Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62021CB0133

    Cás C-133/21: Ordú na Cúirte Breithiúnais (Seachtú Dlísheomra) an 7 Aibreán 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Efeteio Athinon – an Ghréig) – VP, CX, RG, TR, agus páirtithe eile v Elliniko Dimosio (Tarchur chun réamhrialú – Beartas sóisialta – Treoir 1999/70/CE – Comhaontú réime maidir le hobair ar théarma socraithe arna thabhairt i gcrích ag ETUC, UNICE agus CEEP – Clásal 4 – Prionsabal an neamh-idirdhealaithe – Conarthaí ar théarma seasta i ndiaidh a chéile san earnáil phoiblí – Reachtaíocht náisiúnta lena mbunaítear difríocht sa chóir maidir le luach saothair idir oibrithe atá fostaithe faoi chonarthaí fostaíochta ar théarma seasta agus oibrithe atá fostaithe faoi chonarthaí fostaíochta buana – Éagmais boinn cirt – Coincheap na “gcúiseanna oibiachtúla”)

    IO C 359, 19.9.2022, p. 14–14 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    19.9.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 359/14


    Ordú na Cúirte Breithiúnais (Seachtú Dlísheomra) an 7 Aibreán 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Efeteio Athinon – an Ghréig) – VP, CX, RG, TR, agus páirtithe eile v Elliniko Dimosio

    (Cás C-133/21) (1)

    (Tarchur chun réamhrialú - Beartas sóisialta - Treoir 1999/70/CE - Comhaontú réime maidir le hobair ar théarma socraithe arna thabhairt i gcrích ag ETUC, UNICE agus CEEP - Clásal 4 - Prionsabal an neamh-idirdhealaithe - Conarthaí ar théarma seasta i ndiaidh a chéile san earnáil phoiblí - Reachtaíocht náisiúnta lena mbunaítear difríocht sa chóir maidir le luach saothair idir oibrithe atá fostaithe faoi chonarthaí fostaíochta ar théarma seasta agus oibrithe atá fostaithe faoi chonarthaí fostaíochta buana - Éagmais boinn cirt - Coincheap na “gcúiseanna oibiachtúla”)

    (2022/C 359/17)

    Teanga an cháis: an Ghréigis

    An chúirt a rinne an tarchur

    Efeteio Athinon

    Páirtithe sna príomhimeachtaí

    Iarratasóirí: VP, CX, RG, TR, agus páirtithe eile.

    Cosantóir: Elliniko Dimosio

    An chuid oibríochtúil

    Ní mór clásal 4(1) den Chomhaontú réime maidir le hobair ar théarma socraithe arna thabhairt i gcrích an 18 Márta 1999, atá i gceangal le Treoir 1999/70/CE ón gComhairle an 28 Meitheamh 1999 maidir leis an gcomhaontú maidir le hobair ar théarma socraithe arna thabhairt i gcrích ag ETUC, UNICE agus CEEP, a léiriú mar chosc ar reachtaíocht náisiúnta lena bhforáiltear nach bhfuil oibrí ar théarma seasta, a n-aicmítear a chonradh mar chonradh maidir le seirbhísí a sholáthar, i dteideal, faoin reachtaíocht sin, luach saothair a fháil atá coibhéiseach leis an luach saothair a íoctar le hoibrí buan ar an mbonn go ndearna sé a chuid oibre faoi chonradh téarma shocraithe lena fhios aige gur ceapadh an conradh sin chun freastal ar riachtanais bhuana agus fhadtéarmacha a fhostóra.


    (1)  IO C 206, an 31.05.2021


    Top