Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62022CA0132

    Cás C-132/22, Ministero dell'Istruzione, dell'Università e della Ricerca (Rangú speisialta): Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an Séú Dlísheomra) an 15 Meitheamh 2023 (iarraidh ar réamhrialú ón Tribunale Amministrativo Regionale per il Lazio – an Iodáil) – BM, NP v Ministero dell'Istruzione, dell'Università e della Ricerca – MIUR (Tarchur chun réamhrialú – Saoirse gluaiseachta d'oibrithe – Airteagal 45 CFAE – Rialachán (AE) Uimh. 492/2011 – Airteagal 3(1) – Constaic – Cóir chomhionann – Nós imeachta aicmithe maidir le leithdháileadh post i bhforais phoiblí náisiúnta áirithe – Coinníoll iontrála atá nasctha le taithí ghairmiúil a fuarthas roimhe sin laistigh de na bunaíochtaí sin – Reachtaíocht náisiúnta nach gceadaíonn taithí ghairmiúil a fuarthas i mBallstáit eile a chur san áireamh – Réasúnú – Cuspóir chun dul i ngleic le neamhbhuaine)

    IO C 271, 31.7.2023, p. 6–6 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    31.7.2023   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 271/6


    Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an Séú Dlísheomra) an 15 Meitheamh 2023 (iarraidh ar réamhrialú ón Tribunale Amministrativo Regionale per il Lazio – an Iodáil) – BM, NP v Ministero dell'Istruzione, dell'Università e della Ricerca – MIUR

    (Cás C-132/22 (1), Ministero dell'Istruzione, dell'Università e della Ricerca (Rangú speisialta)]

    (Tarchur chun réamhrialú - Saoirse gluaiseachta d'oibrithe - Airteagal 45 CFAE - Rialachán (AE) Uimh. 492/2011 - Airteagal 3(1) - Constaic - Cóir chomhionann - Nós imeachta aicmithe maidir le leithdháileadh post i bhforais phoiblí náisiúnta áirithe - Coinníoll iontrála atá nasctha le taithí ghairmiúil a fuarthas roimhe sin laistigh de na bunaíochtaí sin - Reachtaíocht náisiúnta nach gceadaíonn taithí ghairmiúil a fuarthas i mBallstáit eile a chur san áireamh - Réasúnú - Cuspóir chun dul i ngleic le neamhbhuaine)

    (2023/C 271/07)

    Teanga an cháis: an Iodáilis

    An chúirt a rinne an tarchur

    Tribunale Amministrativo Regionale per il Lazio

    Páirtithe sna príomhimeachtaí

    Iarratasóirí: BM, NP

    Cosantóir: Ministero dell'Istruzione, dell'Università e della Ricerca – MIUR

    An chuid oibríochtúil

    Maidir le hAirteagal 45 CFAE agus Airteagal 3(1)(b) de Rialachán (AE) Uimh. 492/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Aibreán 2011 maidir le saoirse ghluaiseachta d’oibrithe laistigh den Aontas,

    ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

    cuirtear cosc leo ar reachtaíocht náisiúnta lena bhforáiltear nach bhféadfar ach iarrthóirí a bhfuil taithí ghairmiúil áirithe faighte acu i bhforais phoiblí náisiúnta le haghaidh oiliúint ealaíne, ceoil agus cóiréagrafaíochta níos airde a ligean isteach i nós imeachta rollaithe ar na liostaí a tharraingítear suas le haghaidh earcaíochta trí bhíthin conarthaí fostaíochta a mhaireann ar feadh tréimhse éiginnte agus ar feadh tréimhse shocraithe, agus cuirtear cosc leo, ar an gcaoi sin, iad a chur san áireamh, chun críocha iad a ligean isteach sa nós imeachta sin, taithí oibre a fuarthas i mBallstáit eile.


    (1)  IO C 207, 23.5.2022.


    Top