This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 62021TA0426
Case T-426/21: Judgment of the General Court of 8 March 2023 — Assaad v Council (Common foreign and security policy — Restrictive measures adopted against Syria — Freezing of funds — Errors of assessment — Retroactivity — Legitimate expectations — Legal certainty — Force of res judicata)
Cás T-426/21: Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 8 Márta 2023 – Assaad v an Chomhairle (Comhbheartas eachtrach agus slándála – Bearta sriantacha arna nglacadh in aghaidh Siria – Reo na gcistí – Earráidí measúnachta – Éifeacht chúlghabhálach – Ionchas dlisteanach – Deimhneacht dhlíthiúil – Res judicata)
Cás T-426/21: Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 8 Márta 2023 – Assaad v an Chomhairle (Comhbheartas eachtrach agus slándála – Bearta sriantacha arna nglacadh in aghaidh Siria – Reo na gcistí – Earráidí measúnachta – Éifeacht chúlghabhálach – Ionchas dlisteanach – Deimhneacht dhlíthiúil – Res judicata)
IO C 155, 2.5.2023, p. 50–50
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
|
2.5.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 155/50 |
Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 8 Márta 2023 – Assaad v an Chomhairle
(Cás T-426/21) (1)
(Comhbheartas eachtrach agus slándála - Bearta sriantacha arna nglacadh in aghaidh Siria - Reo na gcistí - Earráidí measúnachta - Éifeacht chúlghabhálach - Ionchas dlisteanach - Deimhneacht dhlíthiúil - Res judicata)
(2023/C 155/63)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: Nizar Assaad (Beirut, An Liobáin) (ionadaithe: M. Lester, KC, G. Martin agus C. Enderby Smith, aturnaetha)
Cosantóir: Comhairle an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: T. Haas agus M. Bishop, Gníomhairí)
Ábhar
Lena chaingean atá bunaithe ar Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go neamhnófaí Cinneadh Cur Chun Feidhme (CBES) 2021/751 ón gComhairle an 6 Bealtaine 2021 lena gcuirtear chun feidhme Cinneadh 2013/255/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne na Siria (IO 2021, L 160, lch. 115), Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/743 ón gComhairle an 6 Bealtaine 2021 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 36/2012 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSiria (IO 2021, L 160, lch. 1), Cinneadh (CBES) 2022/849 ón gComhairle an 30 Bealtaine 2022 lena leasaítear Cinneadh 2013/255/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne na Siria (IO 2022, L 148, lch. 52), agus Rialachán cur chun feidhme (AE) 2022/840 ón gComhairle an 30 Bealtaine 2022 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 36/2012 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSiria (IO 2022, L 148, lch. 8), a mhéid a bhaineann na gníomhartha sin leis.
An chuid oibríochtúil
|
1) |
Neamhnaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (CBES) 2021/751 ón gComhairle an 6 Bealtaine 2021 lena gcuirtear chun feidhme Cinneadh 2013/255/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne na Siria, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/743 ón gComhairle an 6 Bealtaine 2021 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 36/2012 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSiria, Cinneadh (CBES) 2022/849 ón gComhairle an 30 Bealtaine 2022 lena leasaítear Cinneadh 2013/255/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne na Siria, et le règlement d’exécution (UE) 2022/840 du Conseil, du 30 mai 2022, agus Rialachán cur chun feidhme (AE) 2022/840 ón gComhairle an 30 Bealtaine 2022 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 36/2012 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSiria, a mhéid a bhaineann siad le Nizar Assaad. |
|
2) |
Coinnítear éifeachtaí Chinneadh 2022/849 i bhfeidhm ar an Uasal Assaad go dtí an spriocdháta le haghaidh achomhairc, nó, má dhéantar achomharc roimh an spriocdháta sin, go dtí go ndiúltófaí don achomharc. |
|
3) |
Ordaítear do Chomhairle an Aontais Eorpaigh na costais a íoc. |