Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62021TA0621

Cás T-621/21: Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 26 Deireadh Fómhair 2022 – Lemken v EUIPO (Scáth spéirghorm) (Trádmharc an Aontais Eorpaigh – Iarratas ar thrádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh ina bhfuil Scáth spéirghorm – Dearbhfhoras le diúltú – Easpa sainiúlachta – Airteagal 7(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 – Easpa sainiúlachta faighte trí úsáid a bhaint as – Airteagal 7(3) de Rialachán 2017/1001)

IO C 7, 9.1.2023, p. 29–30 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

9.1.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 7/29


Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 26 Deireadh Fómhair 2022 – Lemken v EUIPO (Scáth spéirghorm)

(Cás T-621/21) (1)

(Trádmharc an Aontais Eorpaigh - Iarratas ar thrádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh ina bhfuil Scáth spéirghorm - Dearbhfhoras le diúltú - Easpa sainiúlachta - Airteagal 7(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 - Easpa sainiúlachta faighte trí úsáid a bhaint as - Airteagal 7(3) de Rialachán 2017/1001)

(2023/C 7/37)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

Páirtithe

Iarratasóir: Lemken GmbH & Co. KG (Alpen, an Ghearmáin) (ionadaithe: I. Kuschel agus W. von der Osten-Sacken, Dlíodóirí)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: T. Klee agus E. Markakis, i gcáil Gníomhairí)

Maidir le:

Trína chaingean faoi Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfí cinneadh an chéad Bhord Achomhairc Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 15 Iúil 2021 (Cás R 2037/2020 1) ar neamhní.

An chuid oibríochtúil

1.

Diúltaítear don chaingean;

2.

Ordaítear do Lemken GmbH & Co. KG na costais a íoc.


(1)  IO C 462, 15.11.2021.


Top