Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62021CJ0069

    Breithiúnas na Cúirte (Mór-Dhlísheomra) 2022 Samhain 22.
    X v Staatssecretaris van Justitie en Veiligheid.
    Tarchur chun réamhrialú – Limistéar saoirse, slándála agus ceartais – Airteagail 4, 7 agus 19 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh – Toirmeasc ar chéasadh agus ar íde nó ar phionós atá mídhaonna nó táireach – Meas ar an saol príobháideach agus ar shaol an teaghlaigh – Cosaint i gcás aistriú, díbeartha nó eiseachadadh – Ceart cónaithe ar fhorais leighis – Caighdeáin choiteanna agus nósanna imeachta coiteanna sna Ballstáit i ndáil le náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach a fhilleadh – Treoir 2008/115/CE – Náisiúnach tríú tír atá buailte le tinneas tromchúiseach – Cóir leighis chun an phian a mhaolú – Cóireáil nach bhfuil ar fáil sa tír thionscnaimh – Coinníollacha faoina bhfuil an t‑aistriú le cur siar.
    Cás C-69/21.

    Court reports – general – 'Information on unpublished decisions' section

    ECLI identifier: ECLI:EU:C:2022:913

     BREITHIÚNAS NA CÚIRTE (an Mór-Dhlísheomra)

    22 Samhain 2022 ( *1 )

    (Tarchur chun réamhrialú – Limistéar saoirse, slándála agus ceartais – Airteagail 4, 7 agus 19 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh – Toirmeasc ar chéasadh agus ar íde nó ar phionós atá mídhaonna nó táireach – Meas ar an saol príobháideach agus ar shaol an teaghlaigh – Cosaint i gcás aistriú, díbeartha nó eiseachadadh – Ceart cónaithe ar fhorais leighis – Caighdeáin choiteanna agus nósanna imeachta coiteanna sna Ballstáit i ndáil le náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach a fhilleadh – Treoir 2008/115/CE – Náisiúnach tríú tír atá buailte le tinneas tromchúiseach – Cóir leighis chun an phian a mhaolú – Cóireáil nach bhfuil ar fáil sa tír thionscnaimh – Coinníollacha faoina bhfuil an t‑aistriú le cur siar)

    I gCás C‑69/21,

    iarraidh ar réamhrialú faoi Airteagal 267 CFAE ó Rechtbank Den Haag (Cúirt Dúiche na Háige, an Ísiltír), trí chinneadh an 4 Feabhra 2021, a fuarthas ag an gCúirt an 4 Feabhra 2021, in imeachtaí idir

    X

    agus

    Staatssecretaris van Justitie en Veiligheid,

    tugann AN CHÚIRT (an Mór-Dhlísheomra),

    agus í comhdhéanta mar seo a leanas: K. Lenaerts, Uachtarán, L. Bay Larsen, Leas-Uachtarán, K. Jürimäe, C. Lycourgos (Rapóirtéir), E. Regan, M. Safjan, P. G. Xuereb, D. Gratsias agus M. L. Arastey Sahún, Uachtaráin Dlísheomraí, S. Rodin, F. Biltgen, I. Ziemele, J. Passer, M. Gavalec agus Z. Csehi, Breithiúna,

    Abhcóide Ginearálta: P. Pikamäe,

    Cláraitheoir: M. Ferreira, Príomhriarthóir,

    ag féachaint don nós imeachta i scríbhinn agus i ndiaidh éisteacht an 7 Márta 2022,

    agus tar éis breithniú a dhéanamh ar na barúlacha arna dtíolacadh thar ceann na bpáirtithe seo a leanas:

    X, ag J. W. F. Noot, advocaat,

    Rialtas na hÍsiltíre, ag M. K. Bulterman agus C. S. Schillemans, i gcáil Gníomhairí,

    an Coimisiún Eorpach, ag P. J. O. Van Nuffel, C. Cattabriga agus A. Katsimerou, i gcáil Gníomhairí,

    tar éis éisteacht le Tuairim an Abhcóide Ghinearálta ag éisteacht an 9 Meitheamh 2022,

    an Breithiúnas seo a leanas:

    Breithiúnas

    1

    Baineann an iarraidh ar réamhrialú leis an léiriú ar Airteagail 1, 4, 7 agus Airteagal 19(2) den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (“an Chairt”) agus leis an léiriú ar Threoir 2008/115/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le caighdeáin choiteanna agus nósanna imeachta coiteanna sna Ballstáit i ndáil le náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach a chur ar ais (IO 2008 L 348, lch. 98).

    2

    Rinneadh an iarraidh seo in imeachtaí idir X agus an Staatssecretaris van Justitie en Veiligheid (an Státrúnaí um Cheartas agus Slándáil, an Ísiltír, “an Státrúnaí”) maidir le dlíthiúlacht nós imeachta um fhilleadh arna thionscnamh ag an Státrúnaí i gcoinne X.

    An dlí lena mbaineann

    Dlí idirnáisiúnta

    3

    Tá Airteagal 33 dar teideal “Cosc ar dhíbirt agus ar refoulement” sa Choinbhinsiún i dtaobh Stádas Dídeanaithe, arna shíniú i nGinéiv an 28 Iúil 1951 [Sraith Chonarthaí na Náisiún Aontaithe, iml. 189, lch. 150 Uimh. 2545 (1954)], a leasaíodh leis an bPrótacal maidir le Stádas Dídeanaithe, arna thabhairt i gcrích i Nua-Eabhrac an 31 Eanáir 1967, ina bhforáiltear seo a leanas i mír 1:

    “Ní dhéanfaidh aon Stát Conarthach dídeanaí a dhíbirt nó a fhilleadh (‘refouler’) ar aon bhealach chuig teorainneacha críocha ina mbeadh a shaol nó a shaoirse faoi bhagairt mar gheall ar a chine, a reiligiún, a náisiúntacht, nó mar gheall air a bheith mar chuid de ghrúpa sóisialta nó tuairim pholaitiúil ar leith a bheith aige.”

    [Aistriúchán neamhoifigiúil]

    Dlí an Aontais Eorpaigh

    4

    Leagtar an méid seo a leanas amach in aithrisí 2 agus 4 de Threoir 2008/115:

    “2.

    D’iarr an Chomhairle Eorpach sa Bhruiséil an 4 agus 5 Samhain 2004, go mbunófaí beartas éifeachtach um aistriú agus athdhúichiú, bunaithe ar chaighdeáin choiteanna, i ndáil le daoine a aisdúichiú ar shlí dhaonnachtúil agus lánurraim a thabhairt dá gcearta bunúsacha agus dá ndínit.

    [...]

    4.

    Ní mór rialacha soiléire, trédhearcacha agus cothroma a shocrú chun foráil a dhéanamh do bheartas éifeachtach maidir le filleadh mar ghné riachtanach de bheartas dea-bhainistithe inimirce.”

    [Aistriúchán neamhoifigiúil]

    5

    Foráiltear mar a leanas in Airteagal 2(2) den Treoir:

    “Féadfaidh na Ballstáit cinneadh a dhéanamh gan an Treoir seo a chur i bhfeidhm maidir le náisiúnaigh tríú tír:

    (a)

    atá faoi réir cinneadh diúltaithe iontrála i gcomhréir le hAirteagal 13 de [Rialachán (CE) Uimh. 562/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2006 lena mbunaítear Cód Comhphobail maidir leis na rialacha lena rialaítear gluaiseacht daoine thar teorainneacha (Cód Teorainneacha Schengen) (IO 2006 L 105, lch. 1)] nó a ndéanann na húdaráis inniúla iad a ghabhadh nó a stopadh agus iad ag dul go neamhdhleathach thar theorainn sheachtrach Ballstáit ar tír, ar muir nó san aer agus nach bhfuil údarú ná ceart faighte acu fanacht sa Bhallstát sin ina dhiaidh sin;

    (b)

    atá faoi réir filleadh mar phionós dlí choiriúil nó de thoradh pionóis dlí choiriúil, de réir an dlí náisiúnta, nó maidir le náisiúnaigh tríú tír atá faoi réir nósanna imeachta eiseachadta.”

    [Aistriúchán neamhoifigiúil]

    6

    Foráiltear le hAirteagal 3 den Treoir sin:

    Chun críocha na Treorach seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

    [...]

    (3)

    ‘filleadh’ an próiseas ina dtéann náisiúnach tríú tír ar ais — bíodh sé dá dheoin féin chun oibleagáid um fhilleadh a chomhlíonadh, nó go héigeantach — chuig:

    a thír thionscnaimh; nó

    tír idirthurais i gcomhréir le comhaontuithe an Chomhphobail nó comhaontuithe déthaobhacha um athligean isteach, nó socruithe eile, nó

    tríú tír eile, a bhfuil cinneadh déanta ag an náisiúnach tríú tír lena mbaineann filleadh dá dheoin féin uirthi agus ina nglacfar leis an duine sin;

    [...]”

    [Aistriúchán neamhoifigiúil]

    7

    Foráiltear mar a leanas in Airteagal 4(3) den Treoir sin:

    “Beidh an Treoir seo gan dochar do cheart na mBallstát chun forálacha a ghlacadh nó a choinneáil atá níos fabhraí do na daoine a bhfuil feidhm aici maidir leo, ar choinníoll go mbeidh na forálacha sin comhoiriúnach leis an Treoir seo.”

    [Aistriúchán neamhoifigiúil]

    8

    Foráiltear le hAirteagal 5 de Threoir 2008/115:

    “Agus an Treoir seo á cur chun feidhme, ba cheart do na Ballstáit an méid seo a leanas a chur san áireamh:

    (a)

    leas an linbh;

    (b)

    an saol teaghlaigh;

    (c)

    sláinte an náisiúnaigh tríú tír lena mbaineann,

    agus urraim a thabhairt do phrionsabal an non‑refoulement.”

    [Aistriúchán neamhoifigiúil]

    9

    Leagtar an méid seo a leanas amach in Airteagal 6(1) agus (4) den Treoir sin:

    “1.   Eiseoidh na Ballstáit cinneadh um fhilleadh d’aon náisiúnach tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach ar a gcríoch, gan dochar do na heisceachtaí dá dtagraítear i míreanna 2 go 5.

    [...]

    4.   Féadfaidh na Ballstáit cinneadh a dhéanamh tráth ar bith doiciméad cónaithe uathrialach nó údarú eile a dheonú lena dtairgtear ceart cónaithe do náisiúnach tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach ar a gcríoch ar chúiseanna atruacha, daonnúla nó eile. Sa chás sin ní eiseofar cinneadh um fhilleadh. I gcás inar eisíodh cinneadh um fhilleadh cheana, tarraingeofar siar é nó cuirfear ar fionraí é ar feadh thréimhse bailíochta an doiciméid cónaithe nó an údaraithe eile lena dtugtar ceart cónaithe.”

