This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 62021TA0187
Case T-187/21: Judgment of the General Court of 21 December 2022 — Firearms United Network and Others v Commission (REACH — Regulation (EU) 2021/57 — Updating of Annex XVII to Regulation (EC) No 1907/2006 — Restriction on lead — Use of lead shot for hunting in or around wetlands — Manifest error of assessment — Proportionality — Legal certainty — Presumption of innocence)
Cás T-187/21: Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 21 Nollaig 2022 – Firearms United Network agus páirtithe eile v an Coimisiún (REACH – Rialachán (AE) 2021/57 – Iarscríbhinn XVII a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 a thabhairt cothrom le dáta – Srian maidir le luaidhe – Urchair ghunna luaidhe a úsáid le haghaidh fiach i mbogaigh nó i ngiorracht dóibh – Earráid fhollasach measúnaithe – Comhréireacht – Cinnteacht dhlíthiúil – Toimhde na neamhchiontachta)
Cás T-187/21: Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 21 Nollaig 2022 – Firearms United Network agus páirtithe eile v an Coimisiún (REACH – Rialachán (AE) 2021/57 – Iarscríbhinn XVII a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 a thabhairt cothrom le dáta – Srian maidir le luaidhe – Urchair ghunna luaidhe a úsáid le haghaidh fiach i mbogaigh nó i ngiorracht dóibh – Earráid fhollasach measúnaithe – Comhréireacht – Cinnteacht dhlíthiúil – Toimhde na neamhchiontachta)
IO C 83, 6.3.2023, p. 19–20
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
6.3.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 83/19 |
Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 21 Nollaig 2022 – Firearms United Network agus páirtithe eile v an Coimisiún
(Cás T-187/21) (1)
(REACH - Rialachán (AE) 2021/57 - Iarscríbhinn XVII a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 a thabhairt cothrom le dáta - Srian maidir le luaidhe - Urchair ghunna luaidhe a úsáid le haghaidh fiach i mbogaigh nó i ngiorracht dóibh - Earráid fhollasach measúnaithe - Comhréireacht - Cinnteacht dhlíthiúil - Toimhde na neamhchiontachta)
(2023/C 83/22)
Teanga an cháis: an Pholainnis
Páirtithe
Iarratasóirí: Firearms United Network (Vársá, an Pholainn), Tomasz Walter Stępień (Żelechów, an Pholainn), Michał Budzyński (Cegłów, an Pholainn), Andrzej Marcjanik (Złotokłos, an Pholainn) (ionadaí: E. Wola Niak, Dlíodóir)
Cosantóir: An Coimisiún Eorpach (ionadaithe: K. Herrmann agus K. Mifsud-Bonnici, i gcáil Gníomhairí)
Idiragraithe chun tacú leis an gcosantóir: Poblacht Chónaidhme na Gearmáine (ionadaithe: J. Möller, Gníomhaire), Poblacht na Fraince (ionadaithe: T. Stéhelin agus G. Bain, Gníomhairí), an Ghníomhaireacht Eorpach Ceimiceán (ionadaithe: M. Heikkilä, W. Broere agus N. Herbatschek, Gníomhairí)
Ábhar
Lena chaingean atá bunaithe ar Airteagal 263 CFAE, iarrann na hiarratasóirí go gcuirfear Rialachán (AE) 2021/57 ón gCoimisiún an 25 Eanáir 2021 lena leasaítear Iarscríbhinn XVII a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán (REACH) i dtaca le luaidhe in urchair ghunna a úsáid i mbogaigh nó i ngiorracht dóibh (IO 2021 L 24, lch. 19) ar neamhní.
An chuid oibríochtúil
1) |
Diúltaítear don chaingean. |
2) |
Ordaítear do Firearms United Network, Tomasz Walter Stępień, Michał Budzyński agus Andrzej Marcjanik a gcostais féin chomh maith leis na costais arna dtabhú ag an gCoimisiún Eorpach, lena n-áirítear iad siúd a bhaineann leis an nós imeachta eatramhach, a íoc. |
3) |
Ordaítear do Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine, do Phoblacht na Fraince agus don Ghníomhaireacht Eorpach Ceimiceán (ECHA) a gcostais féin a íoc. |