Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62021TB0801

    Cás T-801/21: Ordú na Cúirte Ginearálta an 22 Samhain 2022 – Fieldpoint (an Chipir) v EUIPO (HYPERLIGHTEYEWEAR) (Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh – Iarratas ar fhocalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh HYPERLIGHTEYEWEAR – Dearbhfhoras le diúltú – Cineál tuairisciúil – Airteagal 7(1)(c) de Rialachán (AE) 2017/1001 – Cóir chomhionann – Caingean nach bhfuil aon bhunús dlí ann go follasach)

    IO C 35, 30.1.2023, p. 62–63 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    30.1.2023   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 35/62


    Ordú na Cúirte Ginearálta an 22 Samhain 2022 – Fieldpoint (an Chipir) v EUIPO (HYPERLIGHTEYEWEAR)

    (Cás T-801/21) (1)

    (Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh - Iarratas ar fhocalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh HYPERLIGHTEYEWEAR - Dearbhfhoras le diúltú - Cineál tuairisciúil - Airteagal 7(1)(c) de Rialachán (AE) 2017/1001 - Cóir chomhionann - Caingean nach bhfuil aon bhunús dlí ann go follasach)

    (2023/C 35/77)

    Teanga an cháis: an Béarla

    Páirtithe

    Iarratasóir: Fieldpoint (an Chipir) LTD (an Niocóis, an Chipir) (ionadaithe: P. Rath agus S. Gebele, Dlíodóirí)

    Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: L. Lapinskaite agus T. Klee, i gcáil Gníomhairí)

    Ábhar

    Trína chaingean faoi Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go ndéanfar cinneadh ón Dara Bord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 6 Deireadh Fómhair 2021 a neamhniú (Cás R 1165/2021-2).

    An chuid oibríochtúil

    1)

    Diúltaítear don chaingean.

    2)

    Ordaítear do Fieldpoint (an Chipir) LTD na costais a íoc.


    (1)  IO C 73, 14.2.2022.


    Top