    [Aistriúchán neamhoifigiúil]

    10

    Foráiltear le mír 1 d’Airteagal 8 den Treoir sin, dar teideal “Aistriú”:

    Glacfaidh na Ballstáit gach beart is gá chun an cinneadh um fhilleadh a fhorfheidhmiú murar ceadaíodh aon tréimhse le haghaidh imeacht deonach i gcomhréir le hAirteagal 7(4) nó murar comhlíonadh an oibleagáid um fhilleadh laistigh den tréimhse le haghaidh imeacht deonach a ceadaíodh i gcomhréir le hAirteagal 7.”

    [Aistriúchán neamhoifigiúil]

    11

    De réir Airteagal 9 den Treoir sin:

    “1.   Cuirfidh na Ballstáit aistriú siar:

    (a)

    i gcás ina sáródh sé prionsabal an non‑refoulement, nó

    (b)

    fad agus atá éifeacht fionraíochta i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 13(2).

    2.   Féadfaidh na Ballstáit aistriú a chur siar ar feadh tréimhse iomchuí agus imthosca sonracha an cháis aonair á gcur san áireamh. Cuirfidh na Ballstáit san áireamh go háirithe:

    (a)

    staid fhisiceach nó mheabhrach an náisiúnaigh tríú tír;

    (b)

    cúiseanna teicniúla, amhail easpa modh iompair, nó teip ar an aistriú de bharr easpa doiciméid taistil bhailí.

    [...]”

    [Aistriúchán neamhoifigiúil]

    Dlí na hÍsiltíre

    12

    Foráiltear le hAirteagal 64 den Wet tot algehele herziening van de Vreemdelingenwet (Vreemdelingenwet 2000) [Dlí maidir le hathbhreithniú ginearálta ar an Dlí um eachtrannaigh (Dlí um eachtrannaigh, 2000)], an 23 Samhain 2000 (Stb. 2000, Uimh. 495) sa leagan is infheidhme maidir leis na príomhimeachtaí (“an Dlí um eachtrannaigh”):

    “Déanfar an ionnarbadh a chur siar fad nach féidir taisteal mar gheall ar staid sláinte an eachtrannaigh nó duine dá theaghlach.”

    13

    Foráiltear le Vreemdelingencirculaire 2000 (Ciorclán ar Náisiúnaigh Eachtracha 2000), sa leagan is infheidhme sna príomhimeachtaí “an Ciorclán ar Náisiúnaigh Eachtracha”):

    “[...]

    7. Gan aon ionnarbadh ar chúiseanna sláinte

    7.1 Forálacha ginearálta

    Féadfaidh an [Immigratie- en Naturalisatiedienst)(IND) (Seirbhís Imirce agus Eadóirseachta, an Ísiltír)] iarchur an imeachta a dheonú faoi Airteagal 64 den Dlí um eachtrannaigh i gcás:

    ó thaobh an leighis de, nach bhfuil an náisiúnach eachtrach in ann taisteal; nó

    ina bhfuil fíor-bhaol ann go sárófar Airteagal 3 den [Choinbhinsiún Eorpach chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint, arna shíniú sa Róimh an 4 Samhain 1950], ar fhorais leighis.

    7.1.1 Níl an náisiúnach eachtrach in ann taisteal

    Cuirfear imeacht an náisiúnaigh eachtraigh siar faoi Airteagal 64 den Dlí um eachtrannaigh i gcás ina dtugann an [Bureau Medische Advisering (BMA) (Oifig Chomhairleach Leighis na hAireachta Slándála agus Cirt, an Ísiltír)] le fios, ó thaobh an leighis de, nach féidir taisteal mar gheall ar shláinte an náisiúnaigh eachtraigh nó duine dá theaghlach..

    [...]

    7.1.3 Tá fíor-bhaol ann go sárófar Airteagal 3 den Choinbhinsiún Eorpach chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint ar fhorais leighis.

    Cuirfear imeacht an náisiúnaigh eachtraigh siar de réir Airteagal 64 den Dlí um eachtrannaigh i gcás ina bhfuil fíor-bhaol ann go sárófar Airteagal 3 den Choinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine ar fhorais leighis.

    Níl fíor-bhaol ann go sárófar Airteagal 3 den choinbhinsiún sin ach i gcás:

    go bhfuil sé soiléir ó thuairim BMA gur rí-dhócha go mbeidh cás éigeandála leighis ann mar thoradh ar easpa cóireála leighis; agus

    nach bhfuil an chóir leighis is gá ar fáil sa tír thionscnaimh nó sa tír bhuanchónaithe; nó

    má tá an chóir leighis ar fáil, go ndealraíonn sé go soiléir nach bhfuil sí inrochtana.

    Cás éigeandála leighis

    Dar le IND, ciallaíonn ‘cás éigeandála leighis’ cúrsaí ina bhfuil tinneas á fhulaingt ag an náisiúnach eachtrannach a shuitear, de réir an eolais reatha leighis agus eolaíoch, go bhfaighidh duine bás laistigh de thrí mhí, go mbeidh sé easlán nó go ndéanfar díobháil thromchúiseach mheabhrach nó choirp eile dó nó di, mar thoradh ar easpa cóireála leighis.

    [...]”

    An díospóid sna príomhimeachtaí agus na ceisteanna le haghaidh réamhrialú

    14

    Is náisiúnach Rúiseach é X a rugadh in 1988 agus tá cineál neamhchoitianta ailse fola air a tholg sé in aois a shé bliana déag, a bhfuil cóireáil á cur air san Ísiltír ina leith faoi láthair. Is éard atá ina chóir leighis, inter alia, ná fleibeatómachtaí agus riaradh cannabais theiripigh chun críoch anailgéiseach. Níl sé údaraithe sa Rúis an chóir leighis cannabais teiripeacha sin a thabhairt.

    15

    An 31 Deireadh Fómhair 2013, thionscain X an chéad iarratas ar thearmann san Ísiltír. Mheas an Státrúnaí, áfach, gurbh í Ríocht na Sualainne an Ballstát atá freagrach as measúnú a dhéanamh ar an iarratas.

    16

    An 13 Nollaig 2013, d’iarr X, de bhun Airteagal 64 den Dlí um eachtrannaigh, go gcuirfí siar a fhilleadh mar gheall ar a shláinte. Le cinneadh an 24 Nollaig 2013, dhiúltaigh an Státrúnaí an t‑iarratas sin.

    17

    An 19 Bealtaine 2016, thionscain X iarratas nua ar thearmann san Ísiltír, toisc go ndeachaigh an tréimhse ina bhféadfaí é a aistriú go dtí an tSualainn in éag san idirlinn. Mar thaca leis an iarratas sin, mhaígh X gur baineadh fo-éifeachtaí dó mar gheall ar an gcóir leighis a chuirtí air sa Rúis chun an phian a bhaineann lena thinneas a throid agus go bhfuair sé amach go n‑oirfeadh cannabas teiripeach dó níos fearr, i bhfianaise a shláinte. Ós rud é nár ceadaíodh cannabas a úsáid ina thír thionscnaimh, shaothraigh X plandaí cannabais sa tír sin chun críoch leighis, rud ar fhág sé gan chosaint ar a leithéid de dheacrachtaí sa tír sin amhail go raibh cosaint idirnáisiúnta á hiarraidh as sin amach aige. Agus an t‑iarratas sin á dhéanamh, d’iarr X, thairis sin, go gcuirfí siar a aistriú faoi Airteagal 64 den Dlí um eachtrannaigh.

    18

    Le cinneadh an 29 Márta 2018, agus i ndiaidh dó dul i gcomhairle le BMA, dhiúltaigh an Státrúnaí an t‑iarratas ar thearmann de chuid X ar an mbonn go raibh na fadhbanna a mhaígh sé go raibh aige sa Rúis mar gheall ar channabas a shaothrú don úsáid phearsanta neamh-inchreidte. Chinn sé chomh maith nach bhféadfadh X doiciméad cónaithe eile a fháil agus dhiúltaigh sé an t‑iarratas de chuid X ar chur chun feidhme a oibleagáide um fhilleadh a chur ar fionraí ar bhonn Airteagal 64 den Dlí um eachtrannaigh.

    19

    Le breithiúnas an 20 Nollaig 2018, chuir rechtbank Den Haag an cinneadh sin ar neamhní go páirteach. Cé gur ghlac an chúirt sin leis nach bhféadfadh X stádas dídeanaí ná stádas cosanta coimhdí a éileamh, d’ordaigh sí don Státrúnaí, mar sin féin, scrúdú a dhéanamh arís ar an argóint de chuid X atá bunaithe ar a dhoiciméad cónaithe a fháil ar bhonn Airteagal 8 den Choinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint, arna shíniú sa Róimh an 4 Samhain 1950 (“ECHR”) agus ar a iarratas ar chur chun feidhme Airteagal 64 den Dlí um eachtrannaigh. Daingníodh an breithiúnas sin le breithiúnas ón Raad van State (an Chomhairle Stáit, an Ísiltír) an 28 Márta 2019.

    20

    An 19 Feabhra 2020, dhiúltaigh an Státrúnaí ceart cónaithe de thréimhse theoranta a dheonú do X arís faoi Airteagal 8 de ECHR, agus dhiúltaigh sé a aistriú a chur siar. Ina theannta sin, ghlac sé cinneadh um fhilleadh lenar dlíodh ar X críoch na hÍsiltíre a fhágáil laistigh de cheithre seachtaine.

    21

    Thionscain X caingean i gcoinne an chinnidh um fhilleadh sin os comhair na cúirte a rinne an tarchur. Measann sé nach mór doiciméad cónaithe a eisiúint dó faoi Airteagal 8 de ECHR nó, ar a laghad ar bith, go gcaithfear cur siar a aistrithe a dheonú faoi Airteagal 64 den Dlí um eachtrannaigh. I ndáil leis sin, cuireann sé i dtreis go raibh an chóireáil anailgéiseach cannabais theiripigh, a chuirtí air san Ísiltír, chomh riachtanach sin dó nach mbeadh sé in ann saol fónta a bheith aige a thuilleadh dá scorfaí den chóireáil sin. Tugann sé le fios, go háirithe, i gcás ina scorfaí den chóireáil sin, go mbeadh an phian chomh géar sin nach mbeadh sé in ann codladh nó ithe a thuilleadh, rud a mbeadh iarmhairtí suntasacha aige ní hamháin ar a staid fhisiceach ach ar a staid mheabhrach chomh maith agus a d’fhágfadh é dubhach agus féinmharfach.

    22

    Dar leis an gcúirt a rinne an tarchur, is léir ó bhreithiúnas an 18 Nollaig 2014, M’Bodj (C‑542/13, EU:C:2014:2452) nach bhféadfadh sláinte náisiúnaigh tríú tír a bheith ina húdar le cosaint choimhdeach a dheonú dó. Thairis sin, tá comhthuiscint ann nach bhfuil stádas dídeanaí á iarraidh ag X a thuilleadh.

