Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62021CA0634

Cás C-634/21, SCHUFA Holding (Scoring): Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an Chéad Dlísheomra) an 7 Nollaig 2023 (iarraidh ar réamhrialú ó Verwaltungsgericht Wiesbaden – an Ghearmáin) – OQ v Land Hessen (Tarchur chun réamhrialú – Cosaint daoine nádúrtha i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta – Rialachán (AE) 2016/679 – Airteagal 22 – Cinneadh aonair uathoibrithe – Cuideachtaí a sholáthraíonn faisnéis tráchtála – Uathbhunaíocht luach dóchúlachta a bhaineann le cumas duine gealltanais íocaíochta amach anseo a urramú (‘scoring’) – Úsáid an luacha dóchúlachta sin ag tríú páirtithe)

IO C, C/2024/913, 29.1.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/913/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/913/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2024/913

29.1.2024

Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an Chéad Dlísheomra) an 7 Nollaig 2023 (iarraidh ar réamhrialú ó Verwaltungsgericht Wiesbaden – an Ghearmáin) – OQ v Land Hessen

(Cás C-634/21 (1), SCHUFA Holding (Scoring))

(Tarchur chun réamhrialú - Cosaint daoine nádúrtha i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta - Rialachán (AE) 2016/679 - Airteagal 22 - Cinneadh aonair uathoibrithe - Cuideachtaí a sholáthraíonn faisnéis tráchtála - Uathbhunaíocht luach dóchúlachta a bhaineann le cumas duine gealltanais íocaíochta amach anseo a urramú (‘scoring’) - Úsáid an luacha dóchúlachta sin ag tríú páirtithe)

(C/2024/913)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Verwaltungsgericht Wiesbaden

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: OQ

Cosantóir: Land Hessen

I láthair: SCHUFA Holding AG

An chuid oibríochtúil

Maidir le hAirteagal 22(1) de Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí),

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

maidir leis an mbunú uathoibrithe a dhéanann cuideachta a sholáthraíonn faisnéis tráchtála ar luach dóchúlachta bunaithe ar shonraí pearsanta a bhaineann le duine agus a bhaineann le cumas an duine sin gealltanais íocaíochta a chomhlíonadh amach anseo, is ionann í agus ‘cinneadh aonair uathoibrithe’, de réir bhrí na forála sin, i gcás ina ndéanann an fíoras go ndéanann tríú páirtí dá nochtar an luach dóchúlachta sin caidreamh conarthach leis an duine sin a chinneadh, a bhunú, a fhorghníomhú nó a fhoirceannadh.


(1)   IO C 37, 24.1.2022


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/913/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)


Top