Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62021TA0573

    Cás T-573/21: Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 13 Iúil 2022 – Brand Energy Holdings v EUIPO (RAPIDGUARD) (Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh – Iarratas ar fhocalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh RAPIDGUARD – Dearbhfhorais le diúltú – Cineál tuairisciúil – Airteagal 7(1)(c) de Rialachán (AE) 2017/1001 – Easpa leithleachais – Airteagal 7(1)(b) de Rialachán 2017/1001 – An ceart chun éisteacht a fháil)

    IO C 359, 19.9.2022, p. 69–69 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    19.9.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 359/69


    Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 13 Iúil 2022 – Brand Energy Holdings v EUIPO (RAPIDGUARD)

    (Cás T-573/21) (1)

    (Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh - Iarratas ar fhocalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh RAPIDGUARD - Dearbhfhorais le diúltú - Cineál tuairisciúil - Airteagal 7(1)(c) de Rialachán (AE) 2017/1001 - Easpa leithleachais - Airteagal 7(1)(b) de Rialachán 2017/1001 - An ceart chun éisteacht a fháil)

    (2022/C 359/84)

    Teanga an cháis: an Ghearmáinis

    Páirtithe

    Iarratasóir: Brand Energy Holdings BV (Flardingue, an Ísiltír) (ionadaithe: A. Hönninger agus F. Dechent, Dlíodóirí)

    Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaí: D. Walicka, i gcáil Gníomhaire)

    Ábhar:

    Lena chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go ndéanfar an chinneadh ón gcúigiú Bord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 30 Meitheamh 2021 a neamhniú (Cás R 294/2021-5).

    An chuid oibríochtúil

    1)

    Déantar an chaingean a dhíbhe.

    2)

    Ordaítear do Brand Energy Holdings BV a chostais féin agus na costais arna dtabhú ag Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) a íoc.


    (1)  IO C 431, 25.10.2021.


    Top