    23

    Mar sin féin, ar dtús, tugann an chúirt a rinne an tarchur dá haire, i gcomhréir le reachtaíocht na hÍsiltíre, go bhféadfaí aistriú a chur siar, i gcás, ó thaobh an leighis de, nach bhfuil an náisiúnach eachtrach lena mbaineann in ann taisteal nó i gcás ina bhfuil fíor-bhaol ann go sárófaí Airteagal 3 de ECHR ar fhorais leighis.

    24

    Glactar leis sa dara hipitéis sin gur léir ó thuairim BMA, sa chéad áit, gur dóichí go mbeadh an duine lena mbaineann i “gcás éigeandála leighis” de réir bhrí mhír 7.1.3 den Chiorclán ar Náisiúnaigh Eachtracha mar thoradh ar an gcóir leighis a scor agus, anuas air sin, nach mbeidh an chóireáil chuí ar fáil sa tír cinn scríbe nó nach mbeidh teacht ag an náisiúnach eachtrach lena mbaineann uirthi.

    25

    Ina thuairim arna eisiúint ar iarratas ón Státrúnaí, thug BMA le fios, go háirithe, bíodh is go raibh sé intuartha, i gcás nach bhfuil fleibeatómachtaí aige, go mbeadh X ina leithéid de “chás éigeandála leighis” sa ghearrthréimhse, bhí a leithéid de chóireáil ar fáil sa Rúis mar sin féin. Os a choinne sin, mheas BMA, ós rud é nach raibh éifeacht leighis an channabais léirithe, go raibh sé dodhéanta tuairim a thabhairt ar na hiarmhairtí a bheadh ann dá scorfaí den chóireáil anailgéiseach cannabais theiripigh do X. Thug sé le fios chomh maith nár tuairiscíodh aon fhadhb péine a bheadh ina údar imní go bhfaigheadh X bás nó go mbeadh sé i staid spleáchais agus é i mbun ghnáthghníomhaíochtaí an tsaoil. Mar sin, mheas sé nach bhféadfaí a dhearbhú go gcuirfí cosc leis go bhfuil a leithéid de “chás éigeandála leighis” ann sa ghearrthréimhse le cannabas teiripeach a úsáid. Mheas BMA chomh maith go bhfuil go leor anailgéisigh sa mhargadh a d’fhéadfaí a thabhairt do X.

    26

    Dar leis an gcúirt a rinne an tarchur, áfach, is léir ón bhfaisnéis arna tíolacadh ag X go measann na dochtúirí, a bhfuil cóir leighis á cur acu ar X, nach bhfuil cóireáil chuí ann i gcoinne phian an duine lena mbaineann ach cannabas teiripeach a úsáid. Ina theannta sin, measann an chúirt sin gur léirigh X nach n‑ordaítear agus nach n‑úsáidtear cóireáil cannabais theiripigh ach amháin i gcás ina bhfuil na réitigh eile i gcoinne na péine ní hamháin neamhéifeachtach ach fritásctha chomh maith.

    27

    Cinneann an chúirt a rinne an tarchur chomh maith nach bhfuil aon chóireáil chuí anailgéiseach ar fáil sa Rúis. Dá bhrí sin, mura gcuirfí siar aistriú X, scorfaí den chóireáil arna chur air i gcoinne na péine agus géarófaí an phian sin. Os a choinne sin, ní féidir a dhéanamh amach an ngéarófaí a thinneas mar thoradh ar mhéadú na péine atá ar X, mar gheall ar scor dá chóireáil, fiú i gcás, i bhfianaise na faisnéise atá ag an gcúirt sin, inar dócha nach amhlaidh a bheidh. Roimh thuairisc saineolaí leighis a iarraidh maidir le méadú ar an bpian a bhfuiltear i mbaol a bhaint do X ar éirí as an gcóireáil cannabais theiripigh dó, measann an chúirt sin nach mór, trí léiriú ar dhlí an Aontais, an chaoi a chuirfear san áireamh a leithéid de chritéar a chinneadh.

    28

    Ar an dara dul síos, tugann an chúirt sin dá haire, de réir cásdlí socair de chuid Raad van State, agus í ag brath ar an gceanglas atá ann i leith meath tapa a bheith ar shláinte an duine lena mbaineann de réir bhrí bhreithiúnais na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine, an 13 Nollaig 2016, in Paposhvili v. an Bheilg (CE:ECHR:2016:1213JUD004173810) (“an breithiúnas in Paposhvili”) nach gcaithfear ach na hiarmhairtí leighis a tharlaíonn laistigh de thrí mhí i ndiaidh do scor ón gcóir leighis a chuirtear ar an duine lena mbaineann a chur san áireamh chun a chinneadh an mbeidh “cás éigeandála leighis” ann de réir bhrí mhír 7.1.3 den Chiorclán ar Náisiúnaigh Eachtracha.

    29

    Dar leis an gcúirt a rinne an tarchur, áfach, níor shocraigh an Chúirt Eorpach um Chearta an Duine teorainn ama shonrach sa bhreithiúnas in Paposhvili. Dá bhrí sin, ba ghá a chinneadh an dtagann na hiarmhairtí a bhaineann le scor den chóir leighis náisiúnaigh tríú tír atá go dona tinn, má fhilleann sé ar a thír thionscnaimh, faoi raon feidhme Airteagal 4 den Chairt, más rud é go dtarlaíonn siad laistigh de thréimhse trí mhí, agus sa chás sin amháin, beag beann ar na fadhbanna sláinte agus beag beann ar na hiarmhairtí atá intarlaithe i ndiaidh an scoir sin.

    30

    Sa tríú háit, tugann an chúirt sin dá haire gur rialaigh an Raad van State (an Chomhairle Stáit), i gcomhréir le breithiúnas an 16 Feabhra 2017, C.K agus páirtithe eile (C‑578/16 PPU, EU:C:2017:127), gur ghá scrúdú a dhéanamh faoi Airteagal 64 den Dlí um eachtrannaigh freisin an bhféadfadh fíor-bhaol a bheith ann go ndéanfar sárú ar Airteagal 3 de ECHR a bheith ann mar thoradh ar náisiúnach tríú tír ar a bhfuil galar an‑tromchúiseach fisiceach nó meabhrach a aistriú. Ní mór gan an measúnú sin a dhéanamh, áfach, ach mar chuid de scrúdú ar na coinníollacha inar féidir leis an náisiúnach eachtrannach taisteal. Thabharfaí le tuiscint uaidh sin, sa chéad áit, nach n‑iarrtar ar BMA measúnú a dhéanamh in am ar bith an mbaineann baol go dtarlóidh iarmhairtí leighis i ndiaidh aistriú chuig an tír cinn scríbe le próiseas aistrithe féin an náisiúnaigh tríú tír sin agus, sa dara háit, nach gcuirtear na hiarmhairtí sin san áireamh le fáil amach an gcuirtear cosc ar a leithéid d’aistriú de bharr “cás éigeandála leighis” de réir bhrí mhír 7.1.3 den Chiorclán ar náisiúnaigh eachtracha.

    31

    Dá bhrí sin, ní mó ná go gcuirfí cosc ar aistriú an duine lena mbaineann a chur siar fiú i gcás inar baolach go ngéarófaí a shláinte, ar nós baol go maródh sé é féin mar gheall ar an aistriú ann féin.

    32

    Fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur, áfach, an bhféadfadh sí gan ach measúnú a dhéanamh an bhfuil na hiarmhairtí leighis i ndáil le haistriú an duine lena mbaineann teoranta, má ghlactar bearta áirithe, le linn a aistrithe. Tugann sí dá haire chomh maith, i gcás X, nach féidir an chóireáil cannabais theiripigh a thabhairt le linn an aistrithe féin agus dheimhnigh X go bhfágfaí é dubhach agus féinmharfach leis an méadú ar an bpian.

    33

    Ar an gceathrú dul síos, measann an chúirt a rinne an tarchur gur ghá a chinneadh an bhféadfadh sláinte náisiúnaigh agus an fíoras go bhfuil cóir leighis á fáil aige sa Bhallstát ina bhfuil cónaí air, a bheith ina ngnéithe den saol príobháideach nach foláir a urramú de réir bhrí Airteagal 7 den Chairt agus Airteagal 8 de ECHR.

    34

    Go háirithe, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur an gcaithfidh na húdaráis inniúla i mBallstát scrúdú a dhéanamh ar chóir nó nár chóir doiciméad cónaithe a thabhairt do náisiúnach dá leithéid, de bhua an chirt maidir leis an saol príobháideach a urramú, agus ar cheart nó nár cheart urraim do shaol príobháideach an náisiúnaigh tríú tír sin a chur san áireamh chun críocha cinneadh a dhéanamh maidir lena iarratas ar an ordú aistrithe a bhfuil sé faoina réir a chur siar.

    35

    Sna himthosca sin, chinn rechtbank Den Haag (Cúirt na Háige) bac a chur ar na himeachtaí agus na ceisteanna seo a leanas a tharchur chuig an gCúirt Bhreithiúnais le haghaidh réamhrialú:

    “1.

    An féidir le méadú suntasach ar an bpian mar gheall ar easpa córa leighis, gan athrú ar airíonna [an tinnis], a bheith ina chás atá ar neamhréir le hAirteagal 19(2) den [Chairt], arna léamh in gcomhar le hAirteagal 1 agus le hAirteagal 4 di, mura ndeonaítear aon chur siar ar an oibleagáid um fhilleadh faoi [Threoir 2008/115]?

    2.

    An bhfuil sé i gcomhréir le hAirteagal 4 den Chairt, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 1 den Chairt sin, teorainn ama shocraithe a leagan síos a bhfuil gá lena linn d’éifeachtaí easpa córa leighis teacht chun solais ionas go nglacfar leis na bacainní leighis ar an oibleagáid um fhilleadh a eascraíonn as [Threoir 2008/115]? Mura bhfuil sé contrártha do dhlí an Aontais foráil a dhéanamh maidir le teorainn ama shocraithe, an féidir le Ballstát teorainn ama ghinearálta chomhionann a shainiú do gach tinneas agus iarmhairt leighis a d’fhéadfadh a bheith ann?

    3.

    An bhfuil sé i gcomhréir le hAirteagal 19(2) den Chairt, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 1 agus 4 di, i gcomhthéacs [Threoir 2008/115] má fhoráiltear nach ndéanfar na hiarmhairtí a bhaineann le hionnarbadh de facto a mheas ach amháin agus cinneadh á dhéanamh cibé an bhféadfaidh an náisiúnach eachtrannach taisteal, agus na coinníollacha faoina bhféadfadh sé taisteal?

