Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62021TB0653

    Cás T-653/21: Ordú na Cúirte Ginearálta an 20 Deireadh Fómhair 2022 – Callaway v an Coimisiún (Caingean le haghaidh neamhniú – An comhbheartas talmhaíochta – Catalóg choiteann de chineálacha de speicis plandaí talmhaíochta – Cineálacha plandaí – Táirgeoir den chineál chnáib Finola – Limistéir arna saothrú sa Pholainn – Cineálacha cnáibe atá incháilithe do thacaíocht airgeadais faoi chuimsiú an chomhbheartais talmhaíochta – Cion teitrihidreacannaibionóil (THC) – Údarú arna thabhairt don Pholainn margaíocht chineál Finola a chosc ar a críoch – Easpa cúraim dhírigh – Do-ghlacthacht)

    IO C 463, 5.12.2022, p. 46–47 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    5.12.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 463/46


    Ordú na Cúirte Ginearálta an 20 Deireadh Fómhair 2022 – Callaway v an Coimisiún

    (Cás T-653/21) (1)

    (Caingean le haghaidh neamhniú - An comhbheartas talmhaíochta - Catalóg choiteann de chineálacha de speicis plandaí talmhaíochta - Cineálacha plandaí - Táirgeoir den chineál chnáib Finola - Limistéir arna saothrú sa Pholainn - Cineálacha cnáibe atá incháilithe do thacaíocht airgeadais faoi chuimsiú an chomhbheartais talmhaíochta - Cion teitrihidreacannaibionóil (THC) - Údarú arna thabhairt don Pholainn margaíocht chineál Finola a chosc ar a críoch - Easpa cúraim dhírigh - Do-ghlacthacht)

    (2022/C 463/67)

    Teanga an cháis: an Béarla

    Páirtithe

    Iarratasóir: James C. Callaway (Kuopio, an Fhionlainn) (ionadaí: P. Hoffman, Dlíodóir)

    Cosantóir: An Coimisiún Eorpach (ionadaithe: A. Becker agus F. Castilla Contreras, Gníomhairí)

    Ábhar

    Lena chaingean atá bunaithe ar Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfear ar neamhní Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1214 ón gCoimisiún an 22 Iúil 2021 lena gceadaítear do Phoblacht na Polainne margaíocht chineál chnáib Finola a chosc ar a críoch i gcomhréir le Treoir 2002/53/CE ón gComhairle (IO 2021 L 265, lch. 1). Áitíonn sé, freisin, de bhun Airteagal 277 CFAE, pléadálacha neamhdhleathachta i leith Airteagal 32(6) de Rialachán Uimh. 1307/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear rialacha maidir le híocaíochtaí díreacha le feirmeoirí faoi scéimeanna tacaíochta faoi chuimsiú an chomhbheartais talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 637/2008 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 73/2009 ón gComhairle (IO 2013 L 347, lch. 608), agus i leith Airteagal 9(5) de Rialachán Tarmligthe Uimh. 639/2014 ón gCoimisiún an 11 Márta 2014 lena bhforlíontar Rialachán Uimh. 1307/2013 agus lena leasaítear Iarscríbhinn X den Rialachán sin (IO 2014 L 181, lch. 1).

    An chuid oibríochtúil

    1)

    Diúltaítear don chaingean toisc í a bheith do-ghlactha.

    2)

    Ní gá breith a thabhairt ar iarratais ar idiragairt Chomhairle an Aontais Eorpaigh, Pharlaimint na hEorpa agus Phoblacht na Polainne.

    3)

    Ordaítear do James C. Callaway a chostais féin a íoc chomh maith le costais an Choimisiúin Eorpaigh.

    4)

    Ordaítear don Chomhairle, don Pharlaimint agus do Phoblacht na Polainne a gcostais féin a bhaineann leis na hiarratais ar idiragairt a íoc.


    (1)  IO C 24, 17.1.2022.


    Top