EUR-Lex Access to European Union law
This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 62021CA0620
Case C-620/21, MOMTRADE RUSE: Judgment of the Court (Seventh Chamber) of 11 May 2023 (request for a preliminary ruling from the Varhoven administrativen sad — Bulgaria) — MOMTRADE RUSE OOD v Direktor na Direktsia ‘Obzhalvane i danachno-osiguritelna praktika’ Varna pri Tsentralno upravlenie na Natsionalnata agentsia za prihodite (Reference for a preliminary ruling — Common system of value added tax (VAT) — Directive 2006/112/EC — Article 132(1)(g) — Exemption for the supply of services closely linked to welfare and social security work, by bodies recognised by the Member State concerned as being devoted to social wellbeing — Supply of services provided to a non-taxable person in a Member State other than that in which the supplier is established — Assessment of the nature of the services and the condition of being a body recognised as being devoted to social wellbeing — Determination of the relevant national law — Concept of ‘Member State concerned’)
Cás C-620/21, MOMTRADE RUSE: Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an Seachtú Dlísheomra) an 11 Bealtaine 2023 (iarraidh ar réamhrialú ón Varhoven administrativen sad – an Bhulgáir) – MOMTRADE RUSE OOD v Direktor na Direktsia “Obzhalvane i danachno-osiguritelna praktika” Varna pri Tsentralno upravlenie na Natsionalnata agentsia za prihodite (Tarchur chun réamhrialú – Comhchóras cánach breisluacha (CBL) – Treoir 2006/112/CE – Airteagal 132(1)(g) – Díolúintí do sheirbhísí a bhfuil dlúthbhaint acu leis an leas sóisialta agus leis an tslándáil shóisialta a sholáthraíonn comhlachtaí a n-aithnítear iad a bheith tiomanta don dea-bhail shóisialta ag an mBallstát lena mbaineann – Soláthar seirbhísí do dhuine neamh-inchánach i mBallstát seachas an Ballstát ina bhfuil an soláthraí bunaithe – Measúnú ar chineál na seirbhísí agus ar riocht comhlachta a aithnítear mar chomhlacht de chineál sóisialta – An dlí náisiúnta ábhartha a chinneadh – An coincheap “an Ballstát lena mbaineann”)
Cás C-620/21, MOMTRADE RUSE: Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an Seachtú Dlísheomra) an 11 Bealtaine 2023 (iarraidh ar réamhrialú ón Varhoven administrativen sad – an Bhulgáir) – MOMTRADE RUSE OOD v Direktor na Direktsia “Obzhalvane i danachno-osiguritelna praktika” Varna pri Tsentralno upravlenie na Natsionalnata agentsia za prihodite (Tarchur chun réamhrialú – Comhchóras cánach breisluacha (CBL) – Treoir 2006/112/CE – Airteagal 132(1)(g) – Díolúintí do sheirbhísí a bhfuil dlúthbhaint acu leis an leas sóisialta agus leis an tslándáil shóisialta a sholáthraíonn comhlachtaí a n-aithnítear iad a bheith tiomanta don dea-bhail shóisialta ag an mBallstát lena mbaineann – Soláthar seirbhísí do dhuine neamh-inchánach i mBallstát seachas an Ballstát ina bhfuil an soláthraí bunaithe – Measúnú ar chineál na seirbhísí agus ar riocht comhlachta a aithnítear mar chomhlacht de chineál sóisialta – An dlí náisiúnta ábhartha a chinneadh – An coincheap “an Ballstát lena mbaineann”)
IO C 223, 26.6.2023, p. 2–3
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
26.6.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 223/2 |
Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an Seachtú Dlísheomra) an 11 Bealtaine 2023 (iarraidh ar réamhrialú ón Varhoven administrativen sad – an Bhulgáir) – MOMTRADE RUSE OOD v Direktor na Direktsia “Obzhalvane i danachno-osiguritelna praktika” Varna pri Tsentralno upravlenie na Natsionalnata agentsia za prihodite
(Cás C-620/21 (1), MOMTRADE RUSE)
(Tarchur chun réamhrialú - Comhchóras cánach breisluacha (CBL) - Treoir 2006/112/CE - Airteagal 132(1)(g) - Díolúintí do sheirbhísí a bhfuil dlúthbhaint acu leis an leas sóisialta agus leis an tslándáil shóisialta a sholáthraíonn comhlachtaí a n-aithnítear iad a bheith tiomanta don dea-bhail shóisialta ag an mBallstát lena mbaineann - Soláthar seirbhísí do dhuine neamh-inchánach i mBallstát seachas an Ballstát ina bhfuil an soláthraí bunaithe - Measúnú ar chineál na seirbhísí agus ar riocht comhlachta a aithnítear mar chomhlacht de chineál sóisialta - An dlí náisiúnta ábhartha a chinneadh - An coincheap “an Ballstát lena mbaineann”)
(2023/C 223/02)
Teanga an cháis: an Bhulgáiris
An chúirt a rinne an tarchur
Varhoven administrativen sad
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: MOMTRADE RUSE OOD
Cosantóir: Direktor na Direktsia “Obzhalvane i danachno-osiguritelna praktika” Varna pri Tsentralno upravlenie na Natsionalnata agentsia za prihodite
An chuid oibríochtúil
1) |
Maidir le hAirteagal 132(1)(g) de Threoir 2006/112/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha, arna leasú le Treoir le 2008/8/CE ón gComhairle an 12 Feabhra 2008, ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas: ar an gcéad dul síos, féadfaidh soláthar seirbhísí sóisialta do dhaoine nádúrtha a bhfuil cónaí orthu i mBallstát seachas an Ballstát ina bhfuil a ghnó nó a gnó bunaithe ag an soláthraí a bheith díolmhaithe faoin bhforáil sin agus, ar an dara dul síos, níl sé ábhartha maidir leis sin gur bhain an soláthraí úsáid as cuideachta atá bunaithe sa Bhallstát eile sin chun dul i dteagmháil lena chustaiméirí. |
2) |
Maidir le hAirteagal 132(1)(g) de Threoir 2006/112, arna leasú le Treoir 2008/8, ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas: i gcás ina soláthraíonn cuideachta seirbhísí sóisialta do dhaoine nádúrtha a bhfuil cónaí orthu i mBallstát seachas an Ballstát ina bhfuil a gnó bunaithe, ní mór cineál na seirbhísí sin agus saintréithe na cuideachta sin, chun a chinneadh an dtagann na seirbhísí sin faoin gcoincheap “soláthar seirbhísí […] a bhfuil dlúthbhaint acu leis an gcabhair shóisialta agus leis an tslándáil shóisialta […] a sholáthraíonn […] [comhlacht a aithnítear é] a bheith tiomanta don dea-bhail shóisialta ag an mBallstát lena mbaineann”, de réir bhrí na forála sin, a scrúdú i gcomhréir leis an dlí, lena dtrasuítear Treoir 2006/112, arna leasú, ón mBallstát ina bhfuil a ghnó bunaithe ag cuideachta. |
3) |
Maidir le hAirteagal 132(1)(g) de Threoir 2006/112, arna leasú le Treoir 2008/8, ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas: ní leor é go bhfuil cuideachta a sholáthraíonn seirbhísí sóisialta cláraithe le comhlacht poiblí sa Bhallstát cánachais mar sholáthraí seirbhísí sóisialta i gcomhréir le reachtaíocht an Bhallstáit sin chun a mheas go dtagann an chuideachta sin faoin gcoincheap “[comhlacht a aithnítear é] a bheith tiomanta don dea-bhail shóisialta ag an mBallstát lena mbaineann”, de réir bhrí na forála sin, mura rud é go bhfuil an clárú sin faoi réir fíorú roimh ré ag na húdaráis náisiúnta inniúla maidir le cineál sóisialta na cuideachta sin chun críocha na forála sin. |