Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62021TA0323

Cás T-323/21: Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 19 Deireadh Fómhair 2022 – Castel Frères v EUIPO – Shanghai Panati (Léiriú ar charachtair Síneacha) (Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh – Imeachtaí cúlghairme – Marc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh ina léirítear carachtair Síneacha – Fíorúsáid an trádmhairc – Airteagal 18(1) de Rialachán (AE) 2017/1001 – Airteagal 58(1)(a) de Rialachán 2017/1001 – Athrú sainiúlachta)

IO C 7, 9.1.2023, p. 27–28 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

9.1.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 7/27


Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 19 Deireadh Fómhair 2022 – Castel Frères v EUIPO – Shanghai Panati (Léiriú ar charachtair Síneacha)

(Cás T-323/21) (1)

(Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh - Imeachtaí cúlghairme - Marc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh ina léirítear carachtair Síneacha - Fíorúsáid an trádmhairc - Airteagal 18(1) de Rialachán (AE) 2017/1001 - Airteagal 58(1)(a) de Rialachán 2017/1001 - Athrú sainiúlachta)

(2023/C 7/34)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Castel Frères (Blanquefort, an Fhrainc) (ionadaí: T. de Haan, Dlíodóír)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaí: J. Crespo Carrillo, Gníomhaire)

Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc de EUIPO: Shanghai Panati Co. (Shanghai, an tSín)

Ábhar

Lena chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go ndéanfar an cinneadh ón gCúigiú Bord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 22 Márta 2021 (Cás R 753/2020-5) a chur ar neamhní.

An chuid oibríochtúil

1.

Diúltaítear don chaingean.

2.

Ordaítear do Castel Frères na costais a íoc.


(1)  IO C 310, 2.8.2021.


Top