This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 62022CN0051
Case C-51/22: Request for a preliminary ruling from the Pesti Központi Kerületi Bíróság (Hungary) lodged on 25 January 2022 — PannonHitel Pénzügyi Zrt. v WizzAir Hungary Légiközlekedési Zrt. (Wizz Air Hungary Zrt.)
Cás C-51/22: Iarraidh ar réamhrialú ón Pesti Központi Kerületi Bíróság (an Ungáir) a taisceadh an 25 Eanáir 2022 – PannonHitel Pénzügyi Zrt v Wizz Air Hungary Légiközlekedési Zrt. (Wizz Air Hungary Zrt.)
Cás C-51/22: Iarraidh ar réamhrialú ón Pesti Központi Kerületi Bíróság (an Ungáir) a taisceadh an 25 Eanáir 2022 – PannonHitel Pénzügyi Zrt v Wizz Air Hungary Légiközlekedési Zrt. (Wizz Air Hungary Zrt.)
IO C 165, 19.4.2022, p. 28–28
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
IO C 165, 19.4.2022, p. 23–23
(GA)
19.4.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 165/23 |
Iarraidh ar réamhrialú ón Pesti Központi Kerületi Bíróság (an Ungáir) a taisceadh an 25 Eanáir 2022 – PannonHitel Pénzügyi Zrt v Wizz Air Hungary Légiközlekedési Zrt. (Wizz Air Hungary Zrt.)
(Cás C-51/22)
(2022/C 165/36)
Teanga an cháis: an Ungáiris
An chúirt a rinne an tarchur
Pesti Központi Kerületi Bíróság
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: PannonHitel Pénzügyi Zrt
Cosantóir: Wizz Air Hungary Légiközlekedési Zrt. (Wizz Air Hungary Zrt.)
An cheist a tharchuirtear:
Ar cheart Airteagal 5(1)(a) agus Airteagal 8(1)(a), an chéad fhleasc, agus mír 2 de Rialachán (CE) Uimh. 261/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, an 11 Feabhra, 2004, lena mbunaítear comhrialacha maidir le cúiteamh agus cúnamh d'aerphaisinéirí i gcás go ndiúltaítear bordáil agus cealú nó moille fada ar eitiltí, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 295/91 (1) a léirmhíniú sa chiall gur féidir leis an bpaisinéir a cheart a fheidhmiú go díreach i gcoinne an aeriompróra chun costas iomlán an ticéid a aisíoc ar an bpraghas ar ar ceannaíodh é, fiú nuair a bheidh an ticéad curtha in áirithe aige le cabhair ó thríú páirtí atá ag gníomhú mar idirghabhálaí, ar íoc an paisinéir praghas an ticéid leis, agus gurb é an t-idirghabhálaí a cheannaigh an ticéad ón aeriompróir agus a d’íoc [leis an dara ceann acu sin] praghas an ticéid, gan aon fhianaise gur ghníomhaigh an t-idirghabhálaí mar ghníomhaire údaraithe an aeriompróra nó gur oibreoir turasóireachta é?