    4.

    An gceanglaítear le hAirteagal 7 den Chairt, arna léamh i gcomhar le hAirteagail 1 agus 4 di, i gcomhthéacs [Threoir 2008/115], measúnú a dhéanamh ar sláinte an náisiúnaigh eachtraigh agus an chóireáil a fhaigheann sé dá bharr sin sa Bhallstát, le linn an scrúdaithe i dtaobh cibé an gá nó nach gá, maidir leis an údarú cónaithe, chun an saol príobháideach a urramú? An gceanglaítear le hAirteagal 19(2) den Chairt, arna léamh i gcomhar le hAirteagail 1 agus 4 di, i gcomhthéacs Threoir 2008/115, go gcuirfear an saol príobháideach agus saol an teaghlaigh san áireamh de réir bhrí Airteagal 7 den Chairt agus cinneadh á dhéanamh an bhféadfadh fadhbanna leighis a bheith ina mbac ar ionnarbadh?”

    Na ceisteanna le haghaidh réamhrialú

    Dlínse na Cúirte agus inghlacthacht na gceisteanna le haghaidh réamhrialú

    36

    Cuireann Rialtas na hÍsiltíre, ar an gcéad dul síos, inghlacthacht na gceisteanna le haghaidh réamhrialú i gcoinne a mhéid ar tarchuireadh iad roimh am. Go deimhin, roimh cheist a tharchur chuig an gCúirt, bhí sé de cheart ag an gcúirt a rinne an tarchur diúltú d’iarratas de chuid X ar chead cónaithe i gcríoch na hÍsiltíre a aithint, ós rud é nach bhfuil feidhm ag Treoir 2008/115 maidir leis ach amháin má tá an náisiúnach tríú tír sin ag fanacht go neamhdhleathach sa chríoch sin.

    37

    Mar sin féin, tá saorchead ag na cúirteanna náisiúnta ceisteanna a tharchur chuig an gCúirt in am ar bith le linn an nós imeachta atá cuí ina ndóighse, fiú ag céim luath de (féach, chuige sin, breithiúnais an 5 Deireadh Fómhair 2010, Elchinov, C‑173/09, EU:C:2010:581, mír 26, agus an 14 Samhain 2018, Memoria agus Dall’Antonia, C‑342/17, EU:C:2018:906, mír 33).

    38

    Sa chás seo, is léir ón ordú tarchuir gur dhiúltaigh an Státrúnaí an t‑iarratas ar thearmann de chuid X, ionas gurb amhlaidh, i bprionsabal, go bhfuil sé ag fanacht go neamhdhleathach i gcríoch na hÍsiltíre agus go dtagann sé, dá bhrí sin, faoi raon feidhme Threoir 2008/115, ach amháin má tá sé incháilithe do dheonú doiciméid chónaithe sa chríoch sin, go háirithe, faoi dhlí an Aontais, rud lena mbaineann an ceathrú ceist le haghaidh réamhrialú go díreach.

    39

    Tugtar le tuiscint uaidh sin, nach mór argóint rialtais na hÍsiltíre gur tarchuireadh na ceisteanna le haghaidh réamhrialú roimh am a dhiúltú.

    40

    Sa dara háit, measann Rialtas na hÍsiltíre nach bhfuil an dara cheist le haghaidh réamhrialú ábhartha maidir le toradh na bpríomhimeachtaí, ós rud é go bhféachtar léi, go bunúsach, lena fháil amach an bhféadfadh Ballstát a éileamh go dtiocfadh meath ar shláinte an náisiúnaigh tríú tír lena mbaineann, ar baolach i gcás filleadh, chun solais faoi theorainn ama shocraithe i ndiaidh a fhilleadh. Ní fhéadfadh a leithéid de thréimhse ama a bheith ina toisc chinntitheach sna príomhimeachtaí, ós rud é go bhfuil údar bunúsach le cur siar aistrithe X a dhiúltú ar an bhforas nach baolach é aon “chás éigeandála leighis” de réir bhrí mhír 7.1.3 den Chiorclán ar Náisiúnaigh Eachtracha a bheith ann sa ghearrthréimhse, ina thír thionscnaimh, ó tharla nár bhain an phian ar X le hairíonna a thinnis agus go bhfuil roghanna cóireála eile ar fáil sa tír sin.

    41

    I ndáil leis sin, de réir cásdlí socair, is faoin gcúirt náisiúnta ar tugadh an cás os a comhair agus nach mór di glacadh le freagracht as an gcinneadh breithiúnach atá le déanamh, agus fúithi amháin, measúnú a dhéanamh ar ábharthacht na gceisteanna arna gcur aici don Chúirt, i bhfianaise shainiúlachtaí an cháis. Dá bhrí sin, i gcás ina mbaineann an cheist a tharchuirtear le léiriú nó bailíocht rialach de chuid dhlí an Aontais, dlitear ar an gCúirt, i bprionsabal, rialú a thabhairt. Dá réir sin, baineann toimhde ábharthachta le tarchur chun réamhrialú ar dhlí an Aontais. Ní féidir leis an gCúirt diúltú do rialú a dhéanamh ar a leithéid de cheist ach amháin má dhealraíonn sé go follasach nach bhfuil baint ar bith ag léiriú ar riail dhlí an Aontais a iarrtar le fíricí iarbhír nó le cuspóir na díospóide sna príomhimeachtaí, más fadhb de chineál hipitéiseach í, nó mura bhfuil an fhaisnéis fhíorasach nó dhlíthiúil is gá ag an gCúirt chun freagra úsáideach a thabhairt ar na ceisteanna a cuireadh uirthi (breithiúnas an 7 Meán Fómhair 2022, Cilevičs agus páirtithe eile, C‑391/20, EU:C:2022:638, míreanna 41 agus 42).

    42

    Murab ionann agus an méid á chur i dtreis ag Rialtas na hÍsiltíre, níl an chuma ar an léiriú ar dhlí an Aontais a iarrtar sa dara ceist le haghaidh réamhrialú gur léir nach mbaineann sé le hábhar na bpríomhimeachtaí.

    43

    Go deimhin, mar atá curtha i dtreis ag an Abhcóide Ginearálta, go bunúsach, i mír 35 dá Thuairim, tá comhthuiscint ann gur bunaíodh an cinneadh um fhilleadh arna ghlacadh maidir le X, go háirithe, air nach mbeadh “cás éigeandála leighis” ar bith ann de réir bhrí mhír 7.1.3 den Chiorclán ar Náisiúnaigh Eachtrach sa ghearrthréimhse i gcás a fhillte ar a thír thionscnaimh. Is léir ón ordú tarchuir, de réir na reachtaíochta de chuid na hÍsiltíre, go bhfuil measúnú le déanamh an bhfuil “cás éigeandála leighis” dá leithéid ann i bhfianaise na tréimhse ama de thrí mhí a luaitear sa Chiorclán ar Náisiúnaigh Eachtrannacha, ar tréimhse ama í lena mbaineann an dara ceist le haghaidh réamhrialú go díreach.

    44

    Thairis sin, is léir ón gcreat fíorasach arna shainiú ag an gcúirt a rinne an tarchur nach mór a mheas gurb é an tinneas lena bhfuil X buailte is cúis leis an bpian atá air agus, ó thaobh na péine sin de, nach bhfuil rogha cóireála eile ar fáil ina thír thionscnaimh. Baineann na ceisteanna maidir le léiriú dhlí an Aontais Eorpaigh arna dtarchur ag cúirt náisiúnta leis an gcomhthéacs reachtach agus fíorasach ar faoin gcúirt sin atá sé a shainiú, agus nach faoin gCúirt atá sé an cruinneas a fhíorú. Mar sin féin, beag beann ar na cáintí a rinne Rialtas na hÍsiltíre maidir leis na measúnaithe fíorasacha de chuid na cúirte a rinne an tarchur, ní mór scrúdú a dhéanamh ar an dara ceist le haghaidh réamhrialú ar bhonn na measúnaithe sin (féach, chuige sin, breithiúnas an 7 Aibreán 2022, Caixabank, C‑385/20, EU:C:2022:278, míreanna 34 agus 38 agus an cásdlí dá dtagraítear).

    45

    Dá bhrí sin, tá an dara ceist le haghaidh réamhrialú inghlactha.

    46

    Sa tríú háit, maidir leis an gceathrú ceist le haghaidh réamhrialú, is fíor, ar thaobh amháin, murab ionann agus an méid arna chur i dtreis ag Rialtas na hÍsiltíre, go mbaineann an cheist seo ní hamháin leis an léiriú ar Airteagal 8 de ECHR, ach ar Airteagal 7 den Chairt chomh maith, arna léamh i gcomhair leis na forálacha eile di agus de Threoir 2008/115.

    47

    Dá bhrí sin, tá dlínse ag an gCúirt an cheist seo a fhreagairt.

    48

    Ar an taobh eile, áitíonn an rialtas sin go bhfuil an cheist sin do-ghlactha ar an bhforas go bhfuil sé d’aidhm ag an gcúirt a rinne an tarchur a fháil amach an é an léiriú le déanamh ar Airteagal 7 den Chairt ná nach mór an ceart cónaithe san Ísiltír de chuid X a aithint, bíodh is nach bhfuil aon riail shubstainteach de dhlí an Aontais lena dtabharfaí a leithéid de cheart cónaithe dó.

    49

    I ndáil leis sin, is leor a thabhairt faoi deara go dtagann an cheist an bhféadfaí a aithint go bhfuil ceart cónaithe i gcríoch Bhallstáit ag náisiúnach tríú tír mar thoradh ar léiriú a dhéanamh ar Threoir 2008/115, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 7 den Chairt, faoi mheasúnú ar shubstaint na ceiste sin ach go háirithe.

    50

    Dá bhrí sin, tá an dara ceist le haghaidh réamhrialú inghlactha.

    An chéad cheist agus an dara ceist

    51

    Lena chéad cheist agus lena dara ceist, nach mór a scrúdú le chéile, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, an é an léiriú atá le déanamh ar Airteagal 5 de Threoir 2008/115, arna léamh i bhfianaise Airteagal 1, 4 agus Airteagal 19(2) den Chairt, ná go gcuirtear cosc leis ar chinneadh um fhilleadh nó ar ordú aistrithe a dhéanamh maidir le náisiúnach tríú tír, atá ag fanacht go neamhdhleathach i gcríoch Bhallstáit agus atá buailte le tinneas tromchúiseach, a d’fhágfadh, sa tríú tír a n‑aistrítear é chuici, go mbeadh sé i mbaol go dtiocfadh méadú suntasach ar an bpian a bhfuil an tinneas sin i gcúis léi, mar gheall ar an toirmeasc, sa tír sin, ar an aon chóireáil anailgéiseach éifeachtach amháin atá ann. Fiafraíonn sí chomh maith an bhféadfadh Ballstát foráil a dhéanamh maidir le tréimhse ama dhocht nach mór a leithéid de mhéadú a tharlú lena linn ionas go bhféadfadh sé cosc a chur ar an gcinneadh um fhilleadh sin nó ar an ordú aistrithe sin.

