This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 62021TA0415
Case T-415/21: Judgment of the General Court of 20 December 2023 — Banca Popolare di Bari v Commission (Non-contractual liability — State aid — Aid granted by the Italian authorities to Banca Tercas — Decision declaring the aid incompatible with the internal market — Limitation period — Continuous damage — Partial inadmissibility — Sufficiently serious breach of a rule of law intended to confer rights on individuals — Causal link)
Cás T-415/21: Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 20 Nollaig 2023 – Banca Popolare di Bari v an Coimisiún (Dliteanas neamhchonarthach – Státchabhair – Cabhair arna deonú ag údaráis na hIodáile do Banca Tercas – Cinneadh lena ndearbhaítear nach bhfuil an chabhair comhoiriúnach leis an margadh inmheánach – Tréimhse teorann – Damáiste leanúnach – Neamh-inghlacthacht pháirteach – Sárú atá tromchúiseach go leor ar riail dlí atá beartaithe cearta a thabhairt do dhaoine aonair – Nasc cúisíoch)

IO C, C/2024/1690, 4.3.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/1690/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
C/2024/1690 |
4.3.2024 |
Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 20 Nollaig 2023 – Banca Popolare di Bari v an Coimisiún
(Cás T-415/21) (1)
(Dliteanas neamhchonarthach - Státchabhair - Cabhair arna deonú ag údaráis na hIodáile do Banca Tercas - Cinneadh lena ndearbhaítear nach bhfuil an chabhair comhoiriúnach leis an margadh inmheánach - Tréimhse teorann - Damáiste leanúnach - Neamh-inghlacthacht pháirteach - Sárú atá tromchúiseach go leor ar riail dlí atá beartaithe cearta a thabhairt do dhaoine aonair - Nasc cúisíoch)
(C/2024/1690)
Teanga an cháis: an Iodáilis
Páirtithe
Iarratasóir: Banca Popolare di Bari SpA (Bari, an Iodáil) (ionadaithe: A. Zoppini, G. M. Roberti, I. Perego, G. Parisi agus D. Gallo, Dlíodóirí)
Cosantóir: An Coimisiún Eorpach (ionadaithe: L. Flynn, I. Barcew, A. Bouchagiar agus D. Recchia, Gníomhairí)
Ábhar
Trína chaingean faoi Airteagal 268 CFAE, iarrann an t-iarratasóir cúiteamh as an damáiste a mhaíonn sé a bheith fulaingthe aige mar thoradh ar ghlacadh Chinneadh (AE) 2016/1208 ón gCoimisiún an 23 Nollaig 2015 maidir le Státchabhair SA.39451 (2015/C) (ex 2015/NN) arna dheonú ag an Iodáil do Banca Tercas (IO 2016 L 203, lch. 1).
An chuid oibríochtúil
1. |
Diúltaítear don chaingean. |
2. |
Ordaítear do Banca Popolare di Bari SpA na costais a íoc. |
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/1690/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)