Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62021CA0542

    Cás C-542/21: Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an tOchtú Dlísheomra) an 20 Deireadh Fómhair 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón l’Augstākā tiesa (Senāts) – an Laitvia) –“Mikrotīkls” SIA v Valsts ieņēmumu dienests (Tarchur chun réamhrialú – Aontas custaim – Comhtharaif Chustaim – Ainmníocht Chomhcheangailte – Aicmiú taraife – Ceannteideal 8517 – Fo-cheannteidil 8517 70 11 agus 8517 70 19 – Aeróga le haghaidh feistí ródaithe)

    IO C 472, 12.12.2022, p. 21–22 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    12.12.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 472/21


    Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an tOchtú Dlísheomra) an 20 Deireadh Fómhair 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón l’Augstākā tiesa (Senāts) – an Laitvia) –“Mikrotīkls” SIA v Valsts ieņēmumu dienests

    (Cás C-542/21) (1)

    (Tarchur chun réamhrialú - Aontas custaim - Comhtharaif Chustaim - Ainmníocht Chomhcheangailte - Aicmiú taraife - Ceannteideal 8517 - Fo-cheannteidil 8517 70 11 agus 8517 70 19 - Aeróga le haghaidh feistí ródaithe)

    (2022/C 472/25)

    Teanga an cháis: an Laitvis

    An chúirt a rinne an tarchur

    Augstākā tiesa (Senāts)

    Páirtithe sna príomhimeachtaí

    Iarratasóir: Mikrotīkls” SIA

    Cosantóir: Valsts ieņēmumu dienests

    An chuid oibríochtúil

    Maidir le fo-cheannteideal 8517 70 11 den Ainmníocht Chomhcheangailte, a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle an 23 Iúil 1987, maidir leis an ainmníocht chustaim agus staitistiúil agus an Comhtaraif Chustaim, arna leasú le Rialachán (CE) Uimh. 254/2000 ón gComhairle an 31 Eanair 2000, arna leasú le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 927/2012 ón gCoimisiúin an 9 Deireadh Fómhair 2012 agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1001/2013 ón gCoimisiúin an 4 Deireadh Fómhair 2013,

    ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

    ní chlúdaítear leis aeróga le haghaidh feistí ródaithe, atá cumraithe le haghaidh cumarsáide i líonraí achair logánta (LAN) agus/nó líonraí achair fhairsing (WAN).


    (1)  IO C 462, 15.11.2021.


    Top