Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62021TA0677

    Cás T-677/21: Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 13 Iúil 2022 – TL v an Coimisiún (Státseirbhís – Foireann shealadach – Tuarascáil mheastóireachta le haghaidh 2019 – Oibleagáid cúiseanna a lua – Earráid fhollasach mheasúnaithe – Cuspóirí a leagan síos – Mí-úsáid cumhachtaí – Dliteanas)

    IO C 359, 19.9.2022, p. 71–71 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    19.9.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 359/71


    Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 13 Iúil 2022 – TL v an Coimisiún

    (Cás T-677/21) (1)

    (Státseirbhís - Foireann shealadach - Tuarascáil mheastóireachta le haghaidh 2019 - Oibleagáid cúiseanna a lua - Earráid fhollasach mheasúnaithe - Cuspóirí a leagan síos - Mí-úsáid cumhachtaí - Dliteanas)

    (2022/C 359/87)

    Teanga an cháis: an Béarla

    Páirtithe

    Iarratasóir: TL (ionadaithe: L. Levi agus N. Flandin, Dlíodóirí)

    Cosantóir: An Coimisiún Eorpach (ionadaithe: M. Brauhoff agus L. Hohenecker, i gcáil Gníomhairí)

    Ábhar

    Lena caingean de bhun Airteagal 270 CFAE, iarrann an t-iarratasóir, ar an gcéad dul síos, go ndéanfar a cuid tuarascáil mheastóireachta le haghaidh 2019 a neamhniú nó, mar mhalairt air sin, go ndéanfar í a neamhniú go páirteach agus, a mhéid is gá, an cinneadh ó údarás an Choimisiúin Eorpaigh a bhfuil sé de chumhacht aige conarthaí fostaíochta a thabhairt i gcrích an 8 Iúil 2021 lena ndéantar a gearán a dhíbhe faoi Airteagal 90(2) de Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh i gcoinne na tuarascála sin, agus, ar an dara dul síos, ar chúiteamh as an damáiste morálta a d’fhulaing an t-iarratasóir mar gheall ar neamhdhleathacht na tuarascála sin.

    An chuid oibríochtúil

    1)

    Déantar an chaingean a dhíbhe.

    2)

    Ordaítear do TL na costais a íoc.


    (1)  IO C 502, 13.12.2021.


    Top