    52

    Sa chéad áit, ní mór a chur in iúl, ar dtús, faoi réir na n‑eisceachtaí dá bhforáiltear le hAirteagal 2(2) de Threoir 2008/115, go bhfuil feidhm ag an Treoir sin maidir le gach náisiúnach tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach i gcríoch Bhallstáit. Thairis sin, sa chás go dtagann náisiúnach tríú tír faoi raon feidhme na Treorach sin, ní mór dó, i prionsabal, a bheith faoi réir na gcaighdeán coiteanna agus na nósanna imeachta coiteanna dá bhforáiltear leis an Treoir sin maidir lena fhilleadh, fiú i gcás nár tugadh a fhanacht chun rialtachta, de réir mar a bheidh [breithiúnas an 24 Feabhra 2021, M agus páirtithe eile (Aistriú go Ballstát), C‑673/19, EU:C:2021:127, míreanna 29 agus 31 agus an cásdlí dá dtagraítear].

    53

    Ón taobh sin de, is léir, ar an gcéad dul síos, ó Airteagal 6(1) de Threoir 2008/115, ar chinneadh gur neamhdhleathach an fanacht é, nach mór do gach náisiúnach tríú tír, gan dochar do na heisceachtaí dá bhforáiltear le míreanna 2 go 5 den Airteagal sin agus i gcomhréir dhocht leis na ceanglais a shocraítear le hAirteagal 5 den Treoir sin, a bheith faoi réir cinneadh um fhilleadh lena n‑aithnítear, i measc na dtríú tíortha dá dtagraítear in Airteagal 3(3) de Threoir 2008/115, an tríú tír nach mór dó a bheith aistrithe chuici [breithiúnas an 24 Feabhra 2021, M agus páirtithe eile (Aistriú go Ballstát), C‑673/19, EU:C:2021:127, míreanna 32 agus 39 agus an cásdlí dá dtagraítear].

    54

    Ar an dara dul síos, ní fhéadfadh Ballstát náisiúnach tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach, de réir Airteagal 8 de Threoir 2008/115, a aistriú gan cinneadh um fhilleadh a ghlacadh maidir leis an náisiúnach sin roimh ré i gcomhréir leis na ráthaíochtaí substainteacha agus nós imeachta a leagtar síos leis an Treoir sin [féach, chuige sin, breithiúnas an 17 Nollaig 2020, an Coimisiún v an Ungáir (Glacadh le hiarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta), C‑808/18, EU:C:2020:1029, mír 253 agus an cásdlí dá dtagraítear].

    55

    Sa dara háit, dlitear le hAirteagal 5 de Threoir 2008/115, ar riail ghinearálta é atá de cheangal ar na Ballstáit ó chur chun feidhme na Treorach sin amach, ar an údarás náisiúnta inniúil urraim a thabhairt, ag gach céim den nós imeachta um fhilleadh, do phrionsabal an non‑refoulement a ráthaítear, mar cheart bunúsach, in Airteagal 8 den Chairt, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 33 de Choinbhinsiún na Ginéive i dtaobh Stádas Dídeanaithe, arna shíniú i nGinéiv an 28 Iúil 1951, arna leasú ag an bPrótacal maidir le Stádas Dídeanaithe, arna thabhairt i gcrích i Nua-Eabhrac an 31 Eanáir 1967, agus Airteagal 19(2) den Chairt. Is amhlaidh atá, mar a thugtar chun cuimhne i mír 53 den bhreithiúnas seo, i gcás ina bhfuil sé de rún ag an údarás sin, i ndiaidh éisteacht leis an duine lena mbaineann, cinneadh um fhilleadh a ghlacadh ina leith [féach, chuige sin, breithiúnas an 17 Nollaig 2020, an Coimisiún v an Ungáir (Glacadh le hiarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta), C‑808/18, EU:C:2020:1029, mír 250 agus an cásdlí dá dtagraítear].

    56

    Dá bhrí sin, cuirtear cosc le hAirteagal 5 de Threoir 2008/115 ar náisiúnach tríú tír a bheith faoi réir cinneadh um fhilleadh i gcás inarb í an tír cinn scríbe i gceist leis ná tír ina bhfuil cúiseanna dáiríre agus cruthaithe ann le creidiúint go bhfágfaí an náisiúnach i bhfíor-bhaol idé atá ar neamhréir le hAirteagal 18 nó le hAirteagal 19(2) den Chairt i gcás chur chun feidhme an chinnidh sin.

    57

    De réir Airteagal 19(2), ní fhéadfaí aon duine a aistriú go Ballstát ina bhfuil baol tromchúiseach go mbeadh sé nó sí faoi réir ní hamháin phionóis an bháis ach faoi réir céasta nó idé atá mídhaonna nó táireach, de réir Airteagal 4 den Chairt, chomh maith. Is daingean an toirmeasc ar chéasadh agus ar íde atá mídhaonna nó táireach é, dá bhforáiltear in Airteagal 4 a mhéid atá sé nasctha go dlúth leis an meas ar dhínit an duine dá dtagraítear in Airteagal 1 den Chairt (breithiúnas an 5 Aibreán 2016, Aranyosi agus Căldăraru, C‑404/15 agus C‑659/15 PPU, EU:C:2016:198, mír 85).

    58

    Tugtar le tuiscint uaidh sin, i gcás ina bhfuil cúiseanna dáiríre agus cruthaithe ann le creidiúint go bhfágfaí an náisiúnach, i gcás filleadh ar tríú tír, i bhfíor-bhaol idé mídhaonna nó táirí de réir Airteagal 4 den Chairt, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 1 di agus le hAirteagal 19(2) den Chairt, nach bhféadfadh an náisiúnach sin a bheith faoi réir cinneadh um fhilleadh ar an tír sin, fad a mhaireann a leithéid de bhaol.

    59

    A dhála sin, ní fhéadfadh an náisiúnach sin a bheith faoi réir ordú aistrithe le linn na tréimhse sin, mar a fhoráiltear go sainráite in Airteagal 9(1) de Threoir 2008/115.

    60

    Sa tríú háit, i gcomhréir le hAirteagal 52(3) den Chairt, ós rud é go bhfuil na cearta a ráthaítear in Airteagal 4 di ag freagairt do na cearta a ráthaítear in Airteagal 3 de ECHR, is ionann an bhrí agus an raon feidhme a bheidh ag na cearta sin agus an bhrí agus an raon feidhme atá ag na cearta a dheonaítear le hAirteagal 3 de ECHR [breithiúnas an 24 Aibreán 2018, MP (Cosaint choimhdeach d’íospartach céasta san am a caitheadh), C‑353/16, EU:C:2018:276, mír 37].

    61

    Is léir ó chásdlí na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine maidir le hAirteagal 3 de ECHR go bhféadfadh an phian a théann go nádúrtha le tinneas, bíodh sé ina thinneas fisiceach nó meabhrach é, teacht faoi Airteagal 3 i gcás ina ngéaraítear le híde é nó baol air, bíodh sin de thoradh ar choinníollacha coinneála, ar dhíbirt nó ar bhearta eile, a d’fhéadfadh na húdaráis a bheith freagrach astu, ar choinníoll go sroicheann an phian atá ann dá bharr an tairseach tromchúise is gá faoi Airteagal 3 [féach, chuige sin, an breithiúnas in Paposhvili, míreanna 174 agus 175 agus breithiúnas an 24 Aibreán 2018, MP (Cosaint choimhdeach d’íospartach céasta san am a caitheadh), C‑353/16, EU:C:2018:276, mír 38].

    62

    Go deimhin, ní mór a thabhairt chun cuimhne, chun teacht faoi scáth Airteagal 3 de ECHR, nach mór íosleibhéal tromchúise a bheith ag baint le híde, ar coibhneasta an measúnú ar an íosleibhéal é seo atá ag brath ar imthosca uile an cháis (ECtHR, 20 Deireadh Fómhair 2016, Muršić v an Chróit, ECLI:CE:ECHR:2016:1020JUD000733413, mír 97; ECtHR, 7 Nollaig 2021, Savran v. an Danmhairg, CE:ECHR:2021:1207JUD005746715, mír 122 agus an cásdlí dá dtagraítear).

    63

    I ndáil leis sin, is léir ó chásdlí na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine go gcuirtear cosc le hAirteagal 3 de ECHR ar aistriú dhuine atá go dona tinn atá i ngarbhaol báis a fháil nó a bhfuil cúiseanna dáiríre le creidiúint, bíodh is nach bhfuil sé i ngarbhaol bás a fháil, go mbeadh sé, mar gheall ar easpa cóireála iomchuí sa tír cinn scríbe nó toisc nach bhfuil teacht aige orthu, i bhfíor-bhaol meatha thromchúisigh, thapa agus dholeigheasta ar a shláinte, rud a mbeadh géarphian nó laghdú suntasach a ionchais saoil mar thoradh uirthi [féach, chuige sin, an breithiúnas in Paposhvili, míreanna 178 agus 183 agus breithiúnas an 24 Aibreán 2018, MP (cosaint choimhdeach d’íospartach céasta san am a caitheadh), C‑353/16, EU:C:2018:276, mír 40].

    64

    Thairis sin, is léir ó chásdlí na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine go leagtar caighdeán amach leis an mbreithiúnas in Paposhvili a dtugtar aird chuí ar na breithnithe go léir chun críocha Airteagal 3 de ECHR a mhéid a fhorchoimeádtar an ceart ginearálta atá ag na Ballstáit iontráil, fanacht agus aistriú neamh-náisiúnach a rialú, agus aitheantas á thabhairt do dhaingne an Airteagail sin (ECtHR, 7 Nollaig 2021, Savran v. an Danmhairg, CE:ECHR:2021:1207JUD005746715, mír 133).

    65

    Is léir go socair ó chásdlí na Cúirte gur comhionann an tairseach tromchúise is gá san ábhar seo chun críocha Airteagal 4 den Chairt a chur chun feidhme agus an tairseach tromchúise is gá, sna imthosca céanna, faoi Airteagal 3 de ECHR [breithiúnais an 16 Feabhra 2017, C. K. agus páirtithe eile, C‑578/16 PPU, EU:C:2017:127, mír 67, agus an 24 Aibreán 2018, MP (cosaint choimhdeach d’íospartach céasta san am a caitheadh), C‑353/16, EU:C:2018:276, mír 37].

