Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62021TA0433

    Cás T-433/21: Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 8 Meitheamh 2022 – Vitronic v EUIPO (Enforcement Trailer) [Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh – Iarratas ar fhocalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh Enforcement Trailer – Dearbhfhorais le diúltú – Cineál tuairisciúil – Airteagal 7(1)(b) agus (c) de Rialachán (AE) 2017/1001 – Airteagal 7(2) de Rialachán 2017/1001]

    IO C 294, 1.8.2022, p. 30–30 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    1.8.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 294/30


    Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 8 Meitheamh 2022 – Vitronic v EUIPO (Enforcement Trailer)

    (Cás T-433/21) (1)

    (Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh - Iarratas ar fhocalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh Enforcement Trailer - Dearbhfhorais le diúltú - Cineál tuairisciúil - Airteagal 7(1)(b) agus (c) de Rialachán (AE) 2017/1001 - Airteagal 7(2) de Rialachán 2017/1001)

    (2022/C 294/43)

    Teanga an cháis: an Ghearmáinis

    Páirtithe

    Iarratasóir: Vitronic Dr.-Ing. Stein Bildverarbeitungssysteme GmbH (Wiesbaden, an Ghearmáin) (ionadaí: D. Tsoumanis, Dlíodóir)

    Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: T. Klee agus D. Hanf, i gcáil Gníomhairí)

    Ábhar

    Trína chaingean faoi Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfí ar neamhní cinneadh ón gceathrú Bord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 18 Bealtaine 2021 (Cás R 236/2021-4).

    An chuid oibríochtúil

    1)

    Diúltaítear don chaingean.

    2)

    Ordaítear do Vitronic Dr.-Ing. Stein Bildverarbeitungssysteme GmbH na costais a íoc.


    (1)  IO C 357, 6.9.2021.


    Top