This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 62021CA0625
Case C-625/21: Judgment of the Court (Ninth Chamber) of 8 December 2022 (request for a preliminary ruling from the Oberster Gerichtshof — Austria) — VB v GUPFINGER Einrichtungsstudio GmbH (Reference for a preliminary ruling — Directive 93/13/EEC — Unfair terms in consumer contracts — Unjustified withdrawal from a contract by the consumer — Term determining the trader’s right to compensation declared unfair — Application of supplementary national law)
Cás C-625/21: Breithiúnas na Cúirte (an Naoú Dlísheomra) an 8 Nollaig 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Oberster Gerichtshof – an Ostair) –VB v GUPFINGER Einrichtungsstudio GmbH (Tarchur chun réamhrialú – Treoir 93/13/CEE – Téarmaí éagóracha i gconarthaí le tomhaltóirí – Séanadh neamhdhlisteanach conartha arna dhéanamh ag tomhaltóir – Téarma a dearbhaíodh a bheith éagórach lena gcinntear ceart cúitimh an trádálaí don damáiste a d’fhulaing sé – Cur i bhfeidhm an dlí náisiúnta fhorlíontaigh)

IO C 35, 30.1.2023, p. 17–17
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
30.1.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 35/17 |
Breithiúnas na Cúirte (an Naoú Dlísheomra) an 8 Nollaig 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Oberster Gerichtshof – an Ostair) –VB v GUPFINGER Einrichtungsstudio GmbH
(Cás C-625/21) (1)
(Tarchur chun réamhrialú - Treoir 93/13/CEE - Téarmaí éagóracha i gconarthaí le tomhaltóirí - Séanadh neamhdhlisteanach conartha arna dhéanamh ag tomhaltóir - Téarma a dearbhaíodh a bheith éagórach lena gcinntear ceart cúitimh an trádálaí don damáiste a d’fhulaing sé - Cur i bhfeidhm an dlí náisiúnta fhorlíontaigh)
(2023/C 35/18)
Teanga an cháis: an Ghearmáinis
An chúirt a rinne an tarchur
Oberster Gerichtshof
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: VB
Cosantóir: GUPFINGER Einrichtungsstudio GmbH
An chuid oibríochtúil
Maidir le hAirteagail 6(1) agus 7(1) de Threoir 93/13/CEE ón gComhairle an 5 Aibreán 1993 maidir le téarmaí éagóracha i gconarthaí tomhaltóra,
ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas: i gcás inar dearbhaíodh go raibh téarma cúitimh i gconradh díolacháin éagórach agus, dá dhroim sin, go bhfuil sé ar neamhní, ós rud é go bhféadfaidh an conradh sin leanúint ar aghaidh d’ainneoin sin in éagmais an téarma sin, cuirtear cosc leo ar an díoltóir gairmiúil a d’fhorchuir an téarma sin éileamh a dhéanamh, i gcomhthéacs caingean le haghaidh damáistí atá bunaithe go heisiach ar fhoráil fhorlíontach i ndlí náisiúnta na gconarthaí, ar chúiteamh dá bhforáiltear leis an bhforáil sin, a bheadh infheidhme in éagmais an téarma sin, as an damáiste a d’fhulaing sé.