    66

    Is léir ó mhíreanna 52 go 65 den bhreithiúnas seo go gcuirtear cosc le hAirteagal 5 de Threoir 2008/115, arna léamh i gcomhar le hAirteagail 1, 4 agus 19(2) den Chairt, ar Bhallstát cinneadh um fhilleadh a ghlacadh nó ar náisiúnach tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach ar chríoch an Bhallstáit sin atá buailte le tinneas tromchúiseach a aistriú, i gcás ina bhfuil cúiseanna dáiríre agus cruthaithe ann le creidiúint go bhfágfaí an náisiúnach tríú tír sin, i gcás filleadh, toisc nach bhfuil cóireáil iomchuí ar fáil sa tír cinn scríbe, i bhfíor-bhaol a ionchais saoil a laghdú go suntasach nó go gcuirfí a shláinte chun meatha thapa, shuntasaigh agus dho-athraithe, rud a mbeadh géarphian mar thoradh air.

    67

    Sa dara háit, ní mór a scrúdú, chun críocha na bpríomhimeachtaí, i gcás ina gcaithfidh Ballstát staonadh ó chinneadh um fhilleadh nó ordú aistrithe a ghlacadh maidir le náisiúnach tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach ar chríoch an Bhallstáit sin agus atá go dona tinn, i gcás ina bhfuil cúiseanna dáiríre agus cruthaithe le creidiúint go bhfágfaí an náisiúnach, i gcás filleadh, i bhfíorbhaol méadaithe a phéine, mar gheall ar chosc, sa tír cinn scríbe, ar an aon chóireáil anailgéiseach éifeachtach amháin atá ann, gan an baol a bheith ann go ngéarófaí an tinneas lena bhfuil sé buailte lena leithéid d’aistriú.

    68

    I ndáil leis sin, mar a luaitear i míreanna 61, 63 agus 65 den bhreithiúnas seo, d’fhéadfadh Ballstát an toirmeasc ar chéasadh agus ar íde atá mídhaonna nó táireach, a chumhdaítear in Airteagal 4 den Chairt, a shárú, i gcás ina bhfuiltear i mbaol an phian a baineadh do náisiúnach tríú tír le tinneas a tharla go nádúrtha a ghéarú leis an gcinneadh um fhilleadh nó leis an ordú aistrithe arna dhéanamh ag a údaráis a mhéid a sroicheann an phian sin an tairseach tromchúise dá dtagraítear sna míreanna sin.

    69

    Uime sin, ní leor go bhfuil baol ann go ngéarófaí an phian a bhaineann leis an tinneas tromchúiseach ar náisiúnach tríú tír, atá ag fanacht go neamhdhleathach ar chríoch an Bhallstáit, i gcás filleadh an náisiúnaigh sin, agus é sin amháin, lena chur as an áireamh go bhféadfadh a leithéid d’fhilleadh a bheith ar neamhréir le hAirteagal 4 den Chairt. Is amhlaidh is mó atá ó tharla go bhféadfadh meath ar shláinte fhisiceach nó mheabhrach, ann féin, an duine lena mbaineann a bheith mar thoradh ar mhéadú ar an bpian a bhaineann leis an tinneas féin.

    70

    Mar sin féin, ní fhágfaí go gcuirfí an náisiúnach tríú tír faoi idé atá ar neamhréir le hAirteagal 4 den Chairt, mar thoradh ar a fhilleadh. Go deimhin, de réir analaí maidir leis an méid arna leagan amach i mír 66 den bhreithiúnas seo, is gá fós féin go bhfuil cúiseanna dáiríre agus cruthaithe ann, i gcás filleadh, le creidiúint go bhfágfaí an náisiúnach i bhfíor-bhaol go dtiocfadh méadú suntasach, doleigheasta agus tapa ar a phian.

    71

    I ndáil leis sin, ní mór a shonrú, ar an gcéad dul síos, go bhfuil cúiseanna dáiríre ann le meas go bhfuil náisiúnach tríú tír i mbaol, i gcás filleadh, méadaithe shuntasaigh agus doleigheasta ar an bpian arb éard is cuid léi ná a thinneas, go háirithe, ina bhfuil sé cruthaithe, sa tír cinn scríbe, nach bhféadfaí an t‑aon cóireáil anailgéiseach amháin atá éifeachtach a chur air go dleathach agus go bhfágfaí é, mar gheall ar easpa a leithéide de chóireáil, gan chosaint ar phian chomh dian sin go mbeadh sí ar neamhréir le dínit an duine agus go mbeadh sí ina cúis le fadhbanna meabhracha tromchúiseacha agus doleigheasta, fiú le tabhairt air é féin a mharú, rud ar faoin gcúirt a rinne an tarchur atá sé a chinneadh i bhfianaise na n‑imthosca ábhartha go léir, go háirithe na himthosca leighis. Go háirithe, ní mór measúnú a dhéanamh ar dho-aisiompaitheacht an mhéadaithe ar an bpian i bhfianaise go leor tosca, lena n‑áiritear na héifeachtaí díreacha ag a leithéid de mhéadú agus na hiarmhairtí níos indírí air (féach, de réir analaí, ECtHR, breithiúnas Savran v. an Danmhairg, CE:ECHR:2021:1207JUD005746715, mír 138).

    72

    Ar an dara dul síos, maidir leis an gceanglas go bhfuil baol ann go dtiocfadh méadú tapa ar phian an duine lena mbaineann má dhéantar an náisiúnach tríú tír a fhilleadh, is tábhachtach a chur i dtreis nach bhféadfaí léiriú chomh docht sin a dhéanamh ar a leithéid de choinníoll amhail go gcuirtear cosc leis ar náisiúnach tríú tír atá go dona tinn a fhilleadh ach amháin i gcásanna fíor-thromchúiseacha ina dtiocfadh méadú suntasach agus doleigheasta ar a phian nó ar bhaint amach chríoch na tíre cinn scríbe nó díreach tar éis í a bhaint amach. Seachas sin, ní mór a chur san áireamh go bhféadfadh méadú a theacht ar phian an duine lena mbaineann, arbh éard ba chúis leis ná a fhilleadh i dtír nach bhfuil cóireáil iomchuí ar fáil inti, de réir a chéile agus gur féidir go bhfuil gá le himeacht ama go dtí go n‑éiríonn an méadú sin suntasach agus doleigheasta.

    73

    Thairis sin, cuirtear cosc, leis an ngá na tosca ábhartha go léir a chur san áireamh, chun measúnú a dhéanamh ar an tairseach tromchúise is gá san ábhar sin faoi Airteagal 4 den Chairt, agus de bharr go bhfuil tuairimíocht i gceist le scrúdú ionchasach den sórt sin, air, chun a mheas go bhfuil sé go tapa, go gcaithfidh gur dócha go dtarlóidh an méadú ar phian náisiúnaigh tríú tír, i gcás filleadh, laistigh de thréimhse a réamhchinntear ar bhealach daingean le dlí an Bhallstáit lena mbaineann.

    74

    Go deimhin, ní mór don údarás náisiúnta inniúil a bheith in ann a chur san áireamh, de réir an ghalair atá á fhulaingt ag náisiúnach tríú tír, a thapúla ar dócha go méadódh sé, i gcás filleadh, ar thaobh amháin, agus a mhéid a tháinig méadú ar an bpian is baolach i gcás mar sin, ar an taobh eile.

    75

    I gcás ina socraíonn na Ballstáit tréimhse ama, ní mór di a bheith ina tásc amháin agus ní dhíolmhófar an t‑údarás náisiúnta inniúil ó scrúdú nithiúil a dhéanamh ar chás an náisiúnaigh tríú tír lena mbaineann i bhfianaise na mbreithnithe ábhartha go léir, go háirithe na breithnithe a luaitear sa mhír roimhe sin, i bhfianaise an ghalair lena bhfuil an náisiúnach sin buailte.

    76

    Is léir ó na breithnithe go léir roimhe seo gurb é an léiriú atá le déanamh ar Airteagal 5 de Threoir 2008/115, arna léamh i bhfianaise Airteagail 1 agus 4 den Chairt agus Airteagal 19(2) di, ná go gcuirtear cosc leis ar chinneadh um fhilleadh nó ar ordú aistrithe a dhéanamh maidir le náisiúnach tríú tír, atá ag fanacht go neamhdhleathach i gcríoch Bhallstáit agus atá buailte le tinneas tromchúiseach, i gcás ina bhfuil cúiseanna dáiríre ann le creidiúint go bhfágfaí an duine lena mbaineann, sa tríú tír a n‑aistrítear é chuici, i bhfíor-bhaol go dtiocfadh méadú suntasach, doleigheasta agus tapa ar an bpian a bhfuil an tinneas sin i gcúis léi, i gcás filleadh, mar gheall ar an toirmeasc, sa tír sin, ar an aon chóireáil anailgéiseach éifeachtach amháin atá ann. Ní fhéadfadh Ballstát foráil a dhéanamh maidir le tréimhse ama dhocht lena linn nach mór a leithéid de mhéadú a tharlú ionas go bhféadfadh sé toirmeasc a chur ar an gcinneadh um fhilleadh sin nó ar an ordú aistrithe sin.

    An tríú ceist le haghaidh réamhrialú

    77

    Lena tríú ceist le haghaidh réamhrialú, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, an é an léiriú atá le déanamh ar Threoir 2008/115, arna léamh i bhfianaise Airteagail 1, 4 agus 19 den Chairt ná go gcuirtear cosc ar iarmhairtí an ordaithe aistrithe féin, ar shláinte náisiúnaigh tríú tír, gan bheith á gcur san áireamh ag an údarás náisiúnta ach amháin chun scrúdú a dhéanamh an bhfuil an náisiúnach tríú tír sin in ann taisteal.

    78

    Is léir ón iarraidh ar réamhrialú go bhfuil an chúirt a rinne an tarchur ag tosú ón mbuntuiscint go ndéantar idirdhealú le reachtaíocht de chuid na hÍsiltíre, ar thaobh amháin, idir measúnú ar an mbaol go mbeadh “cás éigeandála leighis” de réir bhrí mhír 7.1.3 den Chiorclán ar Náisiúnaigh Eachtrannacha ann sa ghearrthréimhse mar thoradh ar scor den chóireáil arna cur ar náisiúnach tríú tír, arb éard is cúis leis ná a fhilleadh, agus, ar an taobh eile, measúnú ar na hiarmhairtí atá ag ordú aistrithe féin, a bhfuil le teacht faoi chuimsiú an scrúdaithe ar chumas taistil an náisiúnaigh sin, agus a bhfuil i gceist leis, mar sin, gan ach na hiarmhairtí leighis a d’fhéadadh a tharlú le linn an aistrithe sin a chur san áireamh, d’eisiamh iadsan a d’fhéadadh a theacht chun solais ina dhiaidh sa tír cinn scríbe.

