Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62022CA0740

Cás C-740/22,  Endemol Shine Finland: Breithiúnas na Cúirte (an Séú Dlísheomra) an 7 Márta 2024 (iarraidh ar réamhrialú ón Itä-Suomen hovioikeus – an Fhionlainn) – Endemol Shine Finland Oy (Tarchur chun réamhrialú – Cosaint sonraí pearsanta – Rialachán (AE) 2016/679 – Airteagail 2, 4, 6, 10 agus 86 – Sonraí a choimeádann cúirt a bhaineann le ciontuithe coiriúla de dhuine nádúrtha – Nochtadh ó bhéal de sonraí na sórt sin ag cuideachta trádála mar gheall ar chomórtas arna eagrú aici – Coincheap ‘próiseáil sonraí pearsanta’ – Comhréireacht na reachtaíochta náisiúnta lena rialaítear rochtain ar na sonraí sin – Idir-réiteach idir cheart an phobail rochtain ar dhoiciméid oifigiúla agus cosaint sonraí pearsanta)

IO C, C/2024/2909, 6.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/2909/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/2909/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2024/2909

6.5.2024

Breithiúnas na Cúirte (an Séú Dlísheomra) an 7 Márta 2024 (iarraidh ar réamhrialú ón Itä-Suomen hovioikeus – an Fhionlainn) – Endemol Shine Finland Oy

(Cás T-740/22,  (1) Endemol Shine Finland)

(Tarchur chun réamhrialú - Cosaint sonraí pearsanta - Rialachán (AE) 2016/679 - Airteagail 2, 4, 6, 10 agus 86 - Sonraí a choimeádann cúirt a bhaineann le ciontuithe coiriúla de dhuine nádúrtha - Nochtadh ó bhéal de sonraí na sórt sin ag cuideachta trádála mar gheall ar chomórtas arna eagrú aici - Coincheap ‘próiseáil sonraí pearsanta’ - Comhréireacht na reachtaíochta náisiúnta lena rialaítear rochtain ar na sonraí sin - Idir-réiteach idir cheart an phobail rochtain ar dhoiciméid oifigiúla agus cosaint sonraí pearsanta)

(C/2024/2909)

Teanga an cháis: an Fhionlainnis

An chúirt a rinne an tarchur

Itä-Suomen hovioikeus

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: Endemol Shine Finland Oy

An chuid oibríochtúil

1.

Ní mór léiriú a dhéanamh ar Airteagal 2(1) agus Airteagal 4(2) de Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, an 27 Aibreán 2016, maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí),

mar seo a leanas:

is ionann nochtadh ó bhéal maidir le ciontuithe coiriúla leanúnach nó atá curtha i gcrích in aghaidh duine nádúrtha agus próiseáil sonraí pearsanta, i gcomhréir le hAirteagal 4(2), den Rialachán seo, a thagann faoi raon feidhme ratione materiae den Rialachán seo a mhéid ar cuid de chóras comhdúcháin iad nó atá beartaithe a bheith ina gcuid de chóras comhdúcháin.

2.

Ní mór léiriú a dhéanamh ar fhorálacha Rialachán 2016/679, go háirithe Airteagal 6(1)(e) agus Airteagal 10,

mar seo a leanas:

cuirtear cosc leo ar an féidearthacht na sonraí maidir le ciontaithe coiriúla de dhuine nádúrtha atá cuimsithe i gcomhad na cúirte a nochtadh ó bhéal le haon duine nádúrtha chun rochtain poiblí ar dhoiciméid oifigiúla a áirithiú, gan go mbeadh ar an duine a d’iarr an nochtadh údar a thabhairt do leas sonrach chun na sonraí sin a fháil, agus níl sé ábhartha chuige sin cibé gur chuideachta trádála nó an duine aonair é an duine sin.


(1)   IO C 63, 20.02.2023.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/2909/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)


Top