Wählen Sie die experimentellen Funktionen, die Sie testen möchten.

Dieses Dokument ist ein Auszug aus dem EUR-Lex-Portal.

Dokument 62022CB0200

Cás C-200/22, Vantage Logistics: Ordú ón gCúirt Bhreithiúnais (an Seachtú Dlísheomra) an 18 Aibreáin 2023 (iarraidh ar réamhrialú ón Curtea de Apel Alba Iulia – an Rómáin) – Vantage Logistics SRL v Administraţia Judeţeană a Finanţelor Publice Alba, Auto Help Alba SRL, Banca Transilvania SA, BRD – Groupe Société Générale SA, SC Croma SRL, SC Polaris M.Holding, SC Elit România Piese Auto Originale SRL (Tarchur chun réamhrialú – Airteagal 53(2) de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte – Comhar breithiúnach in ábhair shibhialta – Imeachtaí dócmhainneachta – Plean athstruchtúraithe – Treoir (AE) 2019/1023 – Infheidhmeacht ratione temporis agus ratione materiae – Airteagal 17 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh – Easpa shoiléir dlínse na Cúirte Breithiúnais)

IO C 286, 14.8.2023, S. 13–13 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

14.8.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 286/13


Ordú ón gCúirt Bhreithiúnais (an Seachtú Dlísheomra) an 18 Aibreáin 2023 (iarraidh ar réamhrialú ón Curtea de Apel Alba Iulia – an Rómáin) – Vantage Logistics SRL v Administraţia Judeţeană a Finanţelor Publice Alba, Auto Help Alba SRL, Banca Transilvania SA, BRD – Groupe Société Générale SA, SC Croma SRL, SC Polaris M.Holding, SC Elit România Piese Auto Originale SRL

(Cás C-200/22 (1), Vantage Logistics)

(Tarchur chun réamhrialú - Airteagal 53(2) de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte - Comhar breithiúnach in ábhair shibhialta - Imeachtaí dócmhainneachta - Plean athstruchtúraithe - Treoir (AE) 2019/1023 - Infheidhmeacht ratione temporis agus ratione materiae - Airteagal 17 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh - Easpa shoiléir dlínse na Cúirte Breithiúnais)

(2023/C 286/14)

Teanga an cháis: an Rómáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Curtea de Apel Alba Iulia

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: Vantage Logistics SRL

Cosantóirí: Administraţia Judeţeană a Finanţelor Publice Alba, Auto Help Alba SRL, Banca Transilvania SA, BRD – Groupe Société Générale SA, SC Croma SRL, SC Polaris M.Holding, SC Elit România Piese Auto Originale SRL

Idiragraithe: SC Nedo Auto Service SRL, CH Insolvency IPURL, i gcáil leachtaitheoir arna cheapadh ag an gcúirt ar SC Nedo Auto Service SRL

An chuid oibríochtúil

Is léir nach bhfuil aon dlínse ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh an cheist a tharchuir Curtea de Apel Alba Iulia (Cúirt Achomhairc Alba Iulia, an Rómáin) le haghaidh réamhrialú, le cinneadh an 22 Feabhra 2022, a fhreagairt.


(1)  IO C 222, 07.06.2022


nach oben