This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 62022CA0249
Case C-249/22, GIS: Judgment of the Court (Fifth Chamber) of 26 October 2023 (Request for a preliminary ruling from the Verwaltungsgerichtshof — Austria) — BM v Gebühren Info Service GmbH (GIS) (Reference for a preliminary ruling — Common system of value added tax (VAT) — Directive 2006/112/EC — Article 2(1)(c) — Supply of services for consideration — Concept — Activities of a public radio and television body financed by a compulsory fee paid by persons in possession of a radio and television receiver in the terrestrial broadcasting area — Article 378(1) and point 2 of Part A of Annex X — Act of accession of the Republic of Austria — Derogation — Scope)
Cás C-249/22, GIS: Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an Cúigiú Dlísheomra) an 26 Deireadh Fómhair 2023 (iarraidh ar réamhrialú ón Verwaltungsgerichtshof – an Ostair) – BM v Gebühren Info Service GmbH (GIS) (Tarchur chun réamhrialú – Córas comhchoiteann cánach breisluacha (CBL) – Treoir Uimh. 2006/112/CE – Airteagal 2(1)(c) – Seirbhísí a sholáthar ar luachchomaoin – Coincheap – Gníomhaíochtaí comhlachta phoiblí arna maoiniú trí dhleacht riachtanach arna híoc ag sealbhóirí glacadóir raidió nó teilifíse atá sa limistéar craolacháin trastíre – Airteagal 378(1) agus Cuid A(2) d’Iarscríbhinn X – Ionstraim Aontachais Phoblacht na hOstaire – Maolú – Raon feidhme)
Cás C-249/22, GIS: Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an Cúigiú Dlísheomra) an 26 Deireadh Fómhair 2023 (iarraidh ar réamhrialú ón Verwaltungsgerichtshof – an Ostair) – BM v Gebühren Info Service GmbH (GIS) (Tarchur chun réamhrialú – Córas comhchoiteann cánach breisluacha (CBL) – Treoir Uimh. 2006/112/CE – Airteagal 2(1)(c) – Seirbhísí a sholáthar ar luachchomaoin – Coincheap – Gníomhaíochtaí comhlachta phoiblí arna maoiniú trí dhleacht riachtanach arna híoc ag sealbhóirí glacadóir raidió nó teilifíse atá sa limistéar craolacháin trastíre – Airteagal 378(1) agus Cuid A(2) d’Iarscríbhinn X – Ionstraim Aontachais Phoblacht na hOstaire – Maolú – Raon feidhme)
IO C, C/2023/1108, 4.12.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2023/1108/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
C/2023/1108 |
4.12.2023 |
Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an Cúigiú Dlísheomra) an 26 Deireadh Fómhair 2023 (iarraidh ar réamhrialú ón Verwaltungsgerichtshof – an Ostair) – BM v Gebühren Info Service GmbH (GIS)
(Cás C-249/22, (1) GIS)
(Tarchur chun réamhrialú - Córas comhchoiteann cánach breisluacha (CBL) - Treoir Uimh. 2006/112/CE - Airteagal 2(1)(c) - Seirbhísí a sholáthar ar luachchomaoin - Coincheap - Gníomhaíochtaí comhlachta phoiblí arna maoiniú trí dhleacht riachtanach arna híoc ag sealbhóirí glacadóir raidió nó teilifíse atá sa limistéar craolacháin trastíre - Airteagal 378(1) agus Cuid A(2) d’Iarscríbhinn X - Ionstraim Aontachais Phoblacht na hOstaire - Maolú - Raon feidhme)
(C/2023/1108)
Teanga an cháis: an Ghearmáinis
An chúirt a rinne an tarchur
Verwaltungsgerichtshof
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: BM
Cosantóir: Gebühren Info Service GmbH (GIS)
Tríú páirtí: Bundesministerium für Finanzen, Österreichischer Rundfunk
An chuid oibríochtúil
Maidir le hAirteagal 2(1)(c) agus Airteagal 378(1) de Threoir 2006/112/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcóras comhchoiteann cánach breisluacha, léite i gcomhar le hAirteagal 151(1) agus an dara fleasc den chéad fhomhír de Chuid IX(2)(h) d’Iarscríbhinn XV a ghabhann leis an Ionstraim i dtaobh choinníollacha aontachais Phoblacht na hOstaire, Phoblacht na Fionlainne agus Ríocht na Sualainne agus oiriúnuithe na gConarthaí ar a bhfuil an tAontas Eorpach fothaithe,
ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:
ní chuirtear cosc leo ar Phoblacht na hOstaire cáin bhreisluacha a ghearradh as gníomhaíocht phoiblí chraolacháin raidió, arna maoiniú trí tháille reachtúil riachtanach agus arna híoc ag aon duine a bhíonn glacadóir craolacháin raidió á úsáid aige laistigh d’fhoirgneamh atá lonnaithe sa limistéar a chlúdaítear le craolachán raidió trastíre an chomhlachta phoiblí craolta raidió lena mbaineann, gan beann ar cibé an dtagann nó nach dtagann gníomhaíocht an chraolacháin phoiblí lena mbaineann faoin gcoincheap ‘Seirbhísí a sholáthar ar luachchomaoin’, de réir bhrí Airteagal 2(1)(c) den Treoir sin.
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2023/1108/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)