Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62021CA0646

Cás C-646/21, Staatssecretaris van Justitie en Veiligheid (Mná a thacaíonn le luach an chomhionannais inscne): Breithiúnas na Cúirte Bhreithiúnais (an Mór-Dhlísheomra) an 11 Meitheamh 2024 (iarraidh ar réamhrialú ó rechtbank Den Haag, zittingsplaats 's-Hertogenbosch – an Ísiltír) – K, L v Staatssecretaris van Justitie en Veiligheid (Tarchur chun réamhrialú – An limistéar saoirse, slándála agus ceartais – Comhbheartas tearmainn – Treoir 2011/95/AE – Coinníollacha maidir le stádas dídeanaí a fháil – Airteagal 2(d) agus 2(e) – Forais ghéarleanúna – Airteagal 10(1)(d) agus (2) – Ballraíocht i ngrúpa sóisialta áirithe – Airteagal 4 – Measúnú aonair ar na fíorais agus ar na himthosca – Treoir 2013/32/AE – Airteagal 10(3) – Coinníollacha a bhaineann le scrúdú iarratas ar chosaint idirnáisiúnta – Airteagal 24(2) den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh – Leas an linbh – Cinneadh – Mionaoisigh ar náisiúnaigh de thríú tír iad a thacaíonn le bunluach an chomhionannais inscne mar gheall ar thréimhse chónaithe fhada i mBallstát)

IO C, C/2024/4433, 22.7.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/4433/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/4433/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2024/4433

22.7.2024

Breithiúnas na Cúirte Bhreithiúnais (an Mór-Dhlísheomra) an 11 Meitheamh 2024 (iarraidh ar réamhrialú ó rechtbank Den Haag, zittingsplaats 's-Hertogenbosch – an Ísiltír) – K, L v Staatssecretaris van Justitie en Veiligheid

(Cás C-646/21, Staatssecretaris van Justitie en Veiligheid (Mná a thacaíonn le luach an chomhionannais inscne))  (1)

(Tarchur chun réamhrialú - An limistéar saoirse, slándála agus ceartais - Comhbheartas tearmainn - Treoir 2011/95/AE - Coinníollacha maidir le stádas dídeanaí a fháil - Airteagal 2(d) agus 2(e) - Forais ghéarleanúna - Airteagal 10(1)(d) agus (2) - ‘Ballraíocht i ngrúpa sóisialta áirithe’ - Airteagal 4 - Measúnú aonair ar na fíorais agus ar na himthosca - Treoir 2013/32/AE - Airteagal 10(3) - Coinníollacha a bhaineann le scrúdú iarratas ar chosaint idirnáisiúnta - Airteagal 24(2) den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh - Leas an linbh - Cinneadh - Mionaoisigh ar náisiúnaigh de thríú tír iad a thacaíonn le bunluach an chomhionannais inscne mar gheall ar thréimhse chónaithe fhada i mBallstát)

(C/2024/4433)

Teanga an cháis: an Ollainnis

An chúirt a rinne an tarchur

Rechtbank Den Haag, zittingsplaats 's-Hertogenbosch

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóirí: K, L

Cosantóir: Staatssecretaris van Justitie en Veiligheid

An chuid oibríochtúil

1.

Maidir le hAirteagal 10(1)(d) agus (2) de Threoir 2011/95/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2011 maidir le caighdeáin i dtaca le cáilitheacht náisiúnach tríú tír nó daoine gan stát mar thairbhithe de chosaint idirnáisiúnta, i dtaca le stádas aonfhoirmeach do dhídeanaithe nó do dhaoine atá incháilithe le haghaidh cosaint choimhdeach agus i dtaca lena bhfuil sa chosaint a thugtar,

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

de réir na n-imthosca atá i réim sa tír thionscnaimh, féadfar a mheas go bhfuil ballraíocht i ‘ngrúpa sóisialta áirithe’ ag mná is náisiúnaigh na tíre sin, lena n-áirítear mionaoisigh, a bhfuil comhthréith acu, eadhon fíorchreideamh i mbunluach an chomhionannais inscne a tharraing siad chucu féin le linn tréimhse chónaithe fhada i mBallstát, atá ina ‘cúis le géarleanúint’ a bhfuil stádas dídeanaí inaitheanta dá bharr.

2.

Maidir le hAirteagal 24(2) den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh,

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

cuirtear cosc leis ar chinneadh ón údarás náisiúnta inniúil maidir le hiarratas ar chosaint idirnáisiúnta arna dhéanamh ag mionaoiseach gan cinneadh nithiúil a dhéanamh roimh ré maidir le leas an linbh sin, i gcomhthéacs measúnú aonair.


(1)   IO C 24, 17.1.2022.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/4433/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)


Top