Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62022CJ0053

    Breithiúnas na Cúirte (An Deichiú Dlísheomra) 2023 Feabhra 9.
    VZ v CA.
    Tarchur chun réamhrialú – Nósanna imeachta athbhreithnithe ar dhámhachtain conarthaí soláthair phoiblí agus oibreacha poiblí – Treoir 89/665/CEE – Airteagal 1(3) – Leas i gcaingean a thionscnamh – Rochtain ar imeachtaí athbhreithnithe – Mí‑iompar gairmiúil tromchúiseach a ghabhann le comhaontú frithiomaíoch – Oibreoir eile a eisiadh go cinntitheach ó rannpháirtíocht sa nós imeachta soláthair lena mbaineann toisc nár comhlíonadh na híoscheanglais.
    Cás C-53/22.

    Court reports – general

    ECLI identifier: ECLI:EU:C:2023:88

     BREITHIÚNAS NA CÚIRTE (an Deichiú Dlísheomra)

    9 Feabhra 2023 ( *1 )

    (Tarchur chun réamhrialú – Nósanna imeachta athbhreithnithe ar dhámhachtain conarthaí soláthair phoiblí agus oibreacha poiblí – Treoir 89/665/CEE – Airteagal 1(3) – Leas i gcaingean a thionscnamh – Rochtain ar imeachtaí athbhreithnithe – Mí‑iompar gairmiúil tromchúiseach a ghabhann le comhaontú frithiomaíoch – Oibreoir eile a eisiadh go cinntitheach ó rannpháirtíocht sa nós imeachta soláthair lena mbaineann toisc nár comhlíonadh na híoscheanglais)

    I gCás C-53/22,

    Iarraidh ar réamhrialú faoi Airteagal 267 CFAE, ón Tribunale amministrativo regionale per la Lombardia (Cúirt Réigiúnach Riaracháin le haghaidh na Lombairde, an Iodáil), trí bhreith an 7 Eanáir 2022, a fuarthas ag an gCúirt Bhreithiúnais an 25 Eanáir 2022, sna himeachtaí idir

    VZ

    agus

    CA,

    tríú páirtithe:

    RT,

    BO,

    Regione Lombardia,

    Regione Liguria,

    tugann AN CHÚIRT (an Deichiú Dlísheomra),

    agus í comhdhéanta mar seo a leanas: D. Gratsias (Rapóirtéir), Uachtarán Dlísheomra, M. Ilešič agus I. Jarukaitis, Breithiúna,

    Abhcóide Ginearálta: M. Campos Sánchez-Bordona,

    Cláraitheoir: A. Calot Escobar,

    ag féachaint don nós imeachta i scríbhinn,

    tar éis breithniú a dhéanamh ar na barúlacha arna dtíolacadh thar ceann na bpáirtithe seo a leanas:

    VZ, ag J. F. G. Brigandì agus C. Mendolia, avvocati,

    CA, ag M. L. Tamborino, avvocata,

    RT, ag A. Clarizia, L. Pierallini, L. Sperati agus P. Ziotti, avvocati,

    BO, ag A. Borsero, V. Cannizzaro, C. Merani agus S. Ventura, avvocati,

    Rialtas na Fraince, ag R. Bénard agus A.-L. Desjonquères, i gcáil Gníomhairí,

    Rialtas na Polainne, ag B. Majczyna, i gcáil Gníomhaire,

    an Coimisiún Eorpach, ag G. Gattinara, P. Ondrůšek agus G. Wils, i gcáil Gníomhairí,

    ag féachaint don chinneadh arna ghlacadh, tar éis an tAbhcóide Ginearálta a éisteacht, breith a thabhairt ar an gcás gan Tuairim,

    an Breithiúnas seo a leanas:

    Breithiúnas

    1

    Baineann an iarraidh ar réamhrialú le léiriú Airteagal 1(3) de Threoir 89/665/CEE ón gComhairle an 21 Nollaig 1989 maidir le comhordú na ndlíthe, na rialachán agus na bhforálacha riaracháin a bhaineann le cur i bhfeidhm nósanna imeachta athbhreithnithe ar dhámhachtain conarthaí soláthair phoiblí agus oibreacha poiblí (IO 1989 L 395, lch. 33), arna leasú le Treoir 2014/23/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 (IO 2014 L 94, lch. 1) (“Treoir 89/665”).

    2

    Rinneadh an iarraidh seo i gcomhthéacs díospóid idir cuideachta, VZ, agus údarás conarthach, CA, maidir le diúltú an údaráis chonarthaigh sin cinneadh lenar bronnadh conradh poiblí ar RT agus BO don tseirbhís tarrthála héileacaptair atá le soláthar sa Lombaird (an Iodáil) agus in Liguria (an Iodáil) a chur ar neamhní.

    An dlí lena mbaineann

    Dlí an Aontais

    Treoir 89/665

    3

    Foráiltear mar seo a leanas le hAirteagal 1 de Threoir 89/665, dar teideal “Raon feidhme agus inrochtaineacht nósanna imeachta athbhreithnithe”:

    “1.   Tá feidhm ag an Treoir seo maidir le conarthaí dá dtagraítear i dTreoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle [an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar poiblí agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/18/CE (IO 2014 L 94, lch. 65)] [...]

    [...]

    Áirítear le conarthaí de réir bhrí na Treorach seo conarthaí poiblí, creat-chomhaontuithe, lamháltais oibreacha agus seirbhíse agus córais dhinimiciúla ceannaigh.

    Déanfaidh na Ballstáit, maidir le nósanna imeachta um dhámhachtain conarthaí a thagann faoi raon feidhme Threoir 2014/24/AE [...], na bearta uile is gá chun a áirithiú go bhféadfar athbhreithniú éifeachtach a dhéanamh ar chinntí arna nglacadh ag údaráis chonarthacha agus, go háirithe, chomh tapa agus is féidir, [...] ar an bhforas gur sháraigh na cinntí sin dlí soláthair phoiblí an Aontais Eorpaigh nó rialacha náisiúnta lena dtrasuitear an dlí sin.

    [...]

    3.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh nósanna imeachta athbhreithnithe ar fáil, de réir rialacha mionsonraithe a fhéadfaidh na Ballstáit a chinneadh, ar a laghad d’aon duine a bhfuil nó a raibh leas aige conradh ar leith a fháil agus a ndearnadh dochar dó nó a bhfuil baol ann go ndéanfar dochar dó trí shárú líomhainte.

    [...]”

    [Aistriúchán neamhoifigiúil]

    4

    Foráiltear mar seo a leanas le hAirteagal 2a den Treoir sin, dar teideal “Tréimhse neamhghníomhaíochta,” faoin gcéad fhomhír agus sa dara fomhír de mhír 2:

    “Ní fhéadfar conradh a thabhairt i gcrích tar éis an chinnidh conradh a dhámhachtain a thagann faoi raon feidhme Threoir 2014/24/AE [...] roimh dhul in éag tréimhse deich lá féilire ar a laghad ón lá tar éis an dáta a chuirfear an cinneadh maidir le dámhachtain conartha chuig na tairgeoirí agus na hiarrthóirí lena mbaineann má úsáidtear facs nó meáin leictreonacha nó, má úsáidtear modhanna cumarsáide eile, sula rachaidh an tréimhse cúig lá féilire déag ar a laghad in éag le héifeacht ón lá tar éis an dáta a chuirfear an cinneadh maidir le dámhachtain conartha chuig na tairgeoirí agus na hiarrthóirí lena mbaineann, nó deich lá féilire ar a laghad le héifeacht ón lá tar éis an dáta a fuarthas an cinneadh maidir le dámhachtain conartha.

    Measfar go mbaineann sé leis na tairgeoirí mura ndearnadh iad a eisiamh go cinntitheach go fóill. Is eisiamh cinntitheach é más rud é gur tugadh fógra ina leith do na tairgeoirí lena mbaineann agus gur chinn comhlacht athbhreithnithe neamhspleách go bhfuil sé dleachtach nó nach féidir leis a bheith faoi réir nós imeachta athbhreithnithe a thuilleadh.”

    [Aistriúchán neamhoifigiúil]

    Treoir 2014/24

    5

    Faoi Airteagal 2(1), pointí (2) agus (3) de Threoir 2014/24, arna leasú le Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/2365 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2017 (IO 2017 L 337, lch. 19) (“Treoir 2014/24”), chun críoch Threoir 2014/24, ciallaíonn “údaráis phoiblí lárnacha” na húdaráis chonarthacha a liostaítear in Iarscríbhinn I di agus, sa mhéid a rinneadh ceartúcháin nó leasuithe ar leibhéal náisiúnta, na heintitis a tháinig i gcomharbas orthu, agus, “údaráis chonarthacha fho-lárnacha,” gach údarás conarthach nach údaráis phoiblí lárnacha iad.

    6

    Foráiltear le hAirteagal 4 de Threoir 2014/24, dar teideal “Méideanna na tairsí,” mar seo a leanas:

    “Beidh feidhm ag an Treoir seo maidir le conarthaí a bhfuil a luach measta glan ó cháin bhreisluacha (CBL) comhionann leis na tairseacha seo a leanas nó níos airde ná iad:

    [...]

    (c)

    EUR 221000 le haghaidh conarthaí soláthair agus seirbhísí poiblí arna ndámhachtain ag údaráis chonarthacha fho-lárnacha agus le haghaidh comórtais deartha arna n-eagrú acu; [...]

    (d)

    EUR 750000 le haghaidh conarthaí seirbhíse poiblí a ghabhann le seirbhísí sóisialta agus seirbhísí sonracha eile a liostaítear in Iarscríbhinn XIV.”

    [Aistriúchán neamhoifigiúil]

    7

    Foráiltear mar seo a leanas in Airteagal 57(4) den Treoir sin, dar teideal “Forais eisiaimh”:

    “Féadfaidh na húdaráis chonarthacha aon oibreoir eacnamaíoch a eisiamh ó rannpháirtíocht i nós imeachta soláthair, nó féadfaidh na Ballstáit a cheangal orthu é sin a dhéanamh, in aon cheann de na cásanna seo a leanas:

    [...]

    (c)

    féadfaidh an t-údarás conarthach a léiriú trí mhodhanna iomchuí ar bith go raibh an t-oibreoir eacnamaíoch ciontach i mí-iompar gairmiúil tromchúiseach a chaitheann amhras ar a ionracas;

    (d)

    tá fianaise sách inchreidte ag an údarás conarthach chun teacht ar an gconclúid go bhfuil comhaontuithe tugtha i gcrích ag an oibreoir eacnamaíoch le hoibreoirí eacnamaíocha eile d’fhonn an iomaíocht a shaobhadh;

    [...]”

    [Aistriúchán neamhoifigiúil]

    8

    Níl Regione Lombardia (Réigiún na Lombairde, an Iodáil) ná Réigiún Liguria (Réigiún Liguria, an Iodáil) i measc na n-údarás atá liostaithe in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir sin.

    Dlí na hIodáile

    9

    Le hAirteagal 80(5)(c) de decreto legislativo n. 50 Codice dei contratti pubblici (Foraithne Reachtach Uimh. 50 ar an gCód Soláthair Phoiblí) an 18 Aibreán 2016 (GURI Uimh. 91 an 19 Aibreán 2016, gnáthfhorlíonadh Uimh. 10 le GURI), arna leasú le decreto-legge Uimh. 135. – “Disposizioni urgenti in le imprese e per la pubblica amministrazione” (Dlí Foraithne Uimh. 135 maidir le forálacha tacaíochta práinneacha agus simplithe do ghnólachtaí agus don riarachán poiblí) an 14 Nollaig 2018 (GURI Uimh. 290 an 14 Nollaig 2018, lch. 1), foráiltear don mhéid seo a leanas:

    “Déanfaidh údaráis chonarthacha oibreoir eacnamaíoch a eisiamh ó rannpháirtíocht sa nós imeachta tairisceana sna cásanna seo a leanas [...], más rud é:

    [...]

    (c)

    go léireoidh na húdaráis chonarthacha, trí mhodhanna iomchuí, go raibh an t-oibreoir eacnamaíoch ciontach i mí-iompar gairmiúil tromchúiseach, sa chaoi go gcaitear amhras ar a ionracas nó ar a iontaofacht;

    [...]”

    [Aistriúchán neamhoifigiúil]

    10

    De réir Airteagal 35(1)(b) den Codice del processo amministrativo (Cód Nós Imeachta Riaracháin) (GURI Uimh. 156 an 7 Iúil 2010, gnáthfhorlíonadh le GURI Uimh. 148), “dearbhóidh an chúirt, dá stuaim féin fiú, go bhfuil an chaingean do-ghlactha toisc nach bhfuil aon leas ag an iarratasóir in imeachtaí a thionscnamh nó i gcás ina bhfuil aon fhorais eile i gcoinne cinneadh maidir le tuillteanais.”

    [Aistriúchán neamhoifigiúil]

    An díospóid sna príomhimeachtaí agus na ceisteanna a tharchuirtear

    11

    Le cinneadh an 18 Nollaig 2018, d’eagraigh CA nós imeachta um chonradh poiblí a dhámhachtain chun seirbhís tarrthála héileacaptair a sholáthar d’eintitis Sheirbhís Sláinte Réigiúnach Réigiún na Lombairde agus Réigiún Liguria (“an nós imeachta atá faoi chonspóid”), le haghaidh luach conartha bunúsach EUR 205581900 glan ó cháin bhreisluacha. D’éiligh an fógra tairisceana a d’fhoilsigh CA ar na tairgeoirí, mar chruthúnas maidir lena n-acmhainn theicniúil agus ghairmiúil, deimhniú sonrach a bheith acu.

    12

    Thug VZ, nach raibh an deimhniú sin aige agus, dá bhrí sin, nár chomhlíon na coinníollacha maidir le rannpháirtíocht sa nós imeachta atá faoi chonspóid, trí chaingean arna tabhairt an 16 Eanáir 2019 os comhair an Tribunale amministrativo regionale per la Lombardia (Cúirt Réigiúnach Riaracháin le haghaidh na Lombairde, an Iodáil), arb í an chúirt a rinne an tarchur, agóid i gcoinne an fhógra tairisceana sin, sa mhéid gur ceanglaíodh leis an bhfógra sin an deimhniú sin a bheith aige. Le breithiúnas an 6 Bealtaine 2019, rinne an chúirt sin an chaingean a dhíbhe. Deimhníodh an breithiúnas sin trí bhreithiúnas an Consiglio di Stato (an Chomhairle Stáit, an Iodáil) an 26 Feabhra 2020 agus, leis sin, tháinig an breithiúnas sin chun bheith críochnaitheach.

    13

    Le cinneadh an 13 Feabhra 2019, chinn Autorità garante della Concorrenza e del mercato (an tÚdarás a ráthaíonn Urraim don Iomaíocht agus do na Rialacha Margaidh, AGCM, an Iodáil) go ndearna gnóthais áirithe, lena n-áirítear BO, JF agus RT, na haon tairgeoirí sa nós imeachta atá faoi chonspóid, idir an bhliain 2001 agus mí Lúnasa 2017, sárú tromchúiseach ar Airteagal 101 CFAE, i bhfoirm, go háirithe, comhaontú cothrománach atá contrártha leis na rialacha iomaíochta arb é is cuspóir dó praghsanna a shocrú do sheirbhísí héileacaptair agus a bhí beartaithe chun tionchar a bheith aige ar na húdaráis chonarthacha maidir le socrú praghsanna do sheirbhísí saothair agus aeriompair do phaisinéirí trí chéile, lena n-áirítear bunluach an chonartha seirbhísí a chinneadh le luachanna rómheastacháin. D’fhorchuir AGCM pionóis ar BO, JF agus RT. Mheas sé, áfach, nár leor an fhianaise a bailíodh le linn an imscrúdaithe chun a shuíomh go raibh comhaontú lena gcuirtear srian ar an iomaíocht ann i gcomhthéacs rannpháirtíocht i nósanna imeachta chun conarthaí seirbhíse a dhámhachtain.

    14

    Mheas CA nach raibh an cinneadh seo ó AGCM ábhartha chun críocha a mheasúnaithe. Le cinneadh an 2 Márta 2020, bhronn CA dhá bheart den chonradh a chumhdaítear leis an nós imeachta atá faoi chonspóid ar RT agus beart amháin den chonradh sin ar BO.

    15

    Trí chaingne arna dtabhairt os comhair Tribunale amministrativo regionale per il Lazio (an Chúirt Réigiúnach Riaracháin le haghaidh Lazio, an Iodáil), rinne BO, RT agus JF agóid i gcoinne na bpionós a d’fhorchuir AGCM orthu. Diúltaíodh do na caingne sin go léir mar chaingne gan bhunús. Rinne BO, RT agus JF achomharc i gcoinne bhreithiúnais na cúirte sin chuig an Consiglio di Stato (an Chomhairle Stáit). Sheas an chúirt deiridh sin le breithiúnas na cúirte a rinne caingean JF a dhíbhe, agus leis an mbreithiúnas lenar diúltaíodh do chaingean RT, ach amháin maidir le méid an phionóis. Tá an chás a bhaineann le scrúdú a dhéanamh ar an achomhairc a thug BO os comhair an Consiglio di Stato (an Chomhairle Stáit) fós ar feitheamh.

    16

    An 1 Meitheamh 2020, chuir VZ in iúl do CA gur tugadh breithiúnas an Tribunale amministrativo regionale per il Lazio (an Chúirt Riaracháin Réigiúnach le haghaidh Lazio) lena ndíbhtear caingean RT i gcoinne chinneadh AGCM. D’áitigh VZ go bhféadfadh an breithiúnas sin difear a dhéanamh don mheasúnú ar ionracas agus iontaofacht RT i gcomhlíonadh na seirbhíse tarrthála héileacaptair agus a shuíomh go bhfuil mhí-iompar gairmiúil tromchúiseach ann, de réir bhrí Airteagal 80(5) den Chód Soláthair Phoiblí, lena dtugtar údar cuí le rannpháirtíocht RT sa nós imeachta atá faoi chonspóid a eisiamh. D’iarr sé, go bunúsach, an cinneadh lenar bronnadh an conradh lena mbaineann a chur ar neamhní. Le cinneadh an 3 Iúil 2020, mheas CA nár chuir an breithiúnas ar thug VZ fógra ina leith aon eilimintí sa bhreis leo siúd atá i gcinneadh AGCM, a bhí ar eolas agus anailís déanta cheana féin ag CA air. Thug VZ caingean os comhair na cúirte a rinne an tarchur i gcoinne chinneadh CA.

    17

    Tugann an chúirt a rinne an tarchur dá haire, sa mhéid a rinneadh VZ a eisiamh go cinntitheach ó rannpháirtíocht sa nós imeachta atá faoi chonspóid tar éis a chaingean i gcoinne an fhógra tairisceana lena mbaineann a dhiúltú, ní mór, i bprionsabal, a mheas, i gcomhréir le cásdlí chúirteanna na hIodáile, nach bhfuil aon leas aige agóid a dhéanamh i gcoinne dhámhachtain an chonartha lena mbaineann.

    18

    Dar leis an gcúirt a rinne an tarchur, mar sin féin, tar éis bhreithiúnais an 4 Iúil 2013, Fastweb (C-100/12, EU:C:2013:448), an 5 Aibreán 2016, PFE (C-689/13, EU:C:2016:199), agus an 11 Bealtaine 2017, Archus agus Gama (C-131/16, EU:C:2017:358), rinneadh forbairt ar chásdlí chúirteanna na hIodáile, sa chaoi, i gcomhthéacs nós imeachta um dhámhachtain conartha nach raibh ach dhá thairgeoir rannpháirteach ann, go bhfuil scrúdú ar chaingean lena n-iarrtar go n-osclófar nós imeachta nua, arna tabhairt ag an tairgeoir nár éirigh leis mar gheall nár chomhlíon sé na ceanglais íosta a leagtar síos sa ghlao ar thairiscintí lena mbaineann, inghlactha. Mar sin féin, ag féachaint do bhreithiúnas an 21 Nollaig 2016, Bietergemeinschaft Technische Gebäudebetreuung und Caverion Österreich (C-355/15, EU:C:2016:988), cuireann cúirteanna na hIodáile an “cásdlí nuálach” sin i bhfeidhm i gcás “croschaingne” amháin, a scrúdaítear i gcomhthéacs nós imeachta athbhreithnithe aonair a bhaineann leis an gcinneadh lena ndéantar an conradh lena mbaineann a dhámhachtain. Sa chás seo, áfach, deimhníodh eisiamh VZ ó rannpháirtíocht sa nós imeachta atá faoi chonspóid le cinneadh breithiúnach, a raibh feidhm res judicata aige sular thionscain VZ caingean i gcoinne dhámhachtain an chonartha sin.

    19

    Mar sin féin, tugann an chúirt a rinne an tarchur dá haire freisin, sa chás seo, go gcuireann VZ i gcoinne dhiúltú CA an cinneadh lenar dámhadh an conradh lena mbaineann a neamhniú ar fhoras mí-iompar gairmiúil tromchúiseach ar thaobh na dtairgeoirí go léir, a bhí páirteach, mar a dheimhnítear sa bhreithiúnas dá dtagraítear i mír 16 den bhreithiúnas seo, i gcomhaontú atá contrártha leis na rialacha iomaíochta, ar mí-iompar gairmiúil tromchúiseach é ar thaobh oibreora eacnamaíoch.

    20

    Ar deireadh, cuireann an chúirt a rinne an tarchur in iúl, i mbreithiúnas an 5 Meán Fómhair 2019, Lombardi (C-333/18, EU:2019:675, míreanna 27 agus 28) go gcaithfear a aithint go bhfuil leas dlisteanach ag tairgeoir a aicmíodh sa tríú háit, a bhfuil caingean tionscanta aige in aghaidh dhámhachtain an chonartha lena mbaineann, maidir le heisiamh thairiscint an tairgeora rathúil agus an iarratasóra sa dara háit, fiú dá bhféadfadh sé go gcinnfí go bhfuil a thairiscint féin neamhbhailí freisin, ós rud é nach féidir a chur as an áireamh go bhféadfaí go dtabharfaí ar an údarás conarthach lena mbaineann, i gcás den sórt sin, a chinneadh nach féidir tairiscint bhailí eile a roghnú agus, ina dhiaidh sin, go ndéanfadh sé nós imeachta nua a eagrú. Measann an chúirt a rinne an tarchur gur cosúil, chun críocha measúnú a dhéanamh ar a leas in imeachtaí a thionscnamh, go bhfuil cás VZ inchomparáide le cás an iarratasóra sa chás inar tugadh breithiúnas an 5 Meán Fómhair 2019, Lombardi (C-333/18, EU:C:2019:675). I ndáil leis sin, tugann sí faoi deara, go n-áitíonn VZ, le fianaise thacaíochta, go raibh sé, chomh luath le Deireadh Fómhair 2019, i seilbh an deimhnithe speisialta a cheanglaítear leis an nglao ar thairiscintí a bhaineann leis an nós imeachta atá faoi chonspóid.

    21

    Sna himthosca sin, chinn an Tribunale amministrativo regionale per la Lombardia (Cúirt Réigiúnach Riaracháin le haghaidh na Lombairde) bac a chur ar na himeachtaí agus na ceisteanna seo a leanas a tharchur chuig an gCúirt Bhreithiúnais le haghaidh réamhrialú:

    “(1)

    An gcuirtear cosc le hAirteagal 1(3) de Threoir 89/665, maidir le hiomaitheoir atá eisiata go cinntitheach ó nós imeachta roghnúcháin conraitheora, ar an bhféidearthacht go séanfaí don iomaitheoir go ndéanfaí athbhreithniú ar an diúltú an dámhachtain a neamhniú, i gcás go mbeartaítear a thaispeáint go bhfuil an tairgeoir a n-éireoidh leis agus gach iomaitheoir eile ar an ngearrliosta ciontach i mí-iompar gairmiúil tromchúiseach, arb ionann sin agus comhaontuithe frithiomaíocha a thabhairt i gcrích, arna gcinneadh ag cúirt tar éis an t-iomaitheoir a eisiamh amháin, d’fhonn an deis a bheith aige bheith rannpháirteach in athsheoladh den nós imeachta?

    (2)

    An gcuirtear cosc le hAirteagal 1(3) de Threoir 89/665 agus prionsabail dhlí an Aontais Eorpaigh maidir le hiomaíocht a chosaint ar chúirt riaracháin athbhreithniú le grinnscrúdú, arna iarraidh ag iomaitheoir atá eisiata go cinntitheach ó nós imeachta roghnúcháin conraitheora, ar dhiúltú an údaráis chonarthaigh d’athbhreithniú a dhéanamh ar bhearta a ghlac sé féin, maidir le hiomaitheoirí a ligean isteach agus conarthaí a dhámhachtain ar an gcéanna a thugann comhaontaithe frithiomaíocha i gcrích, arna gcinneadh ag cúirt, san earnáil chéanna leis an nós imeachta tairisceana?”

    Na ceisteanna a tharchuirtear le haghaidh réamhrialú

    Inghlacthacht

    22

    Ina chuid barúlacha arna dtaisceadh os comhair na Cúirte Breithiúnas, cuireann CA in iúl go bhfuil an iarraidh ar réamhrialú do-ghlactha ar an bhforas go bhfuil na ceisteanna a tharchuirtear ginearálta agus hipitéiseach agus, ar aon chaoi, go bhfuil an freagra atá le tabhairt soiléir ón gcásdlí.

    23

    Ní mór a mheabhrú, i ndáil leis sin, gur faoin gcúirt náisiúnta amháin ar tugadh an díospóid os a comhair, agus nach mór di freagracht a ghlacadh as an gcinneadh breithiúnach atá le déanamh, atá sé measúnú a dhéanamh, i bhfianaise imthosca sonracha an cháis, ar an ngá le réamhrialú ar mhaithe le breithiúnas a thabhairt agus ar ábharthacht na gceisteanna a chuireann sí faoi bhráid na gCúirte araon a chinneadh. Dá bhrí sin, i gcas ina mbaineann na ceisteanna a chuirtear le léiriú nó bailíocht rialach de chuid dhlí an Aontais Eorpaigh, dlitear ar an gCúirt, i bprionsabal, rialú a thabhairt. Dá réir sin, baineann toimhde ábharthachta le ceisteanna arna dtarchur ag na cúirteanna náisiúnta le haghaidh réamhrialú. Ní féidir leis an gCúirt Bhreithiúnais diúltú do rialú a dhéanamh ar cheist a tharchuir cúirt náisiúnta le haghaidh réamhrialú ach amháin má dhealraíonn sé nach bhfuil baint ar bith ag an léirmhíniú ná ag an measúnú bailíochta arna n-iarraidh ar dhlí an Aontais Eorpaigh le fíricí iarbhír nó le cuspóir na díospóide sna príomhimeachtaí, más fadhb de chineál hipitéiseach í nó mura bhfuil an fhaisnéis fhíorasach agus dhlíthiúil is gá ag an gCúirt Bhreithiúnais chun freagra úsáideach a thabhairt ar na ceisteanna sin (breithiúnas an 20 Deireadh Fómhair 2022, Centre public d’action sociale de Liège (Cinneadh um fhilleadh a tharraingt siar nó a chur ar fionraí), C-825/21, EU:C:2022:810, mír 34 agus an cásdlí dá dtagraítear).

    24

    Luaigh an chúirt a rinne an tarchur go soiléir, i gcomhréir le forálacha nós imeachta dhlí na hIodáile, mar a léirmhínítear iad le cásdlí chúirteanna na hIodáile, go bhféadfaí go dtabharfaí uirthi caingean VZ a dhíbhe mar gheall ar easpa leasa in imeachtaí a thionscnamh, ach amháin má chaithfear Airteagal 1(3) de Threoir 89/665, arna léamh i bhfianaise rialacha iomaíochta dhlí an Aontais Eorpaigh, i gcás inarb iomchuí, a léirmhíniú sa chaoi go gcuirtear cosc ar dhiúltú den sórt sin. Dá bhrí sin, tá nasc díreach ag na ceisteanna dá dtagraítear le hábhar na díospóide sna príomhimeachtaí agus ní féidir féachaint orthu mar hipitéiseach amháin.

    25

    Ina theannta sin, ní féidir iarraidh ar réamhrialú a dhiúltú toisc é a bheith do-ghlactha ar an bhforas amháin go bhfuil freagra na gceisteanna dá dtagraítear soiléir cheana féin, i dtuairim ceann de na páirtithe sna príomhimeachtaí, ó chásdlí na Cúirte (féach, chuige sin, breithiúnas an 24 Feabhra 2022, Viva Telecom Bulgaria (C‑257/20, EU:C:2022:125, mír 42 agus an cásdlí dá dtagraítear).

    26

    Cuireann rialtas na Fraince in iúl, ina bharúlacha a cuireadh faoi bhráid na Cúirte, nach mór a mheas go bhfuil an dara ceist do-ghlactha go páirteach, sa mhéid gur mhainnigh an chúirt a rinne an tarchur a shonrú cad iad na “prionsabail de chuid dhlí Aontais Eorpaigh [...] a bhaineann le cosaint iomaíochta” atá clúdaithe ag an gceist sin. Is léir gurb iad na prionsabail atá clúdaithe na prionsabail a d’fhéadfaí a thuiscint ó rialacha dhlí iomaíochta an Aontais Eorpaigh, lena n-áirítear go háirithe Airteagal 101 CFAE, atá soiléir, thairis sin, ó fhorais an ordaithe tarchuir.

    27

    Dá bhrí sin, tá an iarraidh ar réamhrialú inghlactha.

    Substaint an cháis

    28

    Trína ceisteanna, arb iomchuí iad a mheas le chéile, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, an gcaithfear Airteagal 1(3) de Threoir 89/665, i bhfianaise rialacha iomaíochta dhlí an Aontais, a léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc leis ar dhlí Ballstáit nach gceadaíonn d’oibreoir, a choisctear air páirt a ghlacadh i nós imeachta chun conradh poiblí a dhámhachtain ar an bhforas nár chomhlíon sé ceann de na coinníollacha rannpháirtíochta a leagtar síos sa ghlao ar thairiscintí lena mbaineann, agus ar diúltaíodh dá chaingean i gcoinne an coinníoll sin a áireamh, sa ghlao sin ar thairiscintí, le cinneadh a bhfuil feidhm res judicata faighte aige, agóid a dhéanamh i gcoinne dhiúltú an údaráis chonarthaigh lena mbaineann an cinneadh lenar dámhadh an conradh poiblí sin a neamhniú tar éis do chinneadh breithiúnach a dheimhniú go raibh an tairgeoir rathúil agus gach tairgeoir eile rannpháirteach i gcomhaontú ar sárú é ar na rialacha iomaíochta san earnáil chéanna leis an nós imeachta chun an conradh poiblí sin a dhámhachtain.

    29

    Faoi Airteagal 1(3) de Threoir 89/665, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na nósanna imeachta um athbhreithniú ar fáil, i gcomhréir le rialacha mionsonraithe a fhéadfaidh siad a chinneadh, ar a laghad d’aon duine a bhfuil nó a raibh leas aige conradh ar leith a fháil agus a ndearnadh dochar dó nó a bhfuil baol ann go ndéanfar dochar dó mar gheall ar shárú líomhainte ar dhlí an Aontais Eorpaigh maidir le soláthar poiblí nó rialacha náisiúnta lena dtrasuitear an dlí sin (breithiúnas an 28 Samhain 2018, Amt Azienda Trasporti e Mobilità agus páirtithe eile, C-328/17, EU:C:2018:958, mír 44 agus cásdlí dá dtagraítear).

    30

    Dá bhrí sin, níl sé d’oibleagáid ar na Ballstáit na nósanna imeachta athbhreithnithe sin a chur ar fáil d’aon duine ar mian leis dámhachtain conartha phoiblí a fháil, ach is féidir leo a éileamh go ndearnadh dochar don duine lena mbaineann nó a bhfuil baol ann go ndéanfar dochar dó tríd an sárú líomhainte (breithiúnas an 28 Samhain 2018, Amt Azienda Trasporti e Mobilità agus páirtithe eile, C-328/17, EU:C:2018:958, mír 45 agus an cásdlí dá dtagraítear).

    31

    De réir chásdlí na Cúirte, d’fhéadfadh sé, i bprionsabal, gurb ionann rannpháirtíocht i nós imeachta chun conradh a dhámhachtain agus, i bhfianaise Airteagal 1(3) de Threoir 89/665, coinníoll bailí nach mór a chomhlíonadh chun a shuíomh go bhfuil leas ag an duine lena mbaineann an conradh lena mbaineann a fháil nó gur dócha go ndéanfar dochar dó mar thoradh ar chineál neamhdhleathach líomhainte an chinnidh lena ndéantar an conradh sin a dhámhachtain. Mura ndearna an duine sin tairiscint, is ar éigean is féidir leis a léiriú go bhfuil leas aige in agóid a dhéanamh i gcoinne an chinnidh sin nó go ndéantar dochar dó nó go bhfuil baol ann go ndéanfar dochar dó de bharr na dámhachtana sin (breithiúnais an 12 Feabhra 2004, Grossmann Air Service, C-230/02, EU:C:2004:93, mír 27, agus an 28 Samhain 2018, Amt Azienda Trasporti e Mobilità agus páirtithe eile, C-328/17, EU:C:2018:958, mír 46).

    32

    Is léir ó chásdlí na Cúirte, áfach, i gcás nár chuir oibreoir tairiscint isteach i nós imeachta soláthair nach bhfuil seans ar bith go mbronnfaí é air, de bharr go bhfuil sonraíochtaí sna doiciméid tairisceana nó sna sonraíochtaí tairisceana lena mbaineann nach bhféadfadh sé a chomhlíonadh, bheadh sé iomarcach a chur de cheangal air, sula bhféadfadh sé na himeachtaí athbhreithnithe dá bhforáiltear i dTreoir 89/665 a thionscnamh chun agóid a dhéanamh i gcoinne na sonraíochtaí sin, tairiscint a chur isteach i gcomhthéacs an nós imeachta soláthair lena mbaineann (féach, chuige sin, breithiúnas an 28 Samhain 2018, Amt Azienda Trasporti e Mobilità agus páirtithe eileC-328/17, EU:C:2018:958 mír 47 agus an cásdlí dá dtagraítear).

    33

    Baineann na ceisteanna arna dtarchur chun réamhrialú leis an gcás ina bhfuil oibreoir nach bhfuil tairiscint curtha isteach aige i nós imeachta chun conradh a dhámhachtain ar an bhforas nár chomhlíon sé coinníoll rannpháirtíochta a leagadh síos sa ghlao ar thairiscintí lena mbaineann agus a bhí in ann agóid a dhéanamh i gcoinne an coinníoll sin a áireamh, sa ghlao sin ar thairiscintí, trí chaingean a thionscnamh i gcoinne an ghlao sin ar thairiscintí, ar diúltaíodh di le cinneadh a raibh feidhm res judicata faighte aige sular glacadh an cinneadh lena ndéantar an conradh lena mbaineann a dhámhachtain.

    34

    Ag féachaint don chásdlí dá dtagraítear i míreanna 30 agus 31 den bhreithiúnas seo, ní féidir a mheas go dtagann an t-oibreoir sin faoin gcoincheap “duine a bhfuil nó a raibh leas aige conradh áirithe a fháil agus a ndearnadh dochar dó nó a bhfuil baol ann go ndéanfar dochar dó trí shárú líomhainte” de réir bhrí Airteagal 1(3) de Threoir 89/665.

    35

    I ndáil leis sin, ní bhaineann sé le hábhar go ndearna an t-oibreoir sin na bearta riachtanacha, idir an dá linn, chun an coinníoll a leagtar síos sa ghlao ar thairiscintí lena mbaineann a chomhlíonadh, agus é de thoradh air sin, i gcás cealú an nós imeachta soláthair nach raibh sé in ann páirt a ghlacadh ann agus nós imeachta nua a eagrú ar bhonn na gceanglas céanna, go bhféadfadh sé tairiscint a chur isteach agus an conradh lena mbaineann a fháil.

    36

    Nuair a iarradh uirthi Airteagal 1(3) de Threoir 89/665 a léiriú, is fíor gur chinn an Chúirt, i gcomhthéacs nós imeachta chun conradh poiblí a dhámhachtain, go bhfuil leas dlisteanach comhionann ag tairgeoirí in eisiamh na dtairiscintí ó na tairgeoirí eile chun an conradh lena mbaineann a fháil (féach, chuige sin, breithiúnais an 4 Iúil 2013, Fastweb, C-100/12, EU:C:2013:448, mír 33, agus an 5 Aibreán 2016, PFE, C-689/13, EU:C:2016:199, mír 27), gan beann ar líon na rannpháirtithe sa nós imeachta agus líon na rannpháirtithe a thionscain caingne (féach, chuige sin, breithiúnais an 4 Iúil 2013, Fastweb, C-100/12, EU:C:2013:448, mír 33, agus an 5 Aibreán 2016, PFE, C-689/13, AE:C:2016:199, míreanna 28 agus 29).

    37

    Mar sin féin, mar a luaigh an Chúirt i mbreithiúnas an 21 Nollaig 2016, Bietergemeinschaft Technische Gebäudebetreuung und Caverion Österreich (C-355/15, EU:C:2016:988, míreanna 30 go 32), na cásanna a bhí i gceist sna cásanna inar tugadh breithiúnais an 4 Iúil 2013, Fastweb (C-100/12, EU:C:2013:448), agus an 5 Aibreán 2016, PFE (C-689/13, EU:C:2016:199), is é a bhí i gceist, ar an gcéad dul síos, nach raibh tairiscintí na dtairgeoirí lena mbaineann ina n-ábhar do chinneadh maidir le heisiamh ó thaobh an údaráis chonarthaigh lena mbaineann agus, ar an dara dul síos, gur sraith aonair imeachtaí athbhreithnithe maidir leis an gcinneadh an conradh lena mbaineann a dhámhachtain ina ndearna gach ceann de na tairgeoirí agóid i gcoinne dhlíthiúlacht thairiscint an duine eile, agus leas dlisteanach comhionann ag gach ceann acu i dtairiscint an duine eile a eisiamh, agus go bhféadfaí a chinneadh dá bharr sin nárbh fhéidir leis an údarás conarthach sin tairiscint bhailí a roghnú.

    38

    Os a choinne sin, i gcás, sular glacadh an cinneadh maidir le conradh poiblí a dhámhachtain, go ndearnadh tairgeoir a eisiamh go cinntitheach ó rannpháirtíocht sa nós imeachta um dhámhachtain an chonartha lena mbaineann le cinneadh ón údarás conarthach a deimhníodh le cinneadh breithiúnach a bhfuil feidhm res judicata faighte aige, is léir ó chásdlí na Cúirte nach gcoisctear le hAirteagal 1(3) de Threoir 89/665 rochtain a dhiúltú don tairgeoir ar athbhreithniú ar chinneadh an chonartha phoiblí lena mbaineann a dhámhachtain agus an conradh comhfhreagrach a thabhairt chun críche (féach, chuige sin, breithiúnais an 21 Nollaig 2016, Bietergemeinschaft Technische Gebäudebetreuung und Caverion Österreich, C-355/15, EU:C:2016:988, míreanna 35 agus 36; an 11 Bealtaine 2017, Archus agus Gama, C-131/16, EU:C:2017:358, míreanna 57 go 59, agus an 24 Márta 2021, NAMA agus páirtithe eile, EU:C:2021:232, mír 42).

    39

    Mar a chinn an Chúirt, is é nach bhfuil an cinneadh maidir le heisiamh cinntitheach fós, mar sin, atá cinntitheach maidir le locus standi an tairgeora i gcoinne cinneadh dámhachtana (breithiúnas an 21 Nollaig 2021, Randstad Italia, C-497/20, EU:C:2021:1037, míreanna 73 agus 74, agus ordú an 17 Bealtaine 2022, Estaleiros Navais de Peniche, C-787/21, nár foilsíodh, EU:C:2022:414, mír 25). Faoi Airteagal 2a(2) de Threoir 89/665, tá eisiamh tairgeora ó rannpháirtíocht i nós imeachta soláthair cinntitheach má cuireadh in iúl don tairgeoir sin é agus más rud é gur chinn comhlacht athbhreithnithe neamhspleách go bhfuil sé dleathach nó nach féidir é a chur faoi réir nós imeachta athbhreithnithe a thuilleadh.

    40

    Ina theannta sin, tá na breithnithe atá leagtha amach i mír 38 den bhreithiúnas seo infheidhme freisin maidir le hoibreoir nár chuir tairiscint isteach i gcomhthéacs nós imeachta maidir le conradh poiblí a dhámhachtain, ar an bhforas nár chomhlíon sé ceann de na coinníollacha a cheanglaítear leis an nglao ar thairiscintí lena mbaineann agus nach bhféadfaí an conradh poiblí sin a dhámhachtain air, agus ar diúltaíodh dá chaingean i gcoinne an ghlao sin ar thairiscintí, lenar tugadh faoi cheist dhlíthiúlacht an choinníll sin a áireamh, le cinneadh a fuair feidhm res judicata sular glacadh an cinneadh an conradh poiblí sin a dhámhachtain. Go deimhin, níl difríocht shubstaintiúil idir staid an oibreora sin, maidir lena eisiamh cinntitheach ó nós imeachta dámhachtana den sórt sin, agus cás tairgeora dá dtagraítear i mír 38.

    41

    Ní féidir conclúid dhifriúil a bheith mar thoradh ar bhreithiúnas an 5 Meán Fómhair 2019, Lombardi (C-333/18, EU:C:2019:675), dá dtagraíonn an chúirt a rinne an tarchur.

    42

    Mar is léir ó mhíreanna 8 go 10 den bhreithiúnas sin, ní bhaineann an breithiúnas sin le cás tairgeora ar cinneadh a eisiamh ó rannpháirtíocht sa nós imeachta chun conradh a dhámhachtain a bheith dleathach le cinneadh breithiúnach a bhfuil feidhm res judicata aige, ach leis an staid chéanna dá dtagraítear sa chásdlí a luaitear i mír 36 thuas, is é sin tairgeoir a chuireann i gcoinne dhlíthiúlacht ligean isteach na tairisceana a rinne tairgeoir amháin eile nó níos mó agus ar cuireadh i gcoinne bhailíocht a thairisceana féin, nach bhfuil cinneadh cinntitheach déanta ina leith.

    43

    Is leis na himthosca sin a bhaineann na breithnithe a leagtar amach i mír 28 den bhreithiúnas sin, ar dá réir, más rud é go rialaítear i bhfabhar caingean an tairgeora ar diúltaíodh dá thairiscint, go bhféadfadh an t-údarás conarthach an cinneadh a ghlacadh an nós imeachta um dhámhachtain lena mbaineann a neamhniú agus nós imeachta nua a thionscnamh, ar an bhforas nach sásaíonn na tairiscintí bailí atá fágtha go leordhóthanach ionchais an údaráis chonarthaigh sin. Maidir leis na himthosca sin, a thug ar an gCúirt a chinneadh, i mír 29 den bhreithiúnas sin, nach féidir, in imthosca den sórt sin, inghlacthacht na caingne sna príomhimeachtaí a bheith faoi réir cinneadh roimh ré a bheith ann go raibh na tairiscintí go léir a bhí rangaithe níos ísle ná tairiscint an tairgeora a thug an chaingean sin neamhbhailí freisin, nó bhainfí an bonn de Threoir 89/665, níl ann dóibh sna príomhimeachtaí.

    44

    Ar deireadh, ní féidir údar cuí a thabhairt le léirmhíniú éagsúil ar Airteagal 1(3) de Threoir 89/665 leis an bhfíoras go bhfuil oibreoir ar eisiadh é go cinntitheach ó rannpháirtíocht i nós imeachta soláthair ag brath, mar thaca lena chaingean i gcoinne an chinnidh lena ndéantar an conradh lena mbaineann a dhámhachtain nó i gcoinne dhiúltú an údaráis chonarthaigh an cinneadh sin a fhreaschur, go raibh gach tairgeoir sa nós imeachta soláthair sin rannpháirteach i gcomhaontú arb ionann é agus sárú ar na rialacha iomaíochta.

    45

    Níl difear idir oibreoir i gcás den sórt sin, i ndeireadh na dála, agus aon oibreoir eile a d’fhéadfadh tairiscint a chur isteach. Mar is léir ón gcásdlí a luaitear i mír 31 den bhreithiúnas seo, ní leor an fíoras deireanach sin chun go gcuimseofar oibreoir den sórt sin faoin gcoincheap “duine a bhfuil leas aige nó a raibh leas aige i gconradh áirithe a fháil agus a ndearnadh dochar dó nó a bhfuil baol ann go ndéanfar dochar dó trí shárú líomhainte” de réir bhrí Airteagal 1(3) de Threoir 89/665.

    46

    I bhfianaise na mbreithnithe uile sin roimhe seo, is é an freagra ar na ceisteanna a tharchuirtear ná nach mór Airteagal 1(3) de Threoir 89/665 a léiriú sa chaoi nach gcuirtear cosc leis ar dhlí Ballstáit nach gceadaíonn d’oibreoir, a choisctear air páirt a ghlacadh i nós imeachta chun conradh poiblí a dhámhachtain ar an bhforas nár chomhlíon sé ceann de na coinníollacha rannpháirtíochta a leagtar síos sa ghlao ar thairiscintí lena mbaineann, agus ar diúltaíodh dá chaingean i gcoinne an coinníoll sin a áireamh, sa ghlao sin ar thairiscintí, le cinneadh a bhfuil feidhm res judicata faighte aige, agóid a dhéanamh i gcoinne dhiúltú an údaráis chonarthaigh lena mbaineann an cinneadh lenar dámhadh an conradh poiblí sin a neamhniú tar éis do chinneadh breithiúnach a dheimhniú go raibh an tairgeoir rathúil agus gach tairgeoir eile rannpháirteach i gcomhaontú ar sárú é ar na rialacha iomaíochta san earnáil chéanna leis an nós imeachta chun an conradh poiblí sin a dhámhachtain.

    Costais

    47

    Ós rud é, sa mhéid a bhaineann sé leis na páirtithe sna príomhimeachtaí, go bhfuil na himeachtaí mar chéim sa chás os comhair na cúirte náisiúnta, baineann ceist na gcostas leis an gcúirt sin. Níl na costais a tabhaíodh trí bharúlacha a cuireadh faoi bhráid na Cúirte, seachas costais na bpáirtithe sin, inghnóthaithe.

     

    Ar na forais sin, rialaíonn an Chúirt (an Deichiú Dlísheomra) mar seo a leanas:

     

    Maidir le hAirteagal 1(3) de Threoir 89/665/CEE ón gComhairle an 21 Nollaig 1989 maidir le comhordú na ndlíthe, na rialachán agus na bhforálacha riaracháin a bhaineann le cur i bhfeidhm nósanna imeachta athbhreithnithe ar dhámhachtain conarthaí soláthair phoiblí agus oibreacha poiblí, arna leasú le Treoir 2014/23/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, an 26 Feabhra 2014,

     

    ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

     

    ní chuirtear cosc leis ar dhlí Ballstáit nach gceadaíonn d’oibreoir a choisctear air páirt a ghlacadh i nós imeachta chun conradh poiblí a dhámhachtain ar an bhforas nár chomhlíon sé ceann de na coinníollacha rannpháirtíochta a leagtar síos sa ghlao ar thairiscintí lena mbaineann, agus ar diúltaíodh dá chaingean i gcoinne an coinníoll sin a áireamh, sa ghlao sin ar thairiscintí, le cinneadh a bhfuil feidhm res judicata leis, agóid a dhéanamh i gcoinne dhiúltú an údaráis chonarthaigh lena mbaineann an cinneadh lenar dámhadh an conradh poiblí sin a neamhniú tar éis do chinneadh breithiúnach a dheimhniú, go raibh an tairgeoir rathúil agus gach tairgeoir eile rannpháirteach i gcomhaontú ar sárú é ar na rialacha iomaíochta san earnáil chéanna leis an nós imeachta chun an conradh poiblí sin a dhámhachtain.

     

    Sínithe


    ( *1 ) Teanga an cháis: an Iodáilis.

    Top