EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62022CA0451

Cás C-451/22, RT Nederland agus RTL Nieuws: Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an Dara Dlísheomra) an 18 Eanáir 2024 (iarraidh ar réamhrialú ón Raad van State – an Ísiltír) – RTL Nederland BV, RTL Nieuws BV (Tarchur chun réamhrialú – Aeriompar – Rialachán (AE) Uimh. 376/2014 – Tuairisciú ar tharluithe a chuireann an tsábháilteacht eitlíochta i mbaol – Airteagal 15 – Rúndacht na faisnéise a bhaineann leis na tarluithe sin – Raon feidhme na rúndachta sin – Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh – Airteagal 11 – Saoirse chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil – Saoirse na meán – Iarraidh ar fhaisnéis maidir le scriosadh aerárthaigh a bhí ag eitilt in oirthear na hÚcráine, arna déanamh ag cuideachtaí atá ag feidhmiú in earnáil na meán nuachta – An chéad fhomhír d’Airteagal 52 – Teorannú – Coinníollacha)

IO C, C/2024/1658, 4.3.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/1658/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/1658/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2024/1658

4.3.2024

Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an Dara Dlísheomra) an 18 Eanáir 2024 (iarraidh ar réamhrialú ón Raad van State – an Ísiltír) – RTL Nederland BV, RTL Nieuws BV

(Cás C-451/22, (1) RT Nederland agus RTL Nieuws)

(Tarchur chun réamhrialú - Aeriompar - Rialachán (AE) Uimh. 376/2014 - Tuairisciú ar tharluithe a chuireann an tsábháilteacht eitlíochta i mbaol - Airteagal 15 - Rúndacht na faisnéise a bhaineann leis na tarluithe sin - Raon feidhme na rúndachta sin - Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh - Airteagal 11 - Saoirse chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil - Saoirse na meán - Iarraidh ar fhaisnéis maidir le scriosadh aerárthaigh a bhí ag eitilt in oirthear na hÚcráine, arna déanamh ag cuideachtaí atá ag feidhmiú in earnáil na meán nuachta - An chéad fhomhír d’Airteagal 52 - Teorannú - Coinníollacha)

(C/2024/1658)

Teanga an cháis: an Ollainnis

An chúirt a rinne an tarchur

Raad van State

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóirí: RTL Nederland BV, RTL Nieuws BV

Tríú páirtí: Minister van Infrastructuur en Waterstaat

An chuid oibríochtúil

Maidir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 376/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, an 3 Aibreán 2014, maidir le tarluithe san eitlíocht shibhialta a thuairisciú, leis an anailís a dhéantar orthu agus leis na bearta leantacha a dhéantar ina leith, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 996/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 2003/42/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialacháin (CE) Uimh. 1321/2007 agus (CE) Uimh. 1330/2007 ón gCoimisiún arna leasú le Rialachán (AE) 2018/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2018 arna léamh i bhfianaise ceart chun saoirse chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil a chumhdaítear in Airteagal 11 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh,

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

tá faisnéis maidir le ‘tarlú’ a bhaineann leis an tsábháilteacht eitlíochta de réir bhrí Airteagal 2(7) de Rialachán Uimh. 376/2014 arna leasú, ar faisnéis í atá i seilbh na n-údarás náisiúnta inniúil, faoi réir chóras rúndachta, a d’fhágfadh nach bhfuil sé de cheart ag an pobal ná ag cuideachta meán nuachta rochtain a fháil ar an bhfaisnéis sin i bhfoirm ar bith.


(1)   IO C 380, 03.10.2022


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/1658/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)


Top