This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 62021CA0484
Case C-484/21, Caixabank (Limitation period): Judgment of the Court (Ninth Chamber) of 25 April 2024 (request for a preliminary ruling from the Juzgado de Primera Instancia No 20 de Barcelona – Spain) – F C C, M A B v Caixabank SA, formerly Bankia SA (Reference for a preliminary ruling – Consumer protection – Directive 93/13/EEC – Unfair terms in consumer contracts – Mortgage loan contract – Term stipulating that costs relating to the contract are to be paid by the consumer – Final judicial decision finding that term unfair and declaring it void – Action for restitution of the sums paid pursuant to the unfair term – Point from which the limitation period starts to run)
Cás C-484/21, Caixabank (Tréimhse teorann): Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an Naoú Dlísheomra) an 25 Aibreán 2024 (iarraidh ar réamhrialú ó Juzgado de Primera Instancia no 20 de Barcelona – an Spáinn) – F C C, M A B v Caixabank SA, Bankia SA roimhe seo (Tarchur chun réamhrialú – Cosaint tomhaltóirí – Treoir 93/13/CEE – Téarmaí éagóracha i gconarthaí tomhaltóra – Conradh iasachta morgáiste – Téarma lena bhforáiltear do tháillí an chonartha a chur ar an tomhaltóir – Cinneadh breithiúnach críochnaitheach lena gcinntear téarmaí éagóracha an chonartha agus é a neamhniú – Caingean chun suimeanna a íocadh de bhun an téarma éagóraigh a aisíoc – Pointe óna dtosaíonn an tréimhse teorann)
Cás C-484/21, Caixabank (Tréimhse teorann): Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an Naoú Dlísheomra) an 25 Aibreán 2024 (iarraidh ar réamhrialú ó Juzgado de Primera Instancia no 20 de Barcelona – an Spáinn) – F C C, M A B v Caixabank SA, Bankia SA roimhe seo (Tarchur chun réamhrialú – Cosaint tomhaltóirí – Treoir 93/13/CEE – Téarmaí éagóracha i gconarthaí tomhaltóra – Conradh iasachta morgáiste – Téarma lena bhforáiltear do tháillí an chonartha a chur ar an tomhaltóir – Cinneadh breithiúnach críochnaitheach lena gcinntear téarmaí éagóracha an chonartha agus é a neamhniú – Caingean chun suimeanna a íocadh de bhun an téarma éagóraigh a aisíoc – Pointe óna dtosaíonn an tréimhse teorann)
IO C, C/2024/3563, 17.6.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/3563/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
C/2024/3563 |
17.6.2024 |
Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an Naoú Dlísheomra) an 25 Aibreán 2024 (iarraidh ar réamhrialú ó Juzgado de Primera Instancia no 20 de Barcelona – an Spáinn) – F C C, M A B v Caixabank SA, Bankia SA roimhe seo
(Cás C-484/21, Caixabank (Tréimhse teorann)) (1)
(Tarchur chun réamhrialú - Cosaint tomhaltóirí - Treoir 93/13/CEE - Téarmaí éagóracha i gconarthaí tomhaltóra - Conradh iasachta morgáiste - Téarma lena bhforáiltear do tháillí an chonartha a chur ar an tomhaltóir - Cinneadh breithiúnach críochnaitheach lena gcinntear téarmaí éagóracha an chonartha agus é a neamhniú - Caingean chun suimeanna a íocadh de bhun an téarma éagóraigh a aisíoc - Pointe óna dtosaíonn an tréimhse teorann)
(C/2024/3563)
Teanga an cháis: an Spáinnis
An chúirt a rinne an tarchur
Juzgado de Primera Instancia no 20 de Barcelona
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóirí: F C C, M A B
Cosantóir: Caixabank SA, Bankia SA roimhe seo
An chuid oibríochtúil
1) |
Maidir le hAirteagal 6(1) agus Airteagal 7(1) de Threoir 93/13/CEE ón gComhairle an 5 Aibreán 1993 maidir le téarmaí éagóracha i gconarthaí tomhaltóra, arna léamh i bhfianaise phrionsabal na héifeachtachta, ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas: cuirtear cosc leo ar thréimhse teorann i gcás aisíocaíocht costas atá íoctha ag an tomhaltóir, tráth an conradh á chur i gcrích le trádálaí, faoi théarma conarthach a bhfuil an nádúr éagórach arna chinneadh ag cinneadh breithiúnach críochnaitheach a tugadh tar éis na costais sin a íoc, ina dtosaíonn an tréimhse ar dháta na híocaíochta seo, gan beann ar an gceist an raibh nó an bhféadfadh go réasúnta go raibh an tomhaltóir ar an eolas mar gheall ar nádúr éagórach an téarma sin ag am an íocaíocht sin, nó sular bunaíodh go raibh an téarma sin ar neamhní leis an gcinneadh sin. |
2) |
Maidir le hAirteagal 6(1) agus Airteagal 7(1) de Threoir 93/13 ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas: cuirtear cosc leo ar thréimhse teorann i gcás aisíocaíocht costas atá íoctha ag an tomhaltóir faoi théarma conarthach atá curtha i gcrích ag trádálaí a measadh a bheith éagórach le cinneadh breithiúnach críochnaitheach, a thosóidh ar an dáta a d’eisigh an chúirt uachtarach náisiúnta breithiúnas níos luaithe, i gcás eile ar leith, lena ndearbhaítear go bhfuil téarma caighdeánach a fhreagraíonn don théarma sin don chonradh sin éagórach. |
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/3563/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)