    79

    Cuireann Rialtas na hÍsiltíre ina choinne gurb é seo cleachtas an údaráis náisiúnta inniúil lena mbaineann. Mar sin féin, i gcomhréir leis an gcásdlí a luaitear i mír 44 den bhreithiúnas seo, ní mór freagra a thabhairt ar an tríú ceist bunaithe ar an mbuntuiscint arna lua ag an gcúirt a rinne an tarchur.

    80

    Faoi réir an soiléirithe sin, is léir ó na cúiseanna leis an bhfreagra ar an gcéad cheist agus ar an dara ceist go n‑éilítear le hAirteagal 5 agus le hAirteagal 9(1)(a) de Threoir 2008/115, roimh chinneadh um fhilleadh a ghlacadh nó náisiúnach tríú tír atá buailte le tinneas tromchúiseach a aistriú, nach mór do Bhallstáit a bheith in ann gach amhras tromchúiseach faoin mbaol go ngéarófaí an tinneas sin nó an phian a bhfuil sé ina chúis léi go tapa, go suntasach agus go doleigheasta má chuirtear filleadh an náisiúnach sin as an áireamh. I gcás nach bhféadfaí a leithéid d’amhras a chur as an áireamh, ní fhéadfaidh an t‑údarás náisiúnta inniúil cinneadh um fhilleadh a ghlacadh ná an náisiúnach tríú tír lena mbaineann a aistriú.

    81

    Cé go bhfuil feidhm ag a leithéid de thoirmeasc fad nach bhfuil an Ballstát lena mbaineann in ann aistriú, ann féin, an náisiúnaigh tríú tír lena mbaineann a eagrú ar bealach a áiritheoidh, go háirithe, nach bhfágfaí an náisiúnach sin i mbaol go dtiocfadh méadú suntasach agus doleigheasta ar a thinneas nó ar a phian le linn an aistrithe sin, ní fhéadfaí teacht ar an gconclúid gur leor go ráthaíonn an Ballstát sin go mbeidh an chóireáil iomchuí ag an náisiúnach sin le linn a aistrithe ionas go bhféadfadh sé cinneadh um fhilleadh a bhaineann leis a glacadh nó é a aistriú. Go deimhin, ní mór don Bhallstát lena mbaineann a áirithiú, i gcás inar gá de dheasca shláinte an duine lena mbaineann, go gcuirtear cóireáil air ní hamháin le linn an aistrithe ann féin, ach ina dhiaidh chomh maith, sa tír cinn scríbe (féach, de réir análaí, breithiúnas an 16 Feabhra 2017, C. K. agus páirtithe eile, C‑578/16 PPU, EU:C:2017:127, míreanna 76 go 82).

    82

    I bhfianaise na mbreithnithe go léir roimhe seo, is é an léiriú atá le déanamh ar Airteagal 5 de Threoir 2008/115, arna léamh i gcomhar le hAirteagail 1, 4 agus Airteagal 19(2) den Chairt ná go gcuirtear cosc ar iarmhairtí an ordaithe aistrithe féin, ar shláinte náisiúnaigh tríú tír, gan bheith á gcur san áireamh ag an údarás náisiúnta ach amháin chun scrúdú a dhéanamh an bhfuil an náisiúnach tríú tír sin in ann taisteal.

    An ceathrú ceist le haghaidh réamhrialú

    83

    Lena ceathrú ceist, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, an é an léiriú atá le déanamh ar Threoir 2008/115, arna léamh i gcomhar le hAirteagail 7, 1 agus 4 den Chairt, ná nach mór don Bhallstát sláinte náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach i gcríoch Bhallstáit agus an chóireáil a chuirtear air sa chríoch sin, mar gheall ar an tinneas tromchúiseach lena bhfuil sé buailte, a chur san áireamh lena mheasúnú, de réir an chirt chun saoil phríobháidigh, an gcaithfear a aithint go bhfuil ceart cónaithe i gcríoch an Bhallstáit sin nó a dháta aistrithe a chur siar.

    84

    Sa cheád áit, is tábhachtach a mheabhrú nach mbaineann na caighdeáin agus na nósanna imeachta comhchoiteanna a bhunaítear le Treoir 2008/115 ach le cinntí um fhilleadh a ghlacadh agus le forfheidhmiú na gcinntí sin ó tharla nach bhfuil sé beartaithe rialacha na mBallstát maidir le cónaí ar náisiúnaigh eachtrannacha a chomhchuibhiú ina n‑iomláine. Uime sin, ní rialaítear leis an Treoir sin deonú an chirt chónaithe do náisiúnaigh tríú tír ná na hiarmhairtí a bhaineann le fanacht neamhdhleathach náisiúnaigh tríú tír i gcríoch Bhallstáit nach féidir aon chinneadh um fhilleadh ar thríú tír a ghlacadh maidir leo [féach, chuige sin, breithiúnais an 8 Bealtaine 2018, K. A. agus páirtithe eile (Athaontú teaghlaigh sa Bheilg), C‑82/16, EU:C:2018:308, míreanna 44 agus 45 agus an 24 Feabhra 2021, M agus páirtithe eile (Aistriú go Ballstát), C‑673/19, EU:C:2021:127, míreanna 43 agus 44].

    85

    Dá bhrí sin, ní féidir aon fhoráil de Threoir 2008/115 a léiriú amhail go gceanglaítear léi ar Bhallstát doiciméad cónaithe a dheonú do náisiúnach tríú tír, atá ag fanacht go neamhdhleathach ina chríoch, i gcás nach bhféadfadh an náisiúnach sin a bheith faoi réir cinneadh um fhilleadh, ná faoi réir ordú aistrithe, toisc go bhfuil cúiseanna dáiríre agus cruthaithe ann le creidiúint go bhfágfaí an duine lena mbaineann, sa tír cinn scríbe, i bhfíor-bhaol go dtiocfadh méadú tapa, suntasach, agus doleigheasta ar an bpian arbh éard ba chúis léi ná a thinneas.

    86

    Go háirithe, maidir le hAirteagal 6(4) de Threoir 2008/115, ní dhéantar leis an bhforáil sin ach cead a thabhairt do Bhallstáit ceart cónaithe a dheonú, ar chúiseanna atruacha nó daonnúla, ar bhonn a ndlí náisiúnta, agus ní ar bhonn dhlí an Aontais, do náisiúnaigh atá ag fanacht go neamhdhleathach ina gcríoch.

    87

    I gcomhréir le hAirteagal 51(2) den Chairt, ní leathnaítear raon feidhme dhlí an Aontais leis na forálacha sin. Uime sin, ní fhéadfaí a mheas, de réir Airteagal 7 den Chairt, go bhféadfaí a dhlí ar Bhallstát ceart cónaithe a dheonú do náisiúnach tríú tír a thagann faoi raon feidhme na Treorach sin.

    88

    Mar sin féin, is tábhachtach, sa dara háit, a thabhairt faoi deara go bhfuil sé de phríomhchuspóir ag Treoir 2008/115, mar is léir ó aithrisí 2 agus 4 di, beartas éifeachtach aistrithe agus aisdúichithe a chur ar bun agus lánurraim á tabhairt do chearta bunúsacha na ndaoine lena mbaineann agus dá ndínit (breithiúnas an 19 Meitheamh 2018, Gnandi, C‑181/16, EU:C:2018:465, mír 48 agus an cásdlí dá dtagraítear).

    89

    Dá bhrí sin, agus Treoir 2008/115 á cur chun feidhme acu, lena n‑áirítear i gcás ina bhfuil sé de rún acu cinneadh um fhilleadh nó ordú aistrithe maidir le náisiúnach tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach a ghlacadh, go ndlitear ar na Ballstáit urraim a thabhairt do na cearta bunúsacha a n‑aithnítear go bhfuil ag an náisiúnach sin faoin gCairt (breithiúnas an 11 Meitheamh 2015, Zh. agus O., C‑554/13, EU:C:2015:377, mír 69).

    90

    Is amhlaidh atá go háirithe maidir le ceart an náisiúnaigh chun meas ar an saol príobháideach agus ar shaol an teaghlaigh, a ráthaítear le hAirteagal 7 den Chairt. Tá an ceart seo, dá dtagraíonn an chúirt a rinne an tarchur sa cheathrú ceist go sonrach, ag freagairt don cheart a ráthaítear le hAirteagal 8 de ECHR agus, dá bhrí sin, ní mór a aithint gurb ionann an bhrí agus raon feidhme atá aige agus atá an ceart sin [breithiúnas an 18 Meitheamh 2020, an Coimisiún v an Ungáir (Trédhearcacht comhlachas), C‑78/18, EU:C:2020:476, mír 122 agus an cásdlí dá dtagraítear].

    91

    I ndáil leis sin, rialaigh an Chúirt go gcuirtear cosc le pointe (b) den chéad mhír d’Airteagal 5 de Threoir 2008/115 ar chinneadh um fhilleadh a ghlacadh ag Ballstát gan tosca ábhartha shaol teaghlaigh an náisiúnach tríú tír lena mbaineann a chur san áireamh [breithiúnas an 8 Bealtaine 2018, K. A. agus páirtithe eile (Athaontú teaghlaigh sa Bheilg), C‑82/16, EU:C:2018:308, mír 104].

    92

    Thairis sin, agus cé nach luaitear saol príobháideach an náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach i measc na dtosca nach mór do na Ballstáit a chur san áireamh agus Treoir 2008/115 á cur chun feidhme acu in Airteagal 5, is léir mar sin féin ó mhíreanna 88 go 90 den bhreithiúnas seo nach bhféadfaí cinneadh um fhilleadh nó ordú aistrithe a ghlacadh i gcás ina bhfuil sé ar neamhréir le ceart an náisiúnaigh tríú tír lena mbaineann chun meas ar an saol príobháideach.

    93

    I ndail leis sin, is tábhachtach a thabhairt faoi deara gur cuid de shaol príobháideach náisiúnaigh tríú tír, de réir bhrí Airteagal 7 den Chairt, í an chóir leighis a chuirtear air i gcríoch Bhallstáit, fiú i gcás ina bhfuil an náisiúnach sin ag fanacht ann go neamhdhleathach.

    94

    Go deimhin, mar a thug an tAbhcóide Ginearálta dá aire, go bunúsach, i mír 114 dá Thuairim, bíonn baint ag iomláine fhisiceach nó mheabhrach duine lena fhorbairt phearsanta agus, uime sin, lena cheart chun saoil phríobháidigh a theachtadh go héifeachtach, lena n‑áirítear, go pointe áirithe, an ceart atá ag an duine caidrimh a chothú agus a fhorbairt le daoine eile (féach, chuige sin, ECtHR, breithiúnas an 8 Aibreán 2021, Vavricka agus páirtithe eile v. Poblacht na Seice, CE:ECHR:2021:0408JUD004762113, mír 261).

