Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62022CA0238

    Cás C-238/22, LATAM Airlines Group: Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an tOchtú Dlísheomra) an 26 Deireadh Fómhair 2023 (iarraidh ar réamhrialú ó Landgericht Frankfurt am Main – an Ghearmáin) – FW v LATAM Airlines Group SA (Tarchur chun réamhrialú – Aeriompar – Rialachán (CE) Uimh. 261/2004 – Airteagal 2(j) – Airteagal 3 – Airteagal 4(3) – Cúiteamh d’aerphaisinéirí i gcás nach gceadófar dóibh bordáil – Paisinéir arna chur ar an eolas roimh ré nach gceadófar dó bordáil – Gan oibleagáid a bheith ar an bpaisinéir teacht le bordáil – Airteagal 5(1)(c) – Eisceachtaí ar an gceart chun cúitimh i gcás ina gcuirtear eitilt ar ceal – Do-ghlacthacht na n-eisceachtaí sin i gcás nach gceadaítear dó bordáil mar a bhí beartaithe)

    IO C, C/2023/1107, 4.12.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2023/1107/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2023/1107/oj

    European flag

    Iris Oifigiúil
    an Aontais Eorpaigh

    GA

    Sraith C


    C/2023/1107

    4.12.2023

    Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an tOchtú Dlísheomra) an 26 Deireadh Fómhair 2023 (iarraidh ar réamhrialú ó Landgericht Frankfurt am Main – an Ghearmáin) – FW v LATAM Airlines Group SA

    (Cás C-238/22, (1) LATAM Airlines Group)

    (Tarchur chun réamhrialú - Aeriompar - Rialachán (CE) Uimh. 261/2004 - Airteagal 2(j) - Airteagal 3 - Airteagal 4(3) - Cúiteamh d’aerphaisinéirí i gcás nach gceadófar dóibh bordáil - Paisinéir arna chur ar an eolas roimh ré nach gceadófar dó bordáil - Gan oibleagáid a bheith ar an bpaisinéir teacht le bordáil - Airteagal 5(1)(c) - Eisceachtaí ar an gceart chun cúitimh i gcás ina gcuirtear eitilt ar ceal - Do-ghlacthacht na n-eisceachtaí sin i gcás nach gceadaítear dó bordáil mar a bhí beartaithe)

    (C/2023/1107)

    Teanga an cháis: an Ghearmáinis

    An chúirt a rinne an tarchur

    Landgericht Frankfurt am Main

    Páirtithe sna príomhimeachtaí

    Iarratasóir: FW

    Cosantóir: LATAM Airlines Group SA

    An chuid oibríochtúil

    (1)

    Maidir le hAirteagal 4(3) de Rialachán (CE) Uimh. 261/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Feabhra 2004 lena mbunaítear comhrialacha maidir le cúiteamh agus cúnamh do phaisinéirí i gcás nach gceadófar dóibh bordáil agus i gcás ina gcuirfear eitiltí ar ceal nó i gcás ina gcuirfear moill fhada orthu, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 295/91,

    ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

    ní mór d’aeriompróir atá i mbun gnó, ar chuir paisinéir ar an eolas roimh ré go ndiúltódh sé cead bordála dó ar eitilt, a bhfuil áirithint dheimhnithe aige uirthi, in aghaidh a thola, an paisinéir sin a chúiteamh, fiú i gcás nár tháinig an paisinéir sin le bordáil faoi na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 3(2) den Rialachán sin.

    (2)

    Maidir le hAirteagal 5(1)(c)(i) de Rialachán Uimh. 261/2004

    ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

    an fhoráil sin lena gcruthaítear eisceacht ar cheart paisinéirí chun cúitimh i gcás ina gcuirtear eitilt ar ceal, ní bhaineann sí leis an gcás inar cuireadh an paisinéir ar an eolas, dhá sheachtain ar a laghad roimh am beartaithe imeachta na heitilte, go ndiúltódh an t-aer-iompróír atá i mbun gnó é a iompair in aghaidh a thola, rud a fhágann nach mór an ceart a bheith ag an bpaisinéir sin chun cúiteamh as gan bordáil a cheadú, dá dtagraítear le hAirteagal 4 den Rialachán sin.


    (1)   IO C 266, 11.7.2022.


    ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2023/1107/oj

    ISSN 1977-107X (electronic edition)


    Top