feabhra 2022 – LACD GmbH v BB Sport GmbH & Co. KG

    IO C 222, 7.6.2022, p. 11–12 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
    IO C 222, 7.6.2022, p. 10–11 (GA)

    7.6.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 222/10


    Iarraidh ar réamhrialú ón Bundesgerichtshof (an Ghearmáin) a taisceadh an 28 Feabhra 2022 – LACD GmbH v BB Sport GmbH & Co. KG

    (Cás C-133/22)

    (2022/C 222/19)

    Teanga an cháis: an Ghearmáinis

    An chúirt a rinne an tarchur

    Bundesgerichtshof

    Páirtithe sna príomhimeachtaí

    Achomharcóir: LACD GmbH

    Cosantóir: BB Sport GmbH & Co. KG

    Na ceisteanna a tharchuirtear

    1.

    An bhféadfadh ceanglais nach mbaineann le comhréireacht de bhun bhrí Airteagail 2(14) de Threoir 2011/83/AE (1) nó aon cheanglais eile nach mbaineann le comhréireacht de réir bhrí Airteagal 2(12) de Threoir (AE) 2019/771 (2) a bheith ann i gcás ina bhfuil tionchar ar ghealltanas an ráthóra ag imthosca a bhaineann go sainiúil leis an tomhaltóir, go háirithe lena dhearcadh i leith an earra ceannaithe (sá chás seo, a shásta is atá an tomhaltóir leis an earra ceannaithe), gan gá go mbainfeadh na himthosca pearsanta sin le bail nó gnéithe an earra ceannaithe?

    2.

    Má thabharfar freagra dearfach ar Cheist 1:

    An gcaithfear a bheith in ann a fhionnadh nach bhfuil aon cheanglas ann de bhun na n-imthosca a bhaineann go sainiúil leis an tomhaltóir (sa chás seo, a shásta is atá an tomhaltóir leis na hearraí ceannaithe) i bhfianaise imthosca oibiachtúla?


    (1)  Treoir 2011/83/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir le cearta tomhaltóirí, lena leasaítear Treoir 93/13/CEE ón gComhairle agus Treoir 1999/44/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 85/577/CEE ón gComhairle agus Treoir 97/7/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO 2011 L 304, lch. 64).

    (2)  Treoir (AE) 2019/771 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 maidir le gnéithe áirithe a bhaineann le conarthaí i ndáil le díolacháin earraí, lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/2394 agus Treoir 2009/22/CE, agus lena n-aisghairtear Treoir 1999/44/CE (IO 2019 L 136, lch. 28), arna ceartú (IO 2019 L 305, lch. 62 agus IO 2020 L 86, lch 18).


    Top