    95

    Uime sin, mar a dheimhnítear leis an gcéad mhír (c) d’Airteagal 5 agus Airteagal 9(2)(a) de Threoir 2008/115, ní fhéadfadh an t‑údarás náisiúnta inniúil cinneadh um fhilleadh a ghlacadh nó náisiúnach tríú tír a aistriú ach amháin má chuireann sé a shláinte san áireamh.

    96

    Mar sin féin, ní mór a thabhairt chun cuimhne nach bhfuil cuma an tsainchirt dhaingin ar an gceart chun meas ar an saol príobháideach, a chumhdaítear in Airteagal 7 den Chairt, ach ní mór iad a chur san áireamh i ndáil lena bhfeidhm sa tsochaí. Go deimhin, mar is léir ó Airteagal 52(1) den Chairt, ceadaítear leis an bhforáil sin teorainneacha a chur le feidhmiú an chirt sin, ar choinníoll go bhforáiltear do na teorainneacha sin le dlí, go n‑urramaítear bunábhar an chirt sin leo agus, i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, go bhfuil gá leo agus go gcomhlíontar cuspóirí leasa ghinearálta arna n‑aithint ag an Aontas go héifeachtach leo nó an gá atá le cearta agus saoirsí daoine eile a chosaint (breithiúnas an 5 Aibreán 2022, Coimisinéir an Gharda Síochána agus páirtithe eile, C‑140/20, EU:C:2022:258, mír 48 agus an cásdlí dá dtagraítear).

    97

    I ndáil leis sin, is fíor go bhfuil sé de chuspóir leasa ghinearálta a aithnítear le dlí an Aontais beartas éifeachtach aistrithe agus athdhúichithe a chur ar bun, a shaothraítear le Treoir 2008/115, agus ar a leagtar béim le haithris 2 di.

    98

    Mar sin féin, dlitear le hAirteagal 52(1) den Chairt chomh maith ar scrúdú a dhéanamh, go háirithe, nach ndéantar difear le cinneadh um fhilleadh nó ordú aistrithe a ghlacadh maidir le náisiúnach tríú tír atá buailte le tinneas tromchúiseach, agus ar a gcuirtear, sa Bhallstát lena mbaineann, cóireáil anailgéiseach nach bhfuil ar fáil sa tír cinn scríbe ar bhunábhar a chirt chun saoil phríobháidigh agus an dtugtar urraim do phrionsabal na comhréireachta leis.

    99

    Glactar leis go gcuirtear na naisc shóisialta go léir arna gcruthú ag an náisiúnach sin ina bhfuil sé ag fanacht go neamhdhleathach san áireamh lena leithéid de scrúdú, agus aird chuí á tabhairt ar an leochaileacht agus ar an staid spleáchas ar leith a bhfuil a shláinte ina cúis leo. Go deimhin, mar a thug an tAbhcóide Ginearálta dá aire, go bunúsach, i mír 112 dá Thuairim, i gcás ina bhfuil saol príobháideach forbartha sa Bhallstát sin ag an náisiúnach sin, gan doiciméad cónaithe ann a bheith aige, ní fhéadfaí cosc a chur air a bheith faoi réir nós imeachta um fhilleadh ach amháin ar chúiseanna eisceachtúla (féach, chuige sin, ECtHR, breithiúnas an 28 Iúil 2020, Pormes v. an Ísiltír, CE:ECHR:2020:0728JUD002540214, míreanna 53 agus 58).

    100

    Thairis sin, ní fhéadfaí cosc, faoi Airteagal 7 den Chairt, a chur ar chinneadh um fhilleadh nó ordú aistrithe a bhaineann leis an náisiúnach sin a ghlacadh, toisc, i gcás filleadh, nach ionann an chóireáil a bheidh aige agus an chóireáil a chuirtear air sa Bhallstát ina bhfuil sé ag fanacht go neamhdhleathach a thuilleadh, rud a d’fhéadfadh difear a dhéanamh, mar sin, go háirithe, d’fhorbairt a gcaidreamh sóisialta sa tír cinn scríbe, agus dá thoisc sin amháin.

    101

    Go deimhin, mar a thugtar chun cuimhne i míreanna 60 go 64 den bhreithiúnas seo, is faoi réir coinníollacha diana go gcuirtear cosc le hAirteagal 4 den Chairt ar náisiúnach tríú tír a fhilleadh atá ag fanacht go neamhdhleathach agus atá buailte le tinneas tromchúiseach.

    102

    Tugtar le tuiscint uaidh sin, ionas nach gcuirfear na coinníollacha sin ó éifeacht, ní fhéadfaí a thabhairt ar Bhallstát, le hAirteagal 7 den Chairt, staonadh ó chinneadh um fhilleadh nó ordú aistrithe maidir leis an náisiúnach sin a ghlacadh, mar gheall ar an mbaol go gcuirfí a shláinte nó sa tír cinn scríbe amháin chun meatha, i gcás nach gcomhlíontar a leithéid de choinníollacha.

    103

    Is léir ó na breithnithe go léir roimhe seo, maidir le Treoir 2008/115, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 7, 1 agus 4 den Chairt, nach mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

    ní cheanglaítear léi ar Bhallstát doiciméad cónaithe a dheonú do náisiúnach tríú tír, atá ag fanacht go neamhdhleathach ina chríoch, i gcás nach bhféadfadh an náisiúnach sin a bheith faoi réir cinneadh um fhilleadh, ná faoi réir ordú aistrithe, toisc go bhfuil cúiseanna dáiríre agus cruthaithe ann le creidiúint go bhfágfaí an duine lena mbaineann, sa tír cinn scríbe, i bhfíor-bhaol go dtiocfadh méadú tapa, suntasach agus doleigheasta ar an bpian arbh éard ba chúis léi ná an tinneas tromchúiseach lena bhfuil sé buailte;

    ní mór don údarás náisiúnta inniúil sláinte an náisiúnaigh sin agus an chóireáil a chuirtear air sa chríoch sin, mar gheall ar an tinneas sin, a chur san áireamh, chomh maith leis na tosca ábhartha eile go léir, nuair a dhéanann sé scrúdú an gcuirtear cosc le ceart an náisiúnaigh sin chun meas ar shaol príobháideach an náisiúnaigh sin air a bheith faoi réir cinneadh um fhilleadh nó ordú aistrithe;

    Ní sháraítear an ceart seo lena leithéid de chinneadh nó d’ordú a ghlacadh toisc, i gcás filleadh ar an tír cinn scríbe, go bhfágfaí an náisiúnach sin i mbaol go gcuirfí a shláinte chun meatha, i gcás nach sroicheann a leithéid de bhaol an tairseach tromchúise is gá faoi Airteagal 4 den Chairt agus dá thoisc sin amháin.

    Costais

    104

    Ós rud é, a mhéid a bhaineann leis na príomhpháirtithe sna príomhimeachtaí, go bhfuil na himeachtaí mar chéim sa chás os comhair na cúirte náisiúnta, baineann ceist na gcostas leis an gcúirt sin. Níl na costais a tabhaíodh trí bharúlacha a chur faoi bhráid na Cúirte, seachas na bpáirtithe sin, inghnóthaithe.

     

    Ar na forais sin, rialaíonn an Chúirt (an Mór-Dhlísheomra) mar seo a leanas:

     

    1.

    Maidir le hAirteagal 5 de Treoir 2008/115/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le caighdeáin choiteanna agus nósanna imeachta coiteanna sna Ballstáit i ndáil le náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach a chur ar ais, arna léamh i gcomhar le hAirteagail 1 agus 4 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh agus Airteagal 19(2) di,

    ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

    cuirtear cosc leis ar chinneadh um fhilleadh nó ar ordú aistrithe a dhéanamh maidir le náisiúnach tríú tír, atá ag fanacht go neamhdhleathach i gcríoch Bhallstáit agus atá buailte le tinneas tromchúiseach, i gcás ina bhfuil cúiseanna dáiríre agus cruthaithe ann le creidiúint go bhfágfaí an duine lena mbaineann, sa tríú tír a n‑aistrítear é chuici, i bhfíor-bhaol go dtiocfadh méadú suntasach, doleigheasta agus tapa ar a phian, i gcás filleadh, mar gheall ar an toirmeasc, sa tír sin, ar an aon chóireáil anailgéiseach éifeachtach amháin atá ann. Ní fhéadfaidh Ballstát foráil a dhéanamh maidir le tréimhse ama dhocht nach mór a leithéid de mhéadú a tharlú lena linn ionas go bhféadfadh sé toirmeasc a chur ar an gcinneadh um fhilleadh sin nó ar an ordú aistrithe sin.

     

    2.

    Maidir le hAirteagal 5 de Treoir 2008/115, arna léamh i gcomhar le hAirteagail 1 agus 4 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, agus 19(2) di

    ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

    cuirtear cosc leo ar iarmhairtí an ordaithe aistrithe féin, ar shláinte náisiúnaigh tríú tír, gan bheith á gcur san áireamh ag an údarás náisiúnta inniúil ach amháin chun scrúdú a dhéanamh an bhfuil an náisiúnach tríú tír sin in ann taisteal.

     

    3.

    Maidir le Treoir 2008/115, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 7, 1 agus 4 den Chairt um Chearta Bunúsacha,

    ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

    ní cheanglaítear léi ar Bhallstát doiciméad cónaithe a dheonú do náisiúnach tríú tír, atá ag fanacht go neamhdhleathach ina chríoch, i gcás nach bhféadfadh an náisiúnach sin a bheith faoi réir cinneadh um fhilleadh ná faoi réir ordú aistrithe, toisc go bhfuil cúiseanna dáiríre agus cruthaithe ann le creidiúint go bhfágfaí an duine lena mbaineann, sa tír cinn scríbe, i bhfíor-bhaol go dtiocfadh méadú tapa, suntasach agus doleigheasta ar an bpian arbh éard ba chúis léi ná an tinneas tromchúiseach lena bhfuil sé buailte;

    ní mór don údarás náisiúnta inniúil sláinte an náisiúnaigh sin agus an chóireáil a chuirtear air sa chríoch sin, mar gheall ar an tinneas sin, a chur san áireamh, chomh maith leis na tosca ábhartha eile go léir, nuair a dhéanann sé scrúdú an gcuirtear cosc le ceart an náisiúnaigh sin chun meas ar an saol príobháideach air a bheith faoi réir cinneadh um fhilleadh nó ordú aistrithe;

    ní sháraítear an ceart seo lena leithéid de chinneadh nó de bheart a ghlacadh toisc, i gcás filleadh ar an tír cinn scríbe, go bhfágfaí an náisiúnach sin i mbaol go gcuirfí a shláinte chun meatha, i gcás nach sroicheann a leithéid de bhaol an tairseach tromchúise is gá faoi Airteagal 4 den Chairt agus dá thoisc sin amháin.

     

    Sínithe


    ( *1 ) Teanga an cháis: an Ollainnis.

    Top