Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62022CB0424

Cás C-424/22, Santander Bank Polska: Ordú na Cúirte Breithiúnais (an Naoú Dlísheomra) an 8 Bealtaine 2024 (iarraidh ar réamhrialú ón Sąd Okręgowy w Krakowie – an Pholainn) – WN v Santander Bank Polska S.A. (Tarchur chun réamhrialú – Airteagal 99 de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Breithiúnais – Freagra a fhéadfar a bhaint go soiléir as an gcásdlí – Cosaint tomhaltóirí – Treoir 93/13/CEE – Téarmaí éagóracha i gconarthaí tomhaltóra – Airteagal 6(1) agus Airteagal 7(1) – Éifeachtaí dearbhaithe go bhfuil téarma éagórach – Conradh iasachta morgáiste arna innéacsú d’airgeadra eachtrach, ina bhfuil téarmaí conartha éagóracha san áireamh maidir le luacháil shócmhainní agus an ráta malairte – Neamhniú an chonartha sin – Éifeachtaí aisíoca – Ceart coinneála)

IO C, C/2024/4073, 8.7.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/4073/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/4073/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2024/4073

8.7.2024

Ordú na Cúirte Breithiúnais (an Naoú Dlísheomra) an 8 Bealtaine 2024 (iarraidh ar réamhrialú ón Sąd Okręgowy w Krakowie – an Pholainn) – WN v Santander Bank Polska S.A.

(Cás C-424/22  (1) , Santander Bank Polska)

(Tarchur chun réamhrialú - Airteagal 99 de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Breithiúnais - Freagra a fhéadfar a bhaint go soiléir as an gcásdlí - Cosaint tomhaltóirí - Treoir 93/13/CEE - Téarmaí éagóracha i gconarthaí tomhaltóra - Airteagal 6(1) agus Airteagal 7(1) - Éifeachtaí dearbhaithe go bhfuil téarma éagórach - Conradh iasachta morgáiste arna innéacsú d’airgeadra eachtrach, ina bhfuil téarmaí conartha éagóracha san áireamh maidir le luacháil shócmhainní agus an ráta malairte - Neamhniú an chonartha sin - Éifeachtaí aisíoca - Ceart coinneála)

(C/2024/4073)

Teanga an cháis: an Pholainnis

An chúirt a rinne an tarchur

Sąd Okręgowy w Krakowie

Páirtithe

Iarratasóir: WN

Cosantóir: Santander Bank Polska S.A.

An chuid oibríochtúil

Maidir le hAirteagal 6(1) agus Airteagal 7(1) de Threoir 93/13/CEE ón gComhairle an 5 Aibreán 1993, maidir le téarmaí éagóracha i gconarthaí tomhaltóra,

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

cuirtear cosc leo ar léiriú breithiúnach ar an dlí náisiúnta ar dá réir, i gcomhthéacs comhaontaithe iasachta morgáiste arna thabhairt i gcrích le tomhaltóir ag institiúid baincéireachta a chur ar neamhní, mar gheall ar théarma éagórach i gclásail áirithe den chonradh, go bhfuil agairt, ag an mbunaíocht sin, cirt coinneála go bhféadfaí an tomhaltóir sin, íocaíocht a fháil ar mhéideanna a ordaítear don institiúid sin a íoc mar thoradh ar éifeachtaí aisíoca an dearbhaithe go raibh na téarmaí sin éagórach de choinníoll ar thairiscint choimhdeachtach an tomhaltóra sin aisíoc nó ráthaíocht a thabhairt go n-aisíocfar na suimeanna go léir a fuair sé ón institiúid sin faoin gconradh sin, beag beann ar na haisíocaíochtaí arna dhéanamh cheana féin.


(1)  Dáta an taiscthe: 27.6.2022


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/4